Page:Cnó coilleadh craobhaighe - Sheehan.djvu/23

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.

17

an seó go raiḃ ann teiċeaḋ ón gcloiċ leis an sgannraḋ?

An Ṁáṫair.—Do ḃí, masa. Is dóċa gurab é Dia do ḋein dó é, agus gan é ḃeiṫ le marḃaḋ.

An Scoláire.—Agus cad ḋéanfaiḋ siḃ anois leis na beaċaiḃ, nó cá gcuirfiḋ siḃ iad?

An Ṁáṫair.—Cuirfimíd ’sa ċruiceoig iad.

An Scoláire.—Agus caidé an rud é cruiceog?

An Ṁáṫair.—Ó ’sé, caḃair Dé ċuġainn, ḃfuil tú ċoṁ dall mar sin? Caidé an saġas duine tú, ná feadair tú caidé an rud é cruiceog. Rioṫ isteaċ, a Ċáitín, agus taḃair amaċ í go ḃfeiciḋ sé í.

An Scoláire.—Ó ’b í [an í] sin í? Ó is minic do-ċonnaiċ mé ceann aca sin, aċt ní raiḃ a ḟios agam caidé an gnó do ḃeaḋ dé. Agus an raġaiḋ siad féin isteaċ innte uaṫa féin?

An Ṁáṫair.—Masa raġaid, mar caiṫfiḋ siad dul isteaċ innte, mar níl aon ḟonn reaṫa anois orra. Atá an fionn-ḟuaras aca. Níl uaṫa anois aċt dul isteaċ in a mboṫáinín, agus rud d’ḟaġḃáil le n-iṫe agus dul a [do] ċodlaḋ dóiḃ féin.

An Scoláire.—Agus cad ġeoḃaiḋ siad le n-iṫe?

An Ṁáṫair.—Ġeoḃaiḋ siad a ndóṫain de ṡiúcaire ruaḋ na mbeaċ.

An Scoláire.—Agus an íosaiḋ siad é?

An Ṁáṫair.—Íosaid, agus is maiṫ an gnó leo é d’ḟaġḃáil le n-iṫe.

An Scoláire.—Agus cionnas ḟanfaiḋ siad istiġ sa ċruiceoig?

An Ṁáṫair.—A Ṁáirín, glaoḋ amaċ ar Ṡeán go mbainfiḋ sé slat dam agus go socróċaiḋ mé isteaċ sa ċruiceoig í, agus cíḋfiḋ sé seo cionnas fanfaiḋ siad istiġ sa ċruiceoig.

An Scoláire.—Cionnas ċuirfiḋ tú an t-slat isteaċ innte?

An Ṁáṫair.—Déanfaiḋ mé ḋá leaṫ dí agus cuirfiḋ mé treasna innte gaċ leaṫ aca, agus ċuimil-