Page:Cnuasacht trágha - Sheehan.djvu/13

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.

5

Do cuireaḋ isteaċ insan mbád an fear, agus amaċ leó. Do ḃí lantréir ag ceann de na fearaiḃ, agus cibé iompóḋ do ḃain sé as ṫug mé fá ndeara mar do ḃeaḋ culaiṫ airm ar ḃeirt de na fearaiḃ do ḃí insan mbád. D’imṫiġeadar leó ċum na fairrge agus a dtásc ná a dtuairisc ní ḟuair43 mé ó ċoin ṫall ná i ḃfus.

S.—Ba ṁór an t-iongantas é sin.

T.—Ba ṁór. Aċt eist leat. An dtugann tú fá ndeara dada le hais na cloiċe móire úd amuiġ a ḃfuil an sleaḃacán go léir uirri?

S.—Ó maite, tugaim. Doċiḋim rud éigin mar do ḃeaḋ baraille.

T.—Seo. Coingiġ se [congaiḃ] an lantréir daṁsa agus raġa mé amaċ fá n-a ḋéin [é do ḋul amaċ agus é do taḃairt leis isteaċ].44 Atá sé agam cibé rud atá ann. Árdaiġ an solus feuċaint an ḃfuiġḃinn aon ċloċ go mbuailfe mé an ceann síos tríd.—Óċ mo ċreaċ, níl dada ann aċt tuiġe.

S.—Ó ṁaiseaḋ, is olc an earraḋ fuaireamar anoċt ċum sinn do ṫógḃáil.

T.—Ó a ṁic ó, ní i gcoṁnuiḋe doġeiḃtear rudaí maiṫe. Insan ḃfairrge seo atá olṁaiṫeas45 an doṁain, agus is minic ṫugann sí uaiṫe cuid ṁaiṫ de. Níl aon ġnó againn innso anois, a ṁic ó. Atá sé ċoṁ maiṫ ḋuinn cur dínn a ḃaile. Seo, oiḋċe ṁaiṫ agat anois.

S.—Go n-éiriġe an t-áḋ leat.


AN BAILE FÁ AN ḂFAIRRGE

Bád í1 seo do ḃí ar an ḃfairrge ṫimceall potaí. Ceaṫrar fear bí innte—fear an ḃáid agus a ṁac agus beirt eile.

Ḃíodar lá breaġḋa gréine2 ar an ḃfairrge agus ṫáinig codlaḋ ar fear an ḃáid3 agus aduḃairt sé le n-a ṁac a ndinneur d’ḟaġḃáil do na fearaiḃ agus go