Page:Cnó coilleadh craobhaighe - Sheehan.djvu/18

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.

12

is dóċa gur ṁaiṫ an rud steall de grásda Dé isteaċ le gaċ aon rud eile.

Sioḃán.—An ċuid is mó atá ó’n im aċt glanaċar [glaine] agus aireaċas.

Máire.—Atá go leor talṁaintí agus ní ḃíonn aon soċar aca ar an mbainne an t-am so de ḃliaḋain. Is aṁlaiḋ ḃíonn an t-im aca ’na ġruṫ.

An Scoláire.—Is deacair an t-im d’ḟaġḃáil ’na ċeart. Atá go leor rudaí ag baint leis, agus, má ṫeipeann [ṫeibeann] aon ċuid aca sin ort, beiḋ ṫiar ar an im. Do léiġeas as leaḃar go gcaiṫfeaḋ an oiread sin teas do ḃeiṫ sa mbarraille nó sa tiġ a mbeaḋ an bainne ann, agus na ba do ḃeiṫ ar foġnaṁ, agus gan oiread a’s le haon tor aṁáin de droċ-luiḃ do ḃeiṫ ag fás ar fuaid na talṁan.

Sioḃán.—Maite is deacair dó ḃeiṫ go maiṫ, nuair atá an oiread sin ċum díoġḃáil do ḋéanaṁ ḋó. Is deacair dó gan ceann éigin aca do ṫeaċt ’na ċoinne.

Máire.—Agus cá ḃfágfá luċt piseog?

An Scoláire.—Á, ní ċreidfinn go ḃfuil a leiṫéid sin in aon ċor ann. Liḃ féin riṫeann na rudaí sin. Ná cuireaḋ an saoġal in a luiġe oraiḃ go ḃfuiġḃeaḋ luċt piseog a leiṫéid sin de ġnó do ḋéanaṁ.

Máire.—Maite, a ḃuaċaill óig, n’ḟeadar mé. Do-ċonnaic mé féin cuid de’n ġnó i dtiġ a raḃas. An t-im annsúd agus é ’na ġruṫ, agus ná féadfá dul ’na ġoire le bolaḋ. Agus féaċ féin, ná taisbeánfaḋ sin duit go ḃfuil diaḃlaiḋeaċt éigin ar bun aca?

An Scoláire.—Náċ cuiṁin leat cad aduḃairt mé ó ċianaiḃ, go ḃfuil an oiread sin uait le haġaiḋ é d’ḟaġḃáil.

Máire.—Ó ’se, leig dúinn féin. Ná fuil a ḟios againn caidé an rud é im? Ná fuilmíd riaṁ ag gaḃáil dó, agus cur a ḃaile na haimsire seo ní airiġeamar riaṁ. Ná biḋiḋ in ár [dár] mboḋraḋ leo.