Cnó coilleadh craobhaighe/8

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
Cnó coilleadh craobhaighe by Michael Sheehan
VIII
[ 15 ]

VIII.

Gearrċaile.—Gaḃ [an] ċraoḃ, gaḃ [an] ċraoḃ!

An Ṁáṫair.—Caiṫ uait an ċoindleoir agus an sgian anois, atá siad i gcrann. A Ċáitín, rioṫ isteaċ agus taḃair ċuġam amaċ mo ṡean-ḟalaing atá istiġ ar an ráca, go leaṫaimíd anuas orra é go dtiucfaiḋ an fionn-ḟuaras um ṫráṫnóna.

An Scoláire.—Caidé an ċúis díḃ ḃeiṫ ag bualaḋ na coindleora nuair do ḃí na beaċa ag imṫeaċt?

An Ṁáṫair.—Ċum an saiṫe do ċur i gcrann. Is dóċa go gcuireann an ceol sáṁán orra ċum luiġe ar an gcrann.

An Scoláire.—Ná déanfaḋ aon ḟocal eile iad aċt na focail sin, “gaḃ [an] ċraoḃ, gaḃ [an] ċraoḃ”?

An Ṁáṫair.—Ní ḋéanfaḋ, mar ná taḃarfaidís [ 16 ]aon toraḋ ar aon ḟocal eile. Nár airiġ tú riaṁ go raiḃ ciall ag na beaċaiḃ agus go mbailiġeann siad leo a gcuid meala ó ċoilltiḃ na gcraoḃ?

An Scoláire.—An luiġeann siad coṁ gairid sin do’n tiġ i gcoṁnuiḋe?

An Ṁáṫair.—Masa ṁuise, ní luiġid. Mar ḃíonn cuid de na beaċaiḃ an-ċrosta, agus b’ḟéidir go n-imṫeóċaidís trí ṁíle go minic agus raġaidís san áit ná fuiġḃṫí teaċt orra ċoiḋċe. B’ḟéidir go raġaidís síos i siminé duine eile. Má ġeoḃaḋ an duine sin teaċ orra baḋ leis féin iad, aċt adeir siad gur le áḋ nó mí-áḋ ṫeiḋeann saiṫe beaċ go dtí ti’ [teaċ] ḋuine eile. Aċ má seaḋ féin, is dóċa ná cuirfeaḋ aoinne uaiḋ iad. Is minic gur le áḋ ṫagann siad go dtí duine, agus b’ḟéidir nár ṁóide sin ná iad do ḋul leis an mí-áḋ ċuige. Is minic ḃaineadar siuḃal maiṫ asainn, nuair do raġaidís i ḃfad ó ḃaile. Cuiṁniġim go maiṫ tar éis eadarṡuṫ Doṁnaiġ, nuair d’éiriġ saiṫe ar ḃean ḃí ar an mbaile, agus d’imṫiġ gasraḋ againn-ne as a ndiaiḋ, óg agus aosta, agus níor stadadar gur ċuadar síos i lár Faill an Staicín. Do ċuadar isteaċ i bpoll agus ní ḟuaraḋ teaċt orra ó ṡoin, agus meireaċ [muna mbeaḋ] mé féin do ḃeaḋ mac na mná marḃ sa ḃfaill, mar do ċuaiḋ sé síos go dtí leaṫ na faille ar a ndiaiḋ agus ní ḟuair sé teaċt orra. Ar a ċasaḋ aníos dó, do ḃí garsún eile ar ḃarr na faille, agus do ṡleaṁnaiġ cloċ ṁór síos uaiḋ. Do ḃí sí ag teaċt anuas sa ċeann ar an té ḃí ṫíos. Nuair liuġas air agus do ṫóg sé a ċeann, do ḋruid sé anonn ḋá ċoiscéim agus d’imṫiġ an ċloċ síos ins an áit ċéadna in a raiḃ sé. Dá mbuailfeaḋ sí air, do ḃí sé in a ṗíosaiḃ miona ṫíos ag cloċaiḃ na tráġa. Ṫáinig gaċ aoinne a ḃaile agus ṫugadar buiḋeaċas le Dia, gibé an rud ḋein na beaċa ná raiḃ an garsún marḃ.

An Scoláire.—Ba ṁaiṫ do sgair sé. Naċ mór [ 17 ]an seó go raiḃ ann teiċeaḋ ón gcloiċ leis an sgannraḋ?

An Ṁáṫair.—Do ḃí, masa. Is dóċa gurab é Dia do ḋein dó é, agus gan é ḃeiṫ le marḃaḋ.

An Scoláire.—Agus cad ḋéanfaiḋ siḃ anois leis na beaċaiḃ, nó cá gcuirfiḋ siḃ iad?

An Ṁáṫair.—Cuirfimíd ’sa ċruiceoig iad.

An Scoláire.—Agus caidé an rud é cruiceog?

An Ṁáṫair.—Ó ’sé, caḃair Dé ċuġainn, ḃfuil tú ċoṁ dall mar sin? Caidé an saġas duine tú, ná feadair tú caidé an rud é cruiceog. Rioṫ isteaċ, a Ċáitín, agus taḃair amaċ í go ḃfeiciḋ sé í.

An Scoláire.—Ó ’b í [an í] sin í? Ó is minic do-ċonnaic mé ceann aca sin, aċt ní raiḃ a ḟios agam caidé an gnó do ḃeaḋ dé. Agus an raġaiḋ siad féin isteaċ innte uaṫa féin?

An Ṁáṫair.—Masa raġaid, mar caiṫfiḋ siad dul isteaċ innte, mar níl aon ḟonn reaṫa anois orra. Atá an fionn-ḟuaras aca. Níl uaṫa anois aċt dul isteaċ in a mboṫáinín, agus rud d’ḟaġḃáil le n-iṫe agus dul a [do] ċodlaḋ dóiḃ féin.

An Scoláire.—Agus cad ġeoḃaiḋ siad le n-iṫe?

An Ṁáṫair.—Ġeoḃaiḋ siad a ndóṫain de ṡiúcaire ruaḋ na mbeaċ.

An Scoláire.—Agus an íosaiḋ siad é?

An Ṁáṫair.—Íosaid, agus is maiṫ an gnó leo é d’ḟaġḃáil le n-iṫe.

An Scoláire.—Agus cionnas ḟanfaiḋ siad istiġ sa ċruiceoig?

An Ṁáṫair.—A Ṁáirín, glaoḋ amaċ ar Ṡeán go mbainfiḋ sé slat dam agus go socróċaiḋ mé isteaċ sa ċruiceoig í, agus cíḋfiḋ sé seo cionnas fanfaiḋ siad istiġ sa ċruiceoig.

An Scoláire.—Cionnas ċuirfiḋ tú an t-slat isteaċ innte?

An Ṁáṫair.—Déanfaiḋ mé ḋá leaṫ dí agus cuirfiḋ mé treasna innte gaċ leaṫ aca, agus [ 18 ]ċuimileóċaiḋ mé an siúcaire ḋíoḃ, agus geallaim duit gur mear raġaiḋ na beaċa in aċrann ionnta nuair ġeoḃaiḋ siad an siúcaire le n-iṫe. Corruiġ ort, a Ṡeáin. Atá sé ag teaċt deiḋeanaċ. Déan ḋá leaṫ de’n t-slait sin go mear agus sgrios an croiceann dé go gcuirimíd isteaċ iad fé [sul] dtiocfaiḋ an drúċt orra.

An Scoláire.—Cia leis an leanḃ so?

An Ṁáṫair.—Liom-sa í sin.

An Scoláire.—Ní ḟeadar an ḃfuil aon ḟios aici-sin mar ġeall ar na beaċaiḃ.

An Ṁáṫair.—Fiafruiġ dí é; b’ḟéidir go mbeaḋ

An Scoláire.—Caidé a ṁéid sgiaṫán ḃíonn ar ḃeac [ḃeiċ]?

An Leanḃ.—Bíonn ceiṫre cinn, ḋá ċeann ḃeaga ġairide agus ḋá ċeann ṁóra ḟada; bíonn sé cosa fúṫa, agus aon ċealg aṁáin aca.

An Ṁáṫair.—Féaċ sin leat.

An Scoláire.—Agus cad ḃíonn na beaċa a [do] ḋéanaṁ sa cruiceoig?

An Leanḃ.—Bíonn siad ag obair dóiḃ féin go dian ag déanaḋ meala agus céireaċ.

An Scoláire.—Cionnas ġeiḃtear teaċt ar an mil?

An Leanḃ.—Caiṫtear na beaċa do ṁúċaḋ le briomstún [ruiṁ].

An Ṁáṫair.—Sin é an t-sean-ṡliġe ḃí ann fad ó ċum teaċt ar an mil. Atá rudaí nua ag teaċt amaċ gaċ aon lá. Atá cruiceog aḋmaid anois ag daoiniḃ agus ní gáḃaḋ ḋóiḃ na beaċa do ṁúċaḋ in aon ċor. Ġeoḃaiḋ siad teaċt ar an mil gan baint leis na beaċaiḃ. Is dóiġ liom go gcaiṫfiḋ mé uaim na sean-ċruiceoga so go ḃfuiġḃiḋ mé ceann de na ceannaiḃ nua so. Mar is mór an ḃodaráil na sean-ċinn seo cum ḃeiṫ ag gaḃáil dóiḃ.

An Scoláire.—An ḃfuil aon ḃeaċ fá leiṫ ann nó an mar a ċéile iad ar fad?

[ 19 ]An Ṁáṫair.—Atá a ḟios aici go maiṫ go ḃfuil. Innis dó é.

An Leanḃ.—Atá an ṁáṫair-ál agus an ḃainrioġain agus an ḃeaċ-ṫarraingṫe. B’ḟearr liom na beaċa fiaḋaine ná na beaċa ḃíonn sna cruiceogaiḃ mar ḃíonn cuasnóg aca agus ġeoḃainn teaċt ar an mil uaṫa gan aon trioblóid naċ go minic go gcuireann siad cealg i mo láiṁ nó i mo aġaiḋ mara mbeaḋ éadaċ uirre agam.

An Scoláire.—Cia aca de sna beaċaiḃ is deise?

An Leanḃ.—Is deise na beaċa fiaḋaine mar ḃíonn gaċ aon daṫ orra. Bíonn siad buiḋe mar ḃeaḋ ór, agus dearg agus duḃ agus clúṁ an-ṫiuġ orra agus cosa an-ṫéagarṫa agus baḋ ḋeas leat iad.

An Scoláire.—Agus má atá siad ċoṁ deas sin agus go dtaiṫniġeann siad leat ċoṁ maiṫ caidé an ċúis ná fágann tú an ṁil aca mar lón i gcóir an ġeiṁriḋ agus gan iad do ḃeiṫ ag faġḃáil ḃáis leis an ocras?

An Ṁáṫair.—Ní ḟanann siad i sna cuasnógaiḃ sa ngeiṁreaḋ in aon ċor, imṫiġeann siad leo féin agus téiḋeann siad i bpollaiḃ i sna claḋṫaċaiḃ. Is minic ġeoḃṫá cuasnóg sa ngeimreaḋ agus ní ḃeaḋ mil ná beaċ innte act na cíoraċa follaṁa.—Atá gaċ aon rud socair againn anois. Atá na beaċa istiġ. Leagaimíd ar an leac [lic] anois iad agus fágaimíd ann iad in ainm Dé. Atá sé in am dúinn dul isteaċ ċum na prátaí. Is dóċa go ḃfuil siad beirḃiġṫe ag Siġle.