Tír na n-Iongantas/31

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
Tír na n-Iongantas by Pádraic Ó Conaire
XXXI
[ 71 ]

XXXI.

D’imṫiġ Máire Ḃán léiṫi ṫríd an gcoill ḋorċa uaigniġ. Faoi ṁeaḋon lae casaḋ loċán gléigeal solusṁar léiṫi san tsliġe, agus ó ḃí tuirse ag teaċt uirṫi agus teas mór sa ngréin, ṡil sí go mb’ḟeárr di na cosa a ṫumaḋ san uisge.

Ḃí an bruaċ árd agus níor eiriġ léiṫi na cosa a ṫumad agus a ḟuaraḋ san loċán, aċt ṡín sí í féin ar ċarraig ḃí coṁgaraċ do’n uisge, agus ṡáiṫ sí a ḋá láiṁ isteaċ sa loċán ġeal.

Ċonnaic sí geárrċaile eile ṫíos uaiṫi san uisge. Ṫaiṫniġ dealḃ agus déanaṁ na geárrċaile seo léiṫi- Ċuir a háilne aoiḃneas ar a croiḋe. Ṫáinig meangaḋ gáiriḋ ar a béal. Ṫáinig meangaḋ ar ġirrsiġ an loċáin mar an gcéadna. Ḃíodar ag eirġe an-ṁór le ċéile!

Níor ċuíṁniġ Máire Ḃán gur uirṫi féin ḃí sí ag féaċaint ḃí sé ċoṁ fada sin ó ċonnaic sí sgaṫan ná tada dá ṡórt ċeana, aċt nuair ċuiṁniġ, agus nuair ṫuig sí gurḃ é a dealḃ féin ċuir an t-aoiḃneas uirṫi ba ṁóide a luṫġáir.

Ní bréag a ráḋ gur ċaiṫ sí tamall maiṫ fada ar an gcarraig ag molaḋ a háilneaċta féin.

Ḃí fleaḋ ṁór ag ainṁiḋe éigin i n-aice an loċáin tamall roiṁe seo. Péacóga ioldaṫaċa agus pearóidí sgiaṁaċa an biaḋ ḃí aige ba ċosaṁail, mar ḃí mór- ċuid clúṁ agus cleiteaċa timċeall ar an áit.

Ṫoġ Máire Ḃán cleite ḟada ġlas, agus ḋeasaiġ sí i n-áirde n-a ḟolt é, agus ó ṫaiṫniġ sé léiṫi go mór, ḃailiġ sí ċuici na cleiteaċa ba ḋaiṫte agus ba ṁó, [ 72 ]agus ċuir sí i n-aiṁréiḋ n-a cuid gruaige iad. Fuair sí bláṫa aoiḃne annsin agus rinne fleasg díḃ, agus ċuir sí timċeall ar a muineál é, agus ceann eile n-a ċrios faoi n-a ċom. Ṡocraiġ sí na cleiteaċa ba ḟuide ḃí ann, san dá ḟleasg go raiḃ culaiṫ aoiḃinn aéraċ déanta aici ḋi féin de ḃláṫaiḃ míne agus de ċlúiṁ agus de ċleiteaċaiḃ!

Ba ḃreáġ an rud ḃeiṫ ag féaċaint uirṫi ag daṁsaḋ ar an gcarraig faoi loinnir na gréine agus an feisteas sin uirṫi. Ní aṁáin go ndéanaḋ sí daṁsa ar an gcar- raig, aċt ṫéiḋeaḋ sí ó ġéig go géig go beó haicliḋe ag leigint uirṫi gurḃ éan í, agus go raiḃ sí i n-ann gluais- eaċt san aér ar sgiaṫán ċoṁ maiṫ le—seaḋ, ċoṁ maiṫ le dreóilín, ar ċaoi ar ḃiṫ!

Is beag nár ḋearmad sí an Búrla boċt ag féaċainnt uirṫi féin san loċán agus ag imṫeaċt go meiḋreaċ ó ċraoiḃ go craoiḃ!

Tugtar cluas dom anois mar tá rud iongantaċ le ráḋ agam. Rud níos iongantaiġe ná é níor ṫárla ariaṁ i dTír na nIongantas ná i nÉirinn féin.

An sean-ḟiaċ duḃ a ċaiṫ a ṡaoġal ar ḃárr ċrainn n-aice le pluais na leoṁan, ṫáinig fonn air faoi’n am seo cuid de’n tír ḟeiċeál agus cuairt ṫaḃairt ar a ṡlioċt, agus air ṡlioċt a ṡleaċta i ngaċ áird dá raḃadar. Agus cá mbéaḋ sé nuair a ḃí a ċulaiṫ ḃreáġ ċluṁ déanta ag Máire Ḃáin, aċt ar ġeig n-a haice. Ḃí tuirse ṁór air de ḃárr a ṫurais, mar ní raiḃ na sgiaṫáin aċt go lag aige, agus ṫáinig néal beag codalta air nuair ṡroiċ sé an crann.

Ḃí Máire Ḃán ag gaḃail puirt a ḃí an-ċosaṁail le port na fuiseóige, agus ḋúisiġ an port an fiaċ duḃ. Ní ċreidfeaḋ sé a ḋá ṡúil. A leiṫéid d’éan ní ḟaca sé ariaṁ ċeana, agus b’ḟacṫas dó go raiḃ aiṫne aige ar gaċ uile ċineál éin dá raiḃ ann Ḃí Máire tamall maiṫ uaiḋ, agus í ag imṫeaċt ó ġéig go géig go breáġ tapaiḋ, aċt ó ḃí an duilleaḃar go tiuġ ann, níor ḟéad sé i ḟeiceál aċt ó am go h-am.

“Ní aṁáin go ḃfuilim ag cailleaḋ lúṫ na sgiaṫán [ 73 ]aċt táim ag eirġe dall freisin,” ar sé n-a intinn féin nuair ċuaiḋ Máire Ḃán as aṁarc air, “An tseanaois atá ag teaċt orm. Ní fada uaim an bás—aċt ċonn- aiceas cuid ṁaiṫ le mo ṡaoġal....”

Ċonnaic sé Máire Ḃán n-a suiḋe ag bun crainn i ḃfogus dó.

D’ḟéaċ sé uirṫi go géar leis an tsúil ċlé; annsin d’iompaiġ sé a ċeann, agus d’ḟéaċ níos seaċt ngéire uirṫi leis an tsúil ḋeis.

B’ḟacṫas dó gur aiṫniġ sé í. Rí sé cinnte go ḃfaca sé ċeadna í i n-áit éigin, aċt ce’n áit? Ṫosaiġ sé ag smaoineaḋ, ar nós na ḃfiaċ duḃ, aċt ní raiḃ réiḋteaċ na ceiste aige, gur ċrom Máire ar aṁrán a ġaḃail. Annsin d’aiṫniġ sé í. Aċt an fiaċ duḃ boċt! Ní raiḃ aon ċeapaḋ aige aċt gur ḃain sí le n-a ċineál féin. Ní ḟaca sé cluṁ ná cleit uirṫi ċeana. I gcoṁluadar na leoṁan ċonnaic sé i gcoṁnaiḋe í, aċt ḃí sé cinnte anois gur ḃain sí le treiḃeaċaiḃ an aéir, aċt go raiḃ draoiḋeaċt éigin ag an gcloinn leoṁain uirṫi. Ċaiṫeaḋ sé í a ḟuasgailt. Leig sé cág uirṫi, aċt níor ṫug Máire Ḃár aon áird air. Ġoill sé sin go mór air. Ba mór an truaiġ é a leiṫéid de ḋoċra uasal ḃeiṫ faoi ċuing ag aon ċeaṫra. Ba mór ċreideaṁaint ḋó dá ḃféadfaḋ sé í ḟuasgailt ó ġreim na leoṁan. Ḃí ciall aige ṫar mar ḃí ag aon éan eile dá raiḃ san ḃforaois, nó ċeap sé féin go raiḃ—agus is ionann sa gcás é— aċt b’ḟacṫas dó nár ṁór ḋó an ċaḃair. Muna raiḃ na leoṁar líonṁar ḃíodar láidir. Ġlacaḋ sé coṁairle le n-a ṁuinntir.

Ċuir sé gairmsgoile amaċ ċuig éanlaiṫ na foraoise ṫeaċt i ḃfoċair a ċéile i gceann trí lá leis an gceist ṁór a ṗléiḋ.