Cnó coilleadh craobhaighe/9

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
Cnó coilleadh craobhaighe by Michael Sheehan
IX
[ 19 ]

IX.

Do-ċonnaic an scoláire na leanḃaí ag súgraḋ lá, agus ag déanaṁ a gcluiċe aoiḃneasa. Is aṁlaiḋ do-ġnídís, leanḃ díoḃ do ḃeiṫ ag rioṫ anall ’s anonn idir gaċ aon ḃeirt agus na focail ḃíoḋ eile—“atá fáinne ar mo láiṁ-se agus atá sé bog te agus aoinne [ 20 ]a ḃfuil gráḋ agam dó, buailfiḋ mé air.” Agus annsin do ḃuaileaḋ sé buille sa ċeann ar duine aca agus d’éiriġeaḋ seisean agus do leanaḋ sé isteaċ a’s amaċ, sior a’s siar é, nó go mbeireaḋ sé air. Do ṡuiḋeaḋ an ċéad duine annsin agus do ṫéiġeaḋ an ceann eile ṫimċeall ag déanaṁ an ċleasa céadna. Agus mar sin dóiḃ ó ḋuine go ċéile go mbaḋ ar an duine deiḋeanaċ do ḃeaḋ an tóir do ċur orra agus baḋ ḋóiġ leat go mbrisidís a gcosa ag teiċeaḋ roiṁe. B’ait leis an scoláire an cleas sin agus mar do b’áil leis duine dá ṁíniuġaḋ ḋó rug sé ar an gceann deiḋeanaċ díoḃ agus do ċuir d’ḟiaċaiḃ air an ċeist do réiḋteaċ dó.

An Scoláire.—Agus an ḃfuil aon cluiċe eile agaiḃ dá iongnais sin.

An Buaċaillín.—Atá ṁaiseaḋ, carn. Atá “sgaoileaḋ an uisge,” “geataí árda” agus “girrḟiaṫ amaċ” dóbair go gcuidfeaḋ “girrfeaḋ amaċ” deireaḋ liom lá de’m ṡaoġal. Do ḃíos im ġirrḟiaḋ agus duine eile im ḋiaiḋ mar ċú, do ḃíos ag rioṫ ċoṁ mear le heagla go ḃfuiġḃṫí greim orm gur ṫuiteas i ndiaiḋ mo ċinn síos i bpoll agus do ṡíleas go raḃas marḃ.

S.—Baḋ ḋóiġ le duine ort, a ġarsúin, go ḃfuil tú an-aosda.

B.—Gibé aos atá agam do ḃain sin dam.

S.—Agus ’dé ’n t-aos atá agat?

B.—Atá mé seaċt mbliaḋna ċum na feil’ Miċíl seo ċuġainn.

S.—Naċ léir atá tú ar d’aois?

B.—’Dé ċúis ná béinn? Nár airig mé mo ṁáṫair dá ráḋ an lá fá ḋeireaḋ go raiḃ dá bliaḋain ag Tomáisín orm. Agus atá seisean naoi mbliaḋna.

S.—Agus mo ḋearṁad, dóbair ná cuiṁneóċainn ar a ḟiafruiḋe ḋíot mar ġeall ar na cluiċṫiḃ eile. Innis dam cionnas ḋéanann siḃ “sgaoileaḋ an uisge.”

B.—B’féidir go mbeaḋ fiċe duine againn ann agus [ 21 ]greim againn ar láṁaiḃ a ċéile. D’imṫeóċaḋ ar duine deiḋeanaċ amaċ fá osgailliḃ an ċéad ḃeirt agus gaċ aoinne eile in a ḋiaiḋ agus do leanfaidís orra mar sin agus b’ḟéidir go raġaidís míle sliġe fé [sul] stadfaidís agus go deiṁin do ḃeidís corṫa go maiṫ ag casaḋ a ḃaile ḋóiḃ. Agus maran [muna] raiḃ a ḟios agat cionnas do ḋéanfaiḋe “sgaoileaḋ an uisge” bíoḋ a ḟios anois agat.

S.—D’airig mé saġas éigin eile cluiċe ag na páistíḃ an oiḋċe fá ḋeireaḋ. Is dóiġ liom gur “druingide, draingide” ḃíodar a ráḋ. An ḃfeadair tú ḋam aon rud mar ġeall air?

B.—I mbasa ṁaiseaḋ atá a ḟios, mar is minic, do ḋeineas féin é. Is minic ṫug sé guailne teo ḋam. Cuir do ċeann i mo ḃeinn agus taisbeáinfead duit é. Caiṫfiḋ mé do ġuailne do ḃualaḋ le mo ḋá ḋorn ar linn ’s ḃeaḋ mé ag ráḋ na ḃfocal.

“Druingide draingide
Ar ċnáṁ do cruite-se,
Taiḋse má taiḋse,
Laiḋre má laiḋre,
Ḃfuil an gaḃa duḃ annsin,
Atá se amuiġ annsin;
Aduḃairt sé liom-sa
Dul go dtí an ċeárdċan,
Boilg a ṡéideaḋ,
Spící a ḋéanaṁ;
Húra, hára hup
’Dé ṁéid aḋarc ar mo ṗéire poc?“

S.—Cad é an ḃríġ atá leis sin, ’Dé ṁéid aḋarc ar mo ṗéire poc?"

B.—Sin iad méarna mo láṁ agus caiṫfir-se a ṫoṁas ’dé ṁéid méar ḃeid in áirde agam-sa agus mara [muna] mbeiḋ ḟios agat, caiṫfiḋ ṫú luiġe síos arís agus cuirfead-sa “Druingide” eile ort.

S.—O seaḋ is dóiġ liom go ḃfuil sé agam anois, [ 22 ]aċt caiṫfiḋ na focail ḃeiṫ go ceart agam. Fan go ndéarfaiḋ mé ḋuit iad.

B.—Diaḃal seo aċt tú. Atá an-ṁeaḃair agat.

S.—Níl leaṫ-ḃaoġal orm, ṁaiseaḋ. Lá maiṫ agat anois. Atá deiṫeanas go dtí ’n té orm.

B.—B’feidir gur maiṫ leat "Lúrapac lárapoc" a ḃeiṫ agat.

S.—Baḋ ṁaiṫ, ṁaiseaḋ, an ċéad lá eile.