Page:Cnó coilleadh craobhaighe - Sheehan.djvu/17

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.

11

ġaḋ uirre go mear agus uisge do ṫaḃairt léiṫe le haġaiḋ an im do niġe.

Máire.—Ní ḟeadar an dóiġ leat an ḃfuil sí bailiġṫe?

Sioḃán.—B’ḟéidir go mbaḋ fearr ḋuit leanaṁaint dí tamaillín beag eile.

Máire.—Faġ an tubán dam go sgaoilfiḋ mé amaċ cuid de’n mbláṫaċ dí. Seo, a ḃuaċaill óig, deoċ de’n mbláṫaċ duit. Bíonn sí folláin.

An Scoláire.—Go raiḃ maiṫ agat a ḃean an tiġe, b’ḟéidir go ndéanfaḋ sí maiṫ ḋom’ inċinn. Maite atá sí seo go breáġ. Ḃí an-ṫart orm tar éis broṫaill an lae.

Máire.—Ó, a ḃuaċaill óig, nár airiġ tú riaṁ go raiḃ leiġeas i mbláṫaċ?

Scoláire.—Caidé an sórt galair ḃfuil leiġeas innte ḋó? Sin rud nár airiġeas fós aċt ní haon iongantas liom é, mar is iomḋa rud nua airiġ mé ó ṫáinig mé annso.

Máire.—D’airiġinn ag an t-sean-ṁuinntir i gcoṁnaiḋe go mbíoḋ leiġeas innte do ṡlaġdán agus d’airġinn aca leis go raiḃ sí go maiṫ do’n ċaḃail. Nuair do ḃíoḋ na páistí annso agam tinn leis an triuċ, ṫugaḋ an t-sean-ḃean, beannaċt Dia le n-a hanam, buidéal bláṫaiġe ċuċa gac aon lá ó ṫiġ coṁursan dúinn mar ná raiḃ aon ḃó againn ḟéin san uair ċéadna agus, maite, do ḃraiṫinn tar éis beagán laeṫeannta go ndéanaḋ sí maiṫ ṁór dóiḃ sa t-sliġiḋ go ndéanfainn ó ṡoin go ḃfuil maiṫ sa mbláṫaċ.

Sioḃán.—Bail ó Ḋia a’s ó Ṁuire uirre, atá measgán breáġ ime agat indiu. Naċ breáġ cruiḋ atá sé an t-am so de ḃliaḋain.

An Scoláire.—Is dóċa go ndéanann feaḃas na talṁan go leor dé.

Máire.—Is maiṫ é a ċonġaṁ ċuige aċt atá go leor rudaí eile in iongnais feaḃas na talṁan agus