Page:Cnuasacht trágha - Sheehan.djvu/20

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.

12

feirmeóir amaċ innsin ceiṫre míle púnt ċuige. Ṫáinig iongantas ar na huaisliḃ cá ḃfuair sé an t-airgead. Do ġlaoḋ an maigistir ar ṡeirḃíseaċ agus aduḃairt sé leis dul agus stopaḋ do ċur leis an obair do ḃí ag teaċt air.28 “Ó doriġne tusa an ṁait doriġnis daṁ-sa, tiuḃra mise do ċuid-se ḋuit i gcionn na bliadna.29 Téiġir a ḃaile anois,” arsa sé, “agus téiġir ar an gcnoc is aoirde den stát, agus feuċ le do ḋá ṡéil ar an méid doċiḋfe tú de ṫalaṁ.30 Bíoḋ sin agat. Ní iarrfa mé aon leaṫ-ṗinge cíosa go bráṫ ort, aċt sraiṫe do ḋíol as.” Doċuaiḋ sé a ḃaile innsin, agus ṫug sé do n-a ḋearḃráṫair na hoċt n-acra do ḃí aige fein.


BRIAN BOROIṀE AGUS NA LOĊLANNAIĠ.

Is é an t-sliġe fuair Brian Boroiṁe amas ar ḃreiṫ ar na Loċlannaċaiḃ1 aċt [ná] do ḃí sé ag gaḃáil an ḃóṫair lá agus do ḃí an ḃean agus gaċ aon liúġ aici2 agus do ċuir sé stad ar an ngiolla do ḃí ag tiomáint na gcapall dó. Ṫáinig sé anuas den ċárr do ḃí aige agus d’ḟiarfaiġ sé ḋí cadé an ċúis a raiḃ sí ag gol. Aduḃairt sí gurab é an leanḃ3 do ḃí innso aici, do ḃí sí ċum é do ṁarḃaḋ. D’ḟiarfaiġ sé ḋí cadé an ċúis é sin. Aduḃairt sí gurab é a fear d’fág órdúgaḋ aici an leanḃ do ṁarḃaḋ. “Cadé an ċúis é sin?” arsa sé. “Atá,” arsa sí, “atá sé ag faġḃáil ocrais.4 Atá sé ag obair i ḃfoċair na Loċlannaċ ṫíos fá ṫalaṁ agus ní ḋiongnaḋ sé tobac dó an méid atá sé d’ḟaġḃáil,5 ḋá ṗingin sa ló atá sé d’ḟaġḃáil.” “Cadé an ċúis,” arsa sé, “a gcuireaḋ an páiste gáire as, nuair do ċuirfeá-sa féin liúġ asat?”6 “Atá,”7 arsa sí, “mar nuair do ḃínn ċum é do ṡáiḋ, do ṫuiteaḋ an scian uaim.” “An ḃfuiġḃeaḋ t’ḟear a ḋeunaṁ amaċ dam cadé an t-sliġe a ndeunann siad coṁarṫaí do n-a ċéile?8 Ní ḃfuiġḃinn féin ná mo ċuid fear teaċt suas leó nuair ná feadairmíd cá