Page:Cnó coilleadh craobhaighe - Sheehan.djvu/29

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.

23

Is ort-sa do ṫuit an focal deiḋeanaċ. Tóg-se do ṁéar anois. Leanfad-sa orm go dtí go mbeiḋ an duine deiḋeanaċ cóiṁriġṫe agam agus caiṫfiḋ seisean dul síos go dtí an doras, agus fanaiḋ go léir im ḟoċair-se. Taḃarfaiḋ mise ainm ar gaċ aoinne agaiḃ agus orm féin, agus ar an té atá ag an doras. Cuiṁniġiḋ anois ar an ainm ṫaḃarfaiḋ mise oraiḃ. Tusa an corcán, tusa an cróca, tusa boiscín an ċabailéara, tusa an taoḃán, tusa an portalla, tusa an cúpla, tusa an gaḃal-éadan, agus mise an boimbéal, agus fear an dorais an ṗiniuir. Atá siḃ ar fad baistiġṫe anois. Raġad-sa síos go dtí fear an dorais agus déarfad leis, “A ḟir ṁuinntearḋa, atá fearaiḃ [fir] ṁóra ṁaiṫe annso do ḃainfeaḋ na láṁa agus na cosa ḋíot.”

Fear an Dorais.—Cia hiad sin le do ṫoil?

An Buaċaillín.—Atá annso an corcán, atá annso an cróca, atá annso an ċaṫaoir, atá annso an oiġean, atá annso an ṁias, atá annso boiscín an ċabailéara, atá annso an taoḃán, atá annso an portalla, atá annso an cúpla, atá annso an gaḃal-éadan, agus atá annso an boimbéal, agus atá annso an ṗinniuir, agus cia aca sin is fearr leat?

Fear an Dorais.—Sgaoil ċuġam an ṗinniuir.

An Buaċaillín.—Is maiṫ rinnis agus glaoḋaċ ar do ainm féin. Tar a ḃaile anois agus méar i do ḃéal agat. Téiḋ ṫar n-ais arís go dtí an doras agus fan ann go glaoḋfaiḋ tú ar ainm ḋuine éigin ṫaḃarfaiḋ as tú.

An Scoláire.—Cad ḋéanfaiḋ tú anóis.

An Buaċaillín.—Déanfaiḋ mé na hainmneaċa do ṡóinseáil agus a ṁalairt d’ainm do ṫaḃairt ar gaċ duine agus cead ġlaoḋaċ do ṫaḃairt do ḟear an dorais arís.

An Scoláire.—Agus má ġlaoḋann sé ar aon ainm aċt ar a ainm féin, cad is cor dó?