Cnuasacht trágha/Taidhbhreamh ar Airgead

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
Cnuasacht trágha by Michael Sheehan
Taidhbhreamh ar Airgead
[ 8 ]

TAIḊḂREAṀ AR AIRGEAD.

Ḃí fear ann fad ó [anallód] agus do taiḋḃriġeaḋ dó go ḃfuiġḃeaḋ sé airgead agus gurab é an duine do ṫiuḃraḋ dó é ioná sean-duine beag liaṫ ar droiċ- ead maol Luimniġe. Ḃí sé cráiḋte ó ḃeiṫ ag taiḋḃreaṁ air agus aduḃairt sé le n-a ḃean [mnaoi] go mbfearr dó dul agus triail do ḃaint as.1 “Nár ḃaca Dia do leas duit,”2 arsa an ḃean leis, “is dóċa ná fuil ann aċt diṫ-céille.” “Ní ċaillfead aon rud leis,” ar sé sin, “imṫeóċad liom i mbáraċ.” D’imṫiġ agus nuair doċuaiḋ3 sé go dtí droiċead maol Luimniġe, do ḃí sean-duine beag liaṫ ag siuḃal anonn agus anall4 ar an droiċead. Do ḃeannaiġ an fear so don sean-duine, agus do ḃeannaiġ sé sin dó. Aċt do ṫuiteadar isteaċ ċum cainte le n-a ċéile5 agus d’innis an fear so don sean-duine cad as é agus cad ṫug innso é. “Go ḃfeuċa Dia ort,” arsa an sean-duine leis, “atáim-se ag taiḋḃreaṁ ar an rud ceudna sin le fada agus sé áit ṫaisbeánaḋ dam é d’ḟaġḃáil ann6 aċt in a leiṫéid seo de áit i gconntae Portláirge ar ṫalaṁ a leiṫéid seo [de] ḋuine.” D’innis sé ainm agus sloinne an ḟir dó. “Agus, is dóċa,” arsa an sean-duine leis, “gurab é an cleas ceudna agat-sa é.” “Má is mar sin é,” arsa an fear, “atá sé ċoṁ maiṫ ḋam casaḋ a [ 9 ]ḃaile arís.” “Atá, a ṁic ó, agus go n-éirġe an t-áḋ leat.” Do ċuir sé ċum bóṫair a ḃaile arís agus áṫas mór air, mar ba ġairid dó ḟéineaċ ag baile do ḃí an talaṁ a nduḃairt an sean-duine go raiḃ an t-airgeaḋ le faġḃáil aige féin. Nuair ṫáinig sé a ḃaile, d’innis sé do n-a ḃean [ṁnaoi] cad duḃairt an fear leis ar an droiċead. “Ó má is mar sin é,” arsa an ḃean, “atá an gnó deunta.7 Naċ mar sin do ṫaiḋḃriġeaḋ duit é gur[ab] ó ṡean-duine beag ar an droiċead doġeóḃṫá é agus naċ ṡin é gairid go leór duit é, má atá sé ann. Téiġmíd amaċ in ainm Dé anoċt nuair ḃeiḋ [ḃias] gaċ aoinneaċ in a gcodlaḋ agus bainimíd tástáil as.” Doċuadar agus ṫugadar ráṁan leó agus do ḃíodar ag pollaḋ agus ag róṁar nó go dtí gur ḃuail leac ṁór cloiċe leis an ráṁainn. Do noċt sé an leac ar fad innsin agus do ḃí sí ċoṁ trom is go ndóbair ná fuiġḃeaḋ [feudfaḋ] an ḃeirt aċa í do ṫógḃáil suas.8 Nuair do ṫógadar í, cad do ḃí ṫíos fúiṫe aċt corcán mór agus é lán de ór. Do ċaiṫeadar [do ba éigean dóiḃ] córda do ċur isteaċ i ngaċ cluais leis9 agus é do ṫaḃairt leó eatorra, ḃí sé ċom trom sin. Ṫugadar leó a ḃaile é, agus do ṫógadar an t-airgead agus do ḃíodar ag teaċt suas10 gaċ aon lá mar ba ṁaiṫ leó. Ba ait leis na coṁarsanaiḃ cadé a ċúis go raḃadar ag teaċt suas. Do ḃí feicsint eudaig orra.11

Ṫáinig aonaċ nó pátrún nó aeriġeaċt éigin innsin ar an mbaile. Do ḃíoḋ cábáin in a mbíoḋ feóil agus dinneur dá ḃeirḃaḋ. Aoinneaċ ar ṁaiṫ leis a ḋinneur do ṫógḃáil, do ḃí sé le faġḃáil aige ag an aonaċ. Ṫáinig bean ċábáin fá ḋéin tamaill de ċorcán ar an mbean [mnaoi] so. Aduḃairt sí léi go raiḃ corcán innsin amuiġ, agus é d’árdaċ12 [arduġaḋ] léi, ma ḃí aon tairḃe ḋí ann. Nuair do ḃí an corcán ag beirḃaḋ na feóla, do ḃí sé ag gealaḋ agus do ḃí an ṁeirg ag imṫeaċt de. Do [ 10 ]ḃuail an scoláire boċt isteaċ innsin agus do léiġ sé na litreaċa do ḃí ar an gcórcán. Sean-scríoḃaḋ éigin do ḃí ann fad ó [anallód] ba eaḋ do ḃí air.13 Is é an rud do ḃí scríoḃṫa air aċt gurḃ mó an corcán eile do ḃí le n-a ais ioná é sin. Nuair do léiġ an scoláire cad do ḃí scríoḃṫa air, d’ḟiarfaiġ sé de ḃean an tiġe, cá ḃfuair sí an corcán. Aduḃairt sí gur tamall de fuair sí. D’imṫiġ sé innsin ar ċeann na hoiḋċe,14 agus d’iarr sé lóistín ar ḃean [mnaoi] an ċorcáin. Aduḃairt sí go ḃfuiġḃeaḋ agus fáilte, “cibé mar doriġneamar tamall ó ċoin, do-ġeoḃaimíd feudfaimíd é do ṫaḃairt anois duit, agus fáilte.” “A ḃean an tiġe," arsa sé, “cá ḃfuair tú an corcán so.” “Is cuma cá ḃfuair mé é.” “Atá a ṫuilleaḋ,” arsa sé, “mar a[n] raiḃ an corcán so.” D’innis sí ḋó innsin cá ḃfuaraḋ [ḃfrioṫ] é. “Atá go maiṫ,” arsa an scoláire, “raġaimíd fá ḋéin an ceann [ċinn] eile, aċt ní mór dúinn congnaṁ.”15 “Téiġir fá ḋéin do ḋearḃráṫar,”16 arsa sí le n-a fear. “Atá go maiṫ,” ars an scoláire, “raġaimíd i dtríur17 ann anoċt.” Doċuaiḋ a ḋearḃráṫair innsin, agus an fear agus an scoláire boċt fá ḋéin an ċorcáin. Do ċuir an scoláire boċt innsin fear an tiġe leiṫ is amuiġ den ċlaiḋe, agus do ċuir sé an dear-ḃráṫair ag pollaḋ leis an ráṁainn. D’ḟan sé féin ós a ċionn in áirde18 go raiḃ an áit glan aige. Ċoṁ luaṫ is do ḃí sí glan aige, do ḃeir [do rug] an scoláire boċt ar an gcorcán, agus do ċaiṫ sé go dtí an dear-ḃráṫair eile ar an taoḃ is amuiġ den ċlaiḋe é. Doċuaiḋ an scoláire boċt agus an dearḃráṫair de léim ṫar an gclaiḋe. Ní raḃadar aċt ṫar an gclaiḋe nuair do ḃualaḋ an claiḋe. Doċuadar isteaċ innsin, agus do ḃí an coscán lán de ór buiḋe. Ṫug sé scair de don dearḃráṫair innsin agus scair eile don scoláire boċt.

An maiġistir do ḃí orra,19 do ḃí a ċuid ar caint [Eng.] agus báillí air agus i gcionn cúpla lá is eaḋ [ 11 ]do ḃí gaċ aon rud ċum dul ċum cinn.20 Aduḃairt an fear so le n-a ḃean [mnaoi] go mbfearr ḋó dul go dtí an maiġistir leis an gcíos, ó [dá] luiġead cíosa do ḃí orra, go mbféidir go ndeunfaḋ sé maiṫeas don maiġistir.

Aduḃairt sí sin leis go raiḃ sé ċoṁ maiṫ é do ḋeunaṁ, agus ar imṫeaċt don ḃfear,21 ní i dtaoḃ leis an gcíos d’imṫiġ sé mar ṫug sé ceallmán maiṫ den ór do ḃí insan ċorcán leis agus do- ċuaiḋ sé go dtí an maiġistir. Má doċuaiḋ, ní raiḃ an maiġistir ċum dul ag caint le haoinneaċ ar an am sin,22 mar do ḃí iomarca buaiḋearṫa air, aċt d’iarr an fear so ar an seirḃíseaċ é do leigint [leigean] ċum an ṁaiġistir d’feicsint mar go raiḃ gnó práinneaċ aige ḋe,23 agus do leigeaḋ isteaċ é agus doċuaiḋ sé ċum cainte leis. Nuair doċuaiḋ sé isteaċ, do ċuir an maiġistir na túrṫa fáilte roiṁe.24 D’ḟiarfaiġ sé ḋe cad ṫug innso é, “Ó ṫug díol ciosa leat,25 a ṁaiġistir,” arsa sé, “atá cíos seaċt mbliadna agat orm, a ṁaiġistir.” “Téiġir a ḃaile a ḟir ḃoiċt,” arsa sé, “agus caill leis na páistiḃ é,26 mar beiḋ mo ċuid se go léir," arsa sé, "cain- teáilte innso ag [ar] a dá ḃuille uair ḋeug. Ḃí sé ċoṁ maiṫ agat [duit] fuireaċ [fanaċt] insan mbaile mar is iomḋa cíos mar do ċios-sa do réiḋteóċaḋ mo ḃruid ar an am so.”27 “A ṁaiġistir,” arsa sé, “an mór é do ċuid fiaċa, nó cadé a ṁéid do réiḋteóċaḋ do ṗráinn anois?” “Atá,” arsa sé, “idir a trí agus a ceaṫair de ṁíltiḃ púnt.” “Ṁaiseaḋ, tiuḃrad-sa an méid sin duit agus a ṫuilleaḋ in a ḟoċair,” arsa an fear. “A ḋuine gan ċiall [céill],” arsa an maiġistir, "an ag magaḋ fúm atá tú? Cá ḃfuiġḃṫeá-sa an méid sin airgid?” “Is cuma ḋuit cá ḃfuaras é, aċt go ḃfuiġḃe tú féin anois é.” Aduḃairt sé leis suiḋe innsin má ba é a ṫoil é. Do ṡuiḋ sé innsin, é féin agus beirt nó triúr daoine uasla [uaisle] do ḃí in a ḟoċair. Do ċóṁairiġ an [ 12 ]feirmeóir amaċ innsin ceiṫre míle púnt ċuige. Ṫáinig iongantas ar na huaisliḃ cá ḃfuair sé an t-airgead. Do ġlaoḋ an maigistir ar ṡeirḃíseaċ agus aduḃairt sé leis dul agus stopaḋ do ċur leis an obair do ḃí ag teaċt air.28 “Ó doriġne tusa an ṁait doriġnis daṁ-sa, tiuḃra mise do ċuid-se ḋuit i gcionn na bliadna.29 Téiġir a ḃaile anois,” arsa sé, “agus téiġir ar an gcnoc is aoirde den stát, agus feuċ le do ḋá ṡéil ar an méid doċiḋfe tú de ṫalaṁ.30 Bíoḋ sin agat. Ní iarrfa mé aon leaṫ-ṗinge cíosa go bráṫ ort, aċt sraiṫe do ḋíol as.” Doċuaiḋ sé a ḃaile innsin, agus ṫug sé do n-a ḋearḃráṫair na hoċt n-acra do ḃí aige fein.

Public domain
This work is in the public domain in countries where the copyright term is the author's life plus 70 years or less. See Copyright.