Page:Cnó coilleadh craobhaighe - Sheehan.djvu/24

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.

18

eóċaiḋ mé an siúcaire ḋíoḃ, agus geallaim duit gur mear raġaiḋ na beaċa in aċrann ionnta nuair ġeoḃaiḋ siad an siúcaire le n-iṫe. Corruiġ ort, a Ṡeáin. Atá sé ag teaċt deiḋeanaċ. Déan ḋá leaṫ de’n t-slait sin go mear agus sgrios an croiceann dé go gcuirimíd isteaċ iad fé [sul] dtiocfaiḋ an drúċt orra.

An Scoláire.—Cia leis an leanḃ so?

An Ṁáṫair.—Liom-sa í sin.

An Scoláire.—Ní ḟeadar an ḃfuil aon ḟios aici-sin mar ġeall ar na beaċaiḃ.

An Ṁáṫair.—Fiafruiġ dí é; b’ḟéidir go mbeaḋ

An Scoláire.—Caidé a ṁéid sgiaṫán ḃíonn ar ḃeac [ḃeiċ]?

An Leanḃ.—Bíonn ceiṫre cinn, ḋá ċeann ḃeaga ġairide agus ḋá ċeann ṁóra ḟada; bíonn sé cosa fúṫa, agus aon ċealg aṁáin aca.

An Ṁáṫair.—Féaċ sin leat.

An Scoláire.—Agus cad ḃíonn na beaċa a [do] ḋéanaṁ sa cruiceoig?

An Leanḃ.—Bíonn siad ag obair dóiḃ féin go dian ag déanaḋ meala agus céireaċ.

An Scoláire.—Cionnas ġeiḃtear teaċt ar an mil?

An Leanḃ.—Caiṫtear na beaċa do ṁúċaḋ le briomstún [ruiṁ].

An Ṁáṫair.—Sin é an t-sean-ṡliġe ḃí ann fad ó ċum teaċt ar an mil. Atá rudaí nua ag teaċt amaċ gaċ aon lá. Atá cruiceog aḋmaid anois ag daoiniḃ agus ní gáḃaḋ ḋóiḃ na beaċa do ṁúċaḋ in aon ċor. Ġeoḃaiḋ siad teaċt ar an mil gan baint leis na beaċaiḃ. Is dóiġ liom go gcaiṫfiḋ mé uaim na sean-ċruiceoga so go ḃfuiġḃiḋ mé ceann de na ceannaiḃ nua so. Mar is mór an ḃodaráil na sean-ċinn seo cum ḃeiṫ ag gaḃáil dóiḃ.

An Scoláire.—An ḃfuil aon ḃeaċ fá leiṫ ann nó an mar a ċéile iad ar fad?