Page:Cnó coilleadh craobhaighe - Sheehan.djvu/25

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.

19

An Ṁáṫair.—Atá a ḟios aici go maiṫ go ḃfuil. Innis dó é.

An Leanḃ.—Atá an ṁáṫair-ál agus an ḃainrioġain agus an ḃeaċ-ṫarraingṫe. B’ḟearr liom na beaċa fiaḋaine ná na beaċa ḃíonn sna cruiceogaiḃ mar ḃíonn cuasnóg aca agus ġeoḃainn teaċt ar an mil uaṫa gan aon trioblóid naċ go minic go gcuireann siad cealg i mo láiṁ nó i mo aġaiḋ mara mbeaḋ éadaċ uirre agam.

An Scoláire.—Cia aca de sna beaċaiḃ is deise?

An Leanḃ.—Is deise na beaċa fiaḋaine mar ḃíonn gaċ aon daṫ orra. Bíonn siad buiḋe mar ḃeaḋ ór, agus dearg agus duḃ agus clúṁ an-ṫiuġ orra agus cosa an-ṫéagarṫa agus baḋ ḋeas leat iad.

An Scoláire.—Agus má atá siad ċoṁ deas sin agus go dtaiṫniġeann siad leat ċoṁ maiṫ caidé an ċúis ná fágann tú an ṁil aca mar lón i gcóir an ġeiṁriḋ agus gan iad do ḃeiṫ ag faġḃáil ḃáis leis an ocras?

An Ṁáṫair.—Ní ḟanann siad i sna cuasnógaiḃ sa ngeiṁreaḋ in aon ċor, imṫiġeann siad leo féin agus téiḋeann siad i bpollaiḃ i sna claḋṫaċaiḃ. Is minic ġeoḃṫá cuasnóg sa ngeimreaḋ agus ní ḃeaḋ mil ná beaċ innte act na cíoraċa follaṁa.—Atá gaċ aon rud socair againn anois. Atá na beaċa istiġ. Leagaimíd ar an leac [lic] anois iad agus fágaimíd ann iad in ainm Dé. Atá sé in am dúinn dul isteaċ ċum na prátaí. Is dóċa go ḃfuil siad beirḃiġṫe ag Siġle.


IX.

Do-ċonnaic an scoláire na leanḃaí ag súgraḋ lá, agus ag déanaṁ a gcluiċe aoiḃneasa. Is aṁlaiḋ do-ġnídís, leanḃ díoḃ do ḃeiṫ ag rioṫ anall ’s anonn idir gaċ aon ḃeirt agus na focail ḃíoḋ eile—“atá fáinne ar mo láiṁ-se agus atá sé bog te agus aoinne