Cnó coilleadh craobhaighe/6

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
Cnó coilleadh craobhaighe by Michael Sheehan
VI
[ 10 ]

VI.

Sioḃán.—Dia agus Muire ḋíḃ annso.

Máire.—Dia agus Muire ḋuit agus Pádraig. Is mór an raḋarc do ṡúiliḃ tinne tú d’ḟeicsint, nó ní ḟeadar cad ḋeineamar as an t-sliġiḋ ort. Ní ḟacamar leis na ciantaiḃ ṫú.

Sioḃán.—Masa níor ḋein siḃ dada. B’ḟearr ḋam mo láṁ do leagaint [leagaḋ] ar seo. Bail ó Ḋia ar an obair, in ainm an aṫar, an ṁic ’s an spioraid naoiṁ. Atá an sean-nós agaiḃ-se i gcoṁnuiḋe.

Máire.—Maite, nós ḃí ag ár n-aṫair ag ár máṫair agus a ġaḃ roṁainn. Ní ḃeiḋmíd-ne go deo ċoṁ maiṫ leo.

Sioḃán.—Masa, a ḃean an tiġe, is mór an mórtas cuigeann d’feicsint. Is iongantaċ d’iontaiġ an saoġal amaċ ar fad agus ar leaṫad.

Máire.—Masa, sin é mar atá, inġean ó, gaċ aon rud ag dul ar an tsaorgáid [saorḋáil].

An Scoláire.—Cia aca ḋéarfá is fearr ḋíolfaḋ do ṫuarastal leat?

Máire.—Cad dó atá tú dá ṫagairt sin.

An Scoláire.—Atá mé ag tagairt do tiġ an uaċtair agus do’n t-sean-láṁ.

Máire.—Ó, seaḋ, anois ṫuigim tú. Níor ṫástáil mé riaṁ fós teaċ an uaċtair. Ḋéarfaḋ daoine leat gur fearr ḋíolfaḋ teaċ an uaċtair do ṫuarastal leat ná an t-sean-ṡliġe, iad so ḃfuil an dá ṡliġe tástálta aca.

Sioḃán.—Maite creidim go ḃfuil briste ar an gcuiginn. Ḃfuil Nóra annsin? Abair léiṫe [ 11 ]brostuġaḋ uirre go mear agus uisge do ṫaḃairt léiṫe le haġaiḋ an im do niġe.

Máire.—Ní ḟeadar an dóiġ leat an ḃfuil sí bailiġṫe?

Sioḃán.—B’ḟéidir go mbaḋ fearr ḋuit leanaṁaint dí tamaillín beag eile.

Máire.—Faġ an tubán dam go sgaoilfiḋ mé amaċ cuid de’n mbláṫaċ dí. Seo, a ḃuaċaill óig, deoċ de’n mbláṫaċ duit. Bíonn sí folláin.

An Scoláire.—Go raiḃ maiṫ agat a ḃean an tiġe, b’ḟéidir go ndéanfaḋ sí maiṫ ḋom’ inċinn. Maite atá sí seo go breáġ. Ḃí an-ṫart orm tar éis broṫaill an lae.

Máire.—Ó, a ḃuaċaill óig, nár airiġ tú riaṁ go raiḃ leiġeas i mbláṫaċ?

Scoláire.—Caidé an sórt galair ḃfuil leiġeas innte ḋó? Sin rud nár airiġeas fós aċt ní haon iongantas liom é, mar is iomḋa rud nua airiġ mé ó ṫáinig mé annso.

Máire.—D’airiġinn ag an t-sean-ṁuinntir i gcoṁnaiḋe go mbíoḋ leiġeas innte do ṡlaġdán agus d’airġinn aca leis go raiḃ sí go maiṫ do’n ċaḃail. Nuair do ḃíoḋ na páistí annso agam tinn leis an triuċ, ṫugaḋ an t-sean-ḃean, beannaċt Dia le n-a hanam, buidéal bláṫaiġe ċuċa gaċ aon lá ó ṫiġ coṁursan dúinn mar ná raiḃ aon ḃó againn ḟéin san uair ċéadna agus, maite, do ḃraiṫinn tar éis beagán laeṫeannta go ndéanaḋ sí maiṫ ṁór dóiḃ sa t-sliġiḋ go ndéanfainn ó ṡoin go ḃfuil maiṫ sa mbláṫaċ.

Sioḃán.—Bail ó Ḋia a’s ó Ṁuire uirre, atá measgán breáġ ime agat indiu. Naċ breáġ cruiḋ atá sé an t-am so de ḃliaḋain.

An Scoláire.—Is dóċa go ndéanann feaḃas na talṁan go leor dé.

Máire.—Is maiṫ é a ċonġaṁ ċuige aċt atá go leor rudaí eile in iongnais feaḃas na talṁan agus [ 12 ]is dóċa gur ṁaiṫ an rud steall de grásda Dé isteaċ le gaċ aon rud eile.

Sioḃán.—An ċuid is mó atá ó’n im aċt glanaċar [glaine] agus aireaċas.

Máire.—Atá go leor talṁaintí agus ní ḃíonn aon soċar aca ar an mbainne an t-am so de ḃliaḋain. Is aṁlaiḋ ḃíonn an t-im aca ’na ġruṫ.

An Scoláire.—Is deacair an t-im d’ḟaġḃáil ’na ċeart. Atá go leor rudaí ag baint leis, agus, má ṫeipeann [ṫeibeann] aon ċuid aca sin ort, beiḋ ṫiar ar an im. Do léiġeas as leaḃar go gcaiṫfeaḋ an oiread sin teas do ḃeiṫ sa mbarraille nó sa tiġ a mbeaḋ an bainne ann, agus na ba do ḃeiṫ ar foġnaṁ, agus gan oiread a’s le haon tor aṁáin de droċ-luiḃ do ḃeiṫ ag fás ar fuaid na talṁan.

Sioḃán.—Maite is deacair dó ḃeiṫ go maiṫ, nuair atá an oiread sin ċum díoġḃáil do ḋéanaṁ ḋó. Is deacair dó gan ceann éigin aca do ṫeaċt ’na ċoinne.

Máire.—Agus cá ḃfágfá luċt piseog?

An Scoláire.—Á, ní ċreidfinn go ḃfuil a leiṫéid sin in aon ċor ann. Liḃ féin riṫeann na rudaí sin. Ná cuireaḋ an saoġal in a luiġe oraiḃ go ḃfuiġḃeaḋ luċt piseog a leiṫéid sin de ġnó do ḋéanaṁ.

Máire.—Maite, a ḃuaċaill óig, n’ḟeadar mé. Do-ċonnaic mé féin cuid de’n ġnó i dtiġ a raḃas. An t-im annsúd agus é ’na ġruṫ, agus ná féadfá dul ’na ġoire le bolaḋ. Agus féaċ féin, ná taisbeánfaḋ sin duit go ḃfuil diaḃlaiḋeaċt éigin ar bun aca?

An Scoláire.—Náċ cuiṁin leat cad aduḃairt mé ó ċianaiḃ, go ḃfuil an oiread sin uait le haġaiḋ é d’ḟaġḃáil.

Máire.—Ó ’se, leig dúinn féin. Ná fuil a ḟios againn caidé an rud é im? Ná fuilmíd riaṁ ag gaḃáil dó, agus cur a ḃaile na haimsire seo ní airiġeamar riaṁ. Ná biḋiḋ in ár [dár] mboḋraḋ leo.