Page:Cnó coilleadh craobhaighe - Sheehan.djvu/20

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.

14

B. Ċ.—Atá an méid sin ráiḋte go maiṫ agat, aċt féaċ ar an méid scláḃuiḋeaċta agus an méid dod ċuid aimsire atá caiṫte agat léiṫe. Caiṫfiḋ tú í ḃaint agus í ċeangal de’n t-sraiṫ, studaí do ḋéanaṁ ḋí, agus annsin tar éis beagán aimsire stácaí do ḋéanaṁ ḋí. Agus seaċtṁain ’na ḋiaiḋ í ṫarlóḋ, annsin í ḃualaḋ agus í ċáiṫeaḋ, agus, dá mbaḋ ṗráinn dí, an dara leigint [léigean] do ṫaḃairt dí; í líonaḋ sna málaiḃ annsin agus i ċur i gcóir do’n gceannaiġṫeoir. Agus gibé luaċ airgid atá faġṫa agus is maiṫ atá sé ceannaiġṫe agat.

S.—D’airiġinn go mbíoḋ croiḋléis ṁór aca fadó le linn ’s iad do ḃeiṫ ag bualaḋ an arḃair. Ní ḟeadar an mbíonn a leiṫéid de ġnó anois aca?

B. Ċ.—Oċ mo ċiaċ ṫú, an mar sin atá ṫú? Naċ anois atá an ċroḋléis ar fad aca ó ṫáinig na maisíní seo amaċ? Bíonn rinnce agus ceol agus aṁráin ó oiḋċe go maidin aca. Níor ḋóiġ leat naċ pósaḋ é.

S.—Agus an mbíonn a leiṫéid sin de ġnó ar siuḃal aca tar éis an lá oibre agus obair ḋian leis, lá maisíne? Nár ḋóiġ leat gur ḃfearr ḋóiḃ dul a [do] ċodlaḋ ḋóiḃ féin agus codlaḋ sáṁ a ḋéanaṁ tar éis tuirse an lae.

B. Ċ.—Ó ṁaiseaḋ go ḃféaċaiḋ Dia ar do ċloigeann, b’ḟearr leo babṫa rinnce ná a rinneadar de ċodlaḋ i rioṫ na bliaḋna.

Spealadóir.—Éist, a ḃean. Cá mór dóiḃ caiṫeaṁ aimsire ċoṁ fada is ná déanfaidís aon díoġḃáil ná iomarca de’n ól. Nár ṁaiṫ an rud rionn beag croiḋléis tar eis an lá oibre? Bíonn siad ag tnúṫán le n-a leiṫéid agus cuireann sé meisneaċ ionnta ċum níos mó oibre do ḋéanaṁ.

B. Ċ.—Ní ḟeadar an mbeaḋ aon ṁaiṫ ionat ċum an leiṫéid seo d’obair do ḋéanaṁ?

S.—Níor ċuaiḋ mé riaṁ ag ceangal ar mo ṗáiḋ