Cnó coilleadh craobhaighe/7

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
Cnó coilleadh craobhaighe by Michael Sheehan
VII
[ 13 ]

VII.

An Scoláire.—Go mbeirimíd slán ar an am so arís, atá an foġṁar dá ḃaint. Dia ḋíḃ, a ṁná. An ag ceangal atá siḃ?

Na Mná.—Dia a’s Muire ḋuit a’s Pádraig.

S.—Is trom an gort arḃair í, bail ó Ḋia a’s ó Ṁuire uirre.

Na Mná.—a ṁaite, seaḋ, ba ġnáṫaċ léiṫe. Ḃí an ṗáirc seo riaṁ go maiṫ ċum barraí, agus i mbasa is maiṫ an práta ḃíoḋ ann leis.

S.—Ó ṁaiseaḋ, deacair orra mar ṗrátaí, atá siad an-ṫaomnaċ, atá gaċ aon rud ar a dtí. Baineann sé le deallraḋ ná hoireann siad do nádúir na talṁan. Atá siad díreaċ ar nós an turcaiḋe. Atá an doṁan peataireaċta ag baint leo. Ó áit strainséarḋa ṫángadar an ċéad lá, an práta agus an turcaiḋe. Do ṫeipeadar [ṫeibeadar] ċeana orainn agus b’ḟéidir go dteipfidís arís. Annsin do ḃeaḋ gorta againn. Agus naċ aindeis ḃeiṫ ag braṫ ar a leiṫéidiḃ sin?

Bean Ċeangail.—Ó ṁaiseaḋ, níl aon rud ann naċ cainteanna; níl aon rud níos milse ná an práta. Níor ḃfiú liom suiḋe ċum dínnéir gan iad. Féaċ ar an bpunann sin. Beir uirre, meáḋaiġ an ṁeáḋaċtain [meaḋaċan] atá innte.

S.—Níl aon tuairim agam innte, naċ [aċt] féaċann sé go breáġ buiḋe, slaċtṁar, agus meáḋta leis.

B. Ċ.—Maite, sí an ṁeáḋaċtain go léir aċt an toraḋ do ḃeiṫ innte.

S.—Nár ṁaiṫ an rud í an tuiġe?

B. Ċ.—Ó is maiṫ í an tuiġe do’n té d’oirfeaḋ sí ḋó naċ an té ná hoirfeaḋ b’ḟearr ḋó toraḋ an ġráinne.

S.—Agus ná beaḋ an oiread tairḃe ḋó sin innte le haoinne? Naċ luaċ airgid í dá mbaḋ aṁlaiḋ ’s dó í ḋíol?

[ 14 ]B. Ċ.—Atá an méid sin ráiḋte go maiṫ agat, aċt féaċ ar an méid scláḃuiḋeaċta agus an méid dod ċuid aimsire atá caiṫte agat léiṫe. Caiṫfiḋ tú í ḃaint agus í ċeangal de’n t-sraiṫ, studaí do ḋéanaṁ ḋí, agus annsin tar éis beagán aimsire stácaí do ḋéanaṁ ḋí. Agus seaċtṁain ’na ḋiaiḋ í ṫarlóḋ, annsin í ḃualaḋ agus í ċáiṫeaḋ, agus, dá mbaḋ ṗráinn dí, an dara leigint [léigean] do ṫaḃairt dí; í líonaḋ sna málaiḃ annsin agus í ċur i gcóir do’n gceannaiġṫeoir. Agus gibé luaċ airgid atá faġṫa agus is maiṫ atá sé ceannaiġṫe agat.

S.—D’airiġinn go mbíoḋ croiḋléis ṁór aca fadó le linn ’s iad do ḃeiṫ ag bualaḋ an arḃair. Ní ḟeadar an mbíonn a leiṫéid de ġnó anois aca?

B. Ċ.—Oċ mo ċiaċ ṫú, an mar sin atá ṫú? Naċ anois atá an ċroḋléis ar fad aca ó ṫáinig na maisíní seo amaċ? Bíonn rinnce agus ceol agus aṁráin ó oiḋċe go maidin aca. Níor ḋóiġ leat naċ pósaḋ é.

S.—Agus an mbíonn a leiṫéid sin de ġnó ar siuḃal aca tar éis an lá oibre agus obair ḋian leis, lá maisíne? Nár ḋóiġ leat gur ḃfearr ḋóiḃ dul a [do] ċodlaḋ ḋóiḃ féin agus codlaḋ sáṁ a ḋéanaṁ tar éis tuirse an lae.

B. Ċ.—Ó ṁaiseaḋ go ḃféaċaiḋ Dia ar do ċloigeann, b’ḟearr leo babṫa rinnce ná a rinneadar de ċodlaḋ i rioṫ na bliaḋna.

Spealadóir.—Éist, a ḃean. Cá mór dóiḃ caiṫeaṁ aimsire ċoṁ fada is ná déanfaidís aon díoġḃáil ná iomarca de’n ól. Nár ṁaiṫ an rud rionn beag croiḋléis tar eis an lá oibre? Bíonn siad ag tnúṫán le n-a leiṫéid agus cuireann sé meisneaċ ionnta ċum níos mó oibre do ḋéanaṁ.

B. Ċ.—Ní ḟeadar an mbeaḋ aon ṁaiṫ ionat ċum an leiṫéid seo d’obair do ḋéanaṁ?

S.—Níor ċuaiḋ mé riaṁ ag ceangal ar mo ṗáiḋ [ 15 ]aċt is dóiġ go ḃfuiġḃinn é ḋéanam dá dtaisbeainfeá ḋam é.

Spealadóir.—Ó ṁaiseaḋ a ṁic ó is fearr ḋuit an ċéird [ċeárd] atá agat.

B. Ċ.—Beir mar sin uirre agus buail isteaċ le d’ ċosaiḃ í. Tarraing anois a dó nó ar trí ḋe laistíḃ ḋé agus déan cuiḃreaċ díoḃ. Coiméad ceann an laiste id’ láiṁ ċlé. Bain casaḋ aiste annsin, buail ṫimceall na punanna anois í. Snamnaig [snaiḋm] anois í. Maiṫ an buaċaill tú. Caiṫ de ṫiar [ar an taoḃ ṫiar] díot anois é.

Spealadóir.—An té ḋéanann an obair is fiú luaċsaoṫair do taḃairt dó. Caiṫfimíd cuireaḋ do ṫaḃairt duit lá buailte an arḃair.

Na Mná. -Ó ṁaiseaḋ, caiṫfimíd. Atá deallraḋ ceart rinnceóra air. Atá an ċois [ċos] go héadtrom aige ar aon ċuma.

Scoláire.—Ní ḟeadair aoinne caidé an áit de’n doṁan in a mbéinn-sé an lá sin.