Page:Tír na n-Iongantas - Ó Conaire.djvu/81

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.

73

aċt táim ag eirġe dall freisin,” ar sé n-a intinn féin nuair ċuaiḋ Máire Ḃán as aṁarc air, “An tseanaois atá ag teaċt orm. Ní fada uaim an bás—aċt ċonn- aiceas cuid ṁaiṫ le mo ṡaoġal....”

Ċonnaic sé Máire Ḃán n-a suiḋe ag bun crainn i ḃfogus dó.

D’ḟéaċ sé uirṫi go géar leis an tsúil ċlé; annsin d’iompaiġ sé a ċeann, agus d’ḟéaċ níos seaċt ngéire uirṫi leis an tsúil ḋeis.

B’ḟacṫas dó gur aiṫniġ sé í. Rí sé cinnte go ḃfaca sé ċeadna í i n-áit éigin, aċt ce’n áit? Ṫosaiġ sé ag smaoineaḋ, ar nós na ḃfiaċ duḃ, aċt ní raiḃ réiḋteaċ na ceiste aige, gur ċrom Máire ar aṁrán a ġaḃail. Annsin d’aiṫniġ sé í. Aċt an fiaċ duḃ boċt! Ní raiḃ aon ċeapaḋ aige aċt gur ḃain sí le n-a ċineál féin. Ní ḟaca sé cluṁ ná cleit uirṫi ċeana. I gcoṁluadar na leoṁan ċonnaic sé i gcoṁnaiḋe í, aċt ḃí sé cinnte anois gur ḃain sí le treiḃeaċaiḃ an aéir, aċt go raiḃ draoiḋeaċt éigin ag an gcloinn leoṁain uirṫi. Ċaiṫeaḋ sé í a ḟuasgailt. Leig sé cág uirṫi, aċt níor ṫug Máire Ḃár aon áird air. Ġoill sé sin go mór air. Ba mór an truaiġ é a leiṫéid de ḋoċra uasal ḃeiṫ faoi ċuing ag aon ċeaṫra. Ba mór ċreideaṁaint ḋó dá ḃféadfaḋ sé í ḟuasgailt ó ġreim na leoṁan. Ḃí ciall aige ṫar mar ḃí ag aon éan eile dá raiḃ san ḃforaois, nó ċeap sé féin go raiḃ—agus is ionann sa gcás é— aċt b’ḟacṫas dó nár ṁór ḋó an ċaḃair. Muna raiḃ na leoṁar líonṁar ḃíodar láidir. Ġlacaḋ sé coṁairle le n-a ṁuinntir.

Ċuir sé gairmsgoile amaċ ċuig éanlaiṫ na foraoise ṫeaċt i ḃfoċair a ċéile i gceann trí lá leis an gceist ṁór a ṗléiḋ.


XXXII.

Ṫáinigeadar. Ṫáinig na mílte míle díoḃ as gaċ áird de’n ḟoraois, agus is cinnte go mbéaḋ dream beag ó ṫíortaiḃ tar lear ann, dá ḃfuiġidís an ċuireaḋ. Ḃí an ġrian ag dul faoi nuair ṫosaiġ an obair mar