Page:Cnó coilleadh craobhaighe - Sheehan.djvu/27

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.

21

greim againn ar láṁaiḃ a ċéile. D’imṫeóċaḋ ar duine deiḋeanaċ amaċ fá osgailliḃ an ċéad ḃeirt agus gaċ aoinne eile in a ḋiaiḋ agus do leanfaidís orra mar sin agus b’ḟéidir go raġaidís míle sliġe fé [sul] stadfaidís agus go deiṁin do ḃeidís corṫa go maiṫ ag casaḋ a ḃaile ḋóiḃ. Agus maran [muna] raiḃ a ḟios agat cionnas do ḋéanfaiḋe “sgaoileaḋ an uisge” bíoḋ a ḟios anois agat.

S.—D’airig mé saġas éigin eile cluiċe ag na páistíḃ an oiḋċe fá ḋeireaḋ. Is dóiġ liom gur “druingide, draingide” ḃíodar a ráḋ. An ḃfeadair tú ḋam aon rud mar ġeall air?

B.—I mbasa ṁaiseaḋ atá a ḟios, mar is minic, do ḋeineas féin é. Is minic ṫug sé guailne teo ḋam. Cuir do ċeann i mo ḃeinn agus taisbeáinfead duit é. Caiṫfiḋ mé do ġuailne do ḃualaḋ le mo ḋá ḋorn ar linn ’s ḃeaḋ mé ag ráḋ na ḃfocal.

“Druingide draingide
Ar ċnáṁ do cruite-se,
Taiḋse má taiḋse,
Laiḋre má laiḋre,
Ḃfuil an gaḃa duḃ annsin,
Atá se amuiġ annsin;
Aduḃairt sé liom-sa
Dul go dtí an ċeárdċan,
Boilg a ṡéideaḋ,
Spící a ḋéanaṁ;
Húra, hára hup
’Dé ṁéid aḋarc ar mo ṗéire poc?“

S.—Cad é an ḃríġ atá leis sin, ’Dé ṁéid aḋarc ar mo ṗéire poc?"

B.—Sin iad méarna mo láṁ agus caiṫfir-se a ṫoṁas ’dé ṁéid méar ḃeid in áirde agam-sa agus mara [muna] mbeiḋ ḟios agat, caiṫfiḋ ṫú luiġe síos arís agus cuirfead-sa “Druingide” eile ort.

S.—O seaḋ is dóiġ liom go ḃfuil sé agam anois,