Page:Cnuasacht trágha - Sheehan.djvu/17

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.

9

ḃaile arís.” “Atá, a ṁic ó, agus go n-éirġe an t-áḋ leat.” Do ċuir sé ċum bóṫair a ḃaile arís agus áṫas mór air, mar ba ġairid dó ḟéineaċ ag baile do ḃí an talaṁ a nduḃairt an sean-duine go raiḃ an t-airgeaḋ le faġḃáil aige féin. Nuair ṫáinig sé a ḃaile, d’innis sé do n-a ḃean [ṁnaoi] cad duḃairt an fear leis ar an droiċead. “Ó má is mar sin é,” arsa an ḃean, “atá an gnó deunta.7 Naċ mar sin do ṫaiḋḃriġeaḋ duit é gur[ab] ó ṡean-duine beag ar an droiċead doġeóḃṫá é agus naċ ṡin é gairid go leór duit é, má atá sé ann. Téiġmíd amaċ in ainm Dé anoċt nuair ḃeiḋ [ḃias] gaċ aoinneaċ in a gcodlaḋ agus bainimíd tástáil as.” Doċuadar agus ṫugadar ráṁan leó agus do ḃíodar ag pollaḋ agus ag róṁar nó go dtí gur ḃuail leac ṁór cloiċe leis an ráṁainn. Do noċt sé an leac ar fad innsin agus do ḃí sí ċoṁ trom is go ndóbair ná fuiġḃeaḋ [feudfaḋ] an ḃeirt aċa í do ṫógḃáil suas.8 Nuair do ṫógadar í, cad do ḃí ṫíos fúiṫe aċt corcán mór agus é lán de ór. Do ċaiṫeadar [do ba éigean dóiḃ] córda do ċur isteaċ i ngaċ cluais leis9 agus é do ṫaḃairt leó eatorra, ḃí sé ċom trom sin. Ṫugadar leó a ḃaile é, agus do ṫógadar an t-airgead agus do ḃíodar ag teaċt suas10 gaċ aon lá mar ba ṁaiṫ leó. Ba ait leis na coṁarsanaiḃ cadé a ċúis go raḃadar ag teaċt suas. Do ḃí feicsint eudaig orra.11

Ṫáinig aonaċ nó pátrún nó aeriġeaċt éigin innsin ar an mbaile. Do ḃíoḋ cábáin in a mbíoḋ feóil agus dinneur dá ḃeirḃaḋ. Aoinneaċ ar ṁaiṫ leis a ḋinneur do ṫógḃáil, do ḃí sé le faġḃáil aige ag an aonaċ. Ṫáinig bean ċábáin fá ḋéin tamaill de ċorcán ar an mbean [mnaoi] so. Aduḃairt sí léi go raiḃ corcán innsin amuiġ, agus é d’árdaċ12 [arduġaḋ] léi, ma ḃí aon tairḃe ḋí ann. Nuair do ḃí an corcán ag beirḃaḋ na feóla, do ḃí sé ag gealaḋ agus do ḃí an ṁeirg ag imṫeaċt de. Do