72
agus ċuir sí i n-aiṁréiḋ n-a cuid gruaige iad. Fuair sí bláṫa aoiḃne annsin agus rinne fleasg díḃ, agus ċuir sí timċeall ar a muineál é, agus ceann eile n-a ċrios faoi n-a ċom. Ṡocraiġ sí na cleiteaċa ba ḟuide ḃí ann, san dá ḟleasg go raiḃ culaiṫ aoiḃinn aéraċ déanta aici ḋi féin de ḃláṫaiḃ míne agus de ċlúiṁ agus de ċleiteaċaiḃ!
Ba ḃreáġ an rud ḃeiṫ ag féaċaint uirṫi ag daṁsaḋ ar an gcarraig faoi loinnir na gréine agus an feisteas sin uirṫi. Ní aṁáin go ndéanaḋ sí daṁsa ar an gcar- raig, aċt ṫéiḋeaḋ sí ó ġéig go géig go beó haicliḋe ag leigint uirṫi gurḃ éan í, agus go raiḃ sí i n-ann gluais- eaċt san aér ar sgiaṫán ċoṁ maiṫ le—seaḋ, ċoṁ maiṫ le dreóilín, ar ċaoi ar ḃiṫ!
Is beag nár ḋearmad sí an Búrla boċt ag féaċainnt uirṫi féin san loċán agus ag imṫeaċt go meiḋreaċ ó ċraoiḃ go craoiḃ!
Tugtar cluas dom anois mar tá rud iongantaċ le ráḋ agam. Rud níos iongantaiġe ná é níor ṫárla ariaṁ i dTír na nIongantas ná i nÉirinn féin.
An sean-ḟiaċ duḃ a ċaiṫ a ṡaoġal ar ḃárr ċrainn n-aice le pluais na leoṁan, ṫáinig fonn air faoi’n am seo cuid de’n tír ḟeiċeál agus cuairt ṫaḃairt ar a ṡlioċt, agus air ṡlioċt a ṡleaċta i ngaċ áird dá raḃadar. Agus cá mbéaḋ sé nuair a ḃí a ċulaiṫ ḃreáġ ċluṁ déanta ag Máire Ḃáin, aċt ar ġeig n-a haice. Ḃí tuirse ṁór air de ḃárr a ṫurais, mar ní raiḃ na sgiaṫáin aċt go lag aige, agus ṫáinig néal beag codalta air nuair ṡroiċ sé an crann.
Ḃí Máire Ḃán ag gaḃail puirt a ḃí an-ċosaṁail le port na fuiseóige, agus ḋúisiġ an port an fiaċ duḃ. Ní ċreidfeaḋ sé a ḋá ṡúil. A leiṫéid d’éan ní ḟaca sé ariaṁ ċeana, agus b’ḟacṫas dó go raiḃ aiṫne aige ar gaċ uile ċineál éin dá raiḃ ann Ḃí Máire tamall maiṫ uaiḋ, agus í ag imṫeaċt ó ġéig go géig go breáġ tapaiḋ, aċt ó ḃí an duilleaḃar go tiuġ ann, níor ḟéad sé i ḟeiceál aċt ó am go h-am.
“Ní aṁáin go ḃfuilim ag cailleaḋ lúṫ na sgiaṫán