Page:Cnó coilleadh craobhaighe - Sheehan.djvu/28

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.

22

aċt caiṫfiḋ na focail ḃeiṫ go ceart agam. Fan go ndéarfaiḋ mé ḋuit iad.

B.—Diaḃal seo aċt tú. Atá an-ṁeaḃair agat.

S.—Níl leaṫ-ḃaoġal orm, ṁaiseaḋ. Lá maiṫ agat anois. Atá deiṫeanas go dtí ’n té orm.

B.—B’feidir gur maiṫ leat "Lúrapac lárapoc" a ḃeit agat.

S.—Baḋ ṁaiṫ, ṁaiseaḋ, an ċéad lá eile.


X.

An Scoláire.—Ḃíomar ag traċt an lá deiḋeanaċ ar lúrapac lárapac, agus an inneosfá dam cionnas ḋéantar é?

An Buaċaillín—Ó ’sé masa, ’neosad. Suiḋ annso síos agus cuir méar de gaċ láiṁ ar mo ġlún agus cuirfead-sa mo ṁéarna in a ḃfoċair. Tagaiḋ i leiṫ annso, a ḃuaċaillí, go ndéanfaimíd lúrapac lárapac go dtaisbeáinfimíd do an ḃfear boċt so cionnas é do ḋéanaṁ. Is dóċa ná faca sé mórán de na sean-ċluiċṫiḃ seo riaṁ. Cuireaḋ gaċ aoinne agaiḃ a ḋá ṁéir ar mo ġlún. Ḃfuil siḃ go léir socair anois?

An Scoláire agus na Buaċaillí.—Atáimíd.

An Buaċaillín.—Seaḋ, má seaḋ, siúd ċuige sinn. Bead-sa ag imṫeaċt ó méar go méar agus mé ag ráḋ na ḃfocal so,

“Lúrapoc lárapoc,
Bóṫáinín éidín,
Iongan mac is steo,
Corráinteoir buailteoir,
Buille beag ar ḃarr bata,
Liom-sa agus leat-sa,
Síos go dtí
Tón an tiġe,
Plubóg ḃuiḋe na dtor,
Atá na caoiriġ ṫíos
Ag glaoḋaċ ort."