Tír na n-Iongantas/32

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
Tír na n-Iongantas by Pádraic Ó Conaire
XXXII
[ 73 ]

XXXII.

Ṫáinigeadar. Ṫáinig na mílte míle díoḃ as gaċ áird de’n ḟoraois, agus is cinnte go mbéaḋ dream beag ó ṫíortaiḃ tar lear ann, dá ḃfuiġidís an ċuireaḋ. Ḃí an ġrian ag dul faoi nuair ṫosaiġ an obair mar [ 74 ]duḃairt an t-uḃalaċán nár réiḋtiġ solus na greine le n-a ṡúiliḃ.

I ndoire aoiḃinn cois an loċáin ḃí an cruinniuġaḋ aca, agus sé an fiaċ duḃ a toġaḋ n-a uaċtarán orṫa.

“Tá an aois aige mara ḃfuil an tuigsint,” ars’ an t-Uḃalaċán ós íseal, mar ċeap sé go mb’e féin a ṫoġ- faiḋe. Ċuala an Ċaróg é, agus ó ḃí sé an-ṁuintearḋa leis an ḃfiaċ duḃ, agus an dearg-ġráin aige ar an uḃalaċán, ċuir sé glaoḋ as agus duḃairt:

“A ċáirde,” ar sé, “ḃfuil sé de ċead ag aon éan gránda dall ár n-uaċtaran a ṁaslaḋ?”

“Níl! Níl!” ar siad uile go mí-ċeólṁar.

D’ḟéaċ an Ċaróg i dtreó an Uḃalaċáin go tarcuis- neaċ.

“An t-Uḃalaċán sin arís,” ars’ an Dreóilín. Cuir- fiḋe an ruaig air maraċ an t-uaċtarán féin.

Annsin ṫosaig obair na féise.

Ṫáinig cosaṁlaċt na céille i súiliḃ an uḃlaċáin. Ċuir sé smaċt ar luċt na féise, Ní raḃadar ar aon intinn faoi Ṁáire. Cuid aca a ráḋ gurḃ éan í agus cuid eile a ráḋ narḃ eaḋ. Ḃí an t-iolar go feargaċ dána.

Ag iarráiḋ ċur n-a luiġe orra gurḃ éan ceart ḃí aca innti. Cuireaḋ n-a aġaiḋ go mór.

“Aċt féaċ na sgiaṫáin ata uirṫi,” ars’ an Préaċán go fonoṁoideaċ.

“Agus na cosa atá fúiṫi!” ars’ an Ċorr,

“Éan atá againn annseo,” ars’ an tIolar, “naċ eaḋ?” ar sé ag breiṫ greim sgórnaiġ ar an gcuirr

Ó! Seaḋ! Seaḋ!” ars’ an Ċorr agus é ġá ṫaċtaḋ.

Rinne sé an ċleas céadna le n-a lán eile gur adṁuiġeadar gurḃ éan ḃí aca ann.

“Téiḋeaḋ éan agaiḃ ag triall ar an leoṁan,” ars’ an t-Iolar go huġdarásaċ “agus abair leis go gcaiṫfiḋ sé an t-éan atá faoi ċuing aige a ḟuasgailt.”

“Ṫú féin a Iolair,” arsa éan beag a ḃí i ḃfolaċ faoi ċupóig “tá meas mór ag ainṁiḋe agus ag éan ort....”

[ 75 ]“Tá rud eile ar m’ aire,” ars’ an t-Iolar, “tá ocras ag teaċt orm ċeana féin.”

An Caislín beag ḃí i n-aice leis, ḋruid sé amaċ uaiḋ Ḃí sé i n-aiṁreas ar an éan ṁór!

“An t-Uḃlaċán!” arsa éan eile.

“Ba ṁór an onóir ḋom ḃur dteaċtaireaċt a ḋéanaṁ aċt ní réiḋtiġeann solus na gréine le mo ṡúiliḃ mar is eól díḃ. Tá sé n-a ṁaidneaċan ċeana féin,” agus isteaċ leis i bpoll crainn go deifireaċ.

“An Traḋna!”

Ṫáinig éan naċ ḃfeictear aċt go hannaṁ sa láṫaír.

“Raċainn ann ’s fáilte,” ar sé “aċt naċ bfuil ḟios ag an saoġal naċ ḃfuil an ċainnt go máiṫ agam. An t-aon ṗort aṁáin, sin a ḃfuil agam faraoir.”

Annsin cuiṁniġeaḋ go mba ró-ṁór an dúil bí ag an traḋna i dtíorṫaiḃ iasaċta, agus cuireaḋ an ruaig air,

“An Peileacan!”

Laḃair éan mór codramánta.

“Níor rug mo ċéile aċt ḋá uiḃ le deiċ mbliadna,” ar sé go brónaċ, “tá uḃ díoḃ ġá gor anois aici agus súil againn le ál breáġ, agus le cead na cuideaċtan raċad aḃaile anois.”

Faoi ḋeireaḋ cuireaḋ ar ċrannaiḃ é, agus ṫuit an crann ar an Dreóilín.

Annsin rinne an t-uaċtarán oráid ḃreáġ. A leiṫéid de ċainnt ḃríoġṁar níor cluineaḋ le bliaḋantaiḃ fada i ḃforaois na leoṁan. Mol sé do’n Dreóilín ḃeiṫ dána borb; duḃairt sé leis go raiḃ éanlaiṫ uile na foraoise réiḋ le díoġaltas a ḃaint de na leoṁain dá ngortadaois é. “agus bí cinnte,” ar sé, “i ndeireaḋ na cainnte, naċ mbeiḋ do ċéile agus t’ál gan coṫuġaḋ má eiriġeann aon ċeó ḋuiṫ”

Molaḋ an ċainnt sin, agus d’imṫiġ an dreóilín leis agus misneaċ mór aige.