Tír na n-Iongantas/30

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
Tír na n-Iongantas by Pádraic Ó Conaire
XXX
[ 68 ]

XXX.

Ar ṡroiċint béal pluaise na leoṁan do’n ḃeirt, ċonnacadar an seanleoṁan agus an t-ál n-a seasaṁ ar an bplasóig agus goṫa troda orṫa. Is rí-ḃeag ṡílfiḋe ar Ḋeaideó naċ raiḃ na fiacla agus na hiongnaċa go teann aige. Ḃí a iarball agus a ṁong ṁór lomraċ n-a gcolg-ṡeasaṁ agus loinnir niṁneaċ n-a ḋá ṡúil.

Ní raiḃ aon náṁa le feiceál ag na páisdíḃ; aċt ní ró-ḟada go ḃfacadar ḋá ṁoncaiġ ḃeaga, de ċloinn na ngormṡrón, i n-áirde san eiḋean a ḃí ag fás i sgailpea- ċaiḃ na haille ḃí ós cionn béil pluaise na leoṁan. Ḃí droċ ċosaṁl ct orṫa, féaċaint niṁneaċ urċóideaċ, agus iad ag iarraid cloċ ṁór a ḃí i n-éadan na haille a sgaoileaḋ anuas ar ṁullaċ na leoṁan.

Ċonnaic Máire Ḃáin cé’n ċontaḃairt ṁór n-a raiḃ a seanċáirde, rud nárḃ eól dóiḃ féin, mar ḃiodar ró- ċorruiġṫe, agus ní túisge ċonnaic ná rug sí ar an gcranntaḃaill. Fuair an Búrla ċloċ ḋi agus sgaoil sí faoi’n ṁoncaiġ í.

I ngreim sgeiċe le n-a iarball ċruaiḋ teann ḃí an moncaiġ ba ṁó díoḃ, agus a ċeann agus a ċosaiḃ ar sileaḋ leis, agus é ar a ḋiċeall ag iarraiḋ an ċloċ ṁór a ḃogaḋ le n-a láṁaiḃ agus le n-a ċosaiḃ. Aċt ní hí an ċloċ a ṫáinig anuas le fánaiḋ na haille aċt an moncaiġ féin! Nuair d’aṁsuiġeaḋ san iarball é, sgaoileaḋ an greim ḃí aige ar an sgeiċ, agus siúd anuas é ar ṁullaċ na leoṁan.

Ní ḟaca tú ariaṁ aċt an t-iongnaḋ ṫáinig ar Ḋeaideó nuair ċonnaic sé an náṁa ag tuitim anuas. Leaṫ an béal air, agus maraċ go raiḃ a ṁuinntir ar a ċúl, maraċ go raiḃ sé féin i dtosaċ an ċoṁraic is cinnte go mbéaḋ a rún aca. An beiṫiḋeaċ boċt! Ní ḟaca sé Máire Ḃán ná an Búrla ag teaċt, agus ní ḟaca sé an t-urċar ġá ċaiṫeaṁ. Ċeap sé gur cleas de ċleasaiḃ na cloinne moncaiġ é, agus ḃí cineál eagla air [ 69 ]druideaḋ le n-a seannáṁaid ḃí na luiġe gá ċosaiḃ agus cnáṁ a ḋroma n-a ḋá leiṫ. Ḃí an sgáṫ céadna ar a ċéile agus ar a ċloinn. D’ḟanadar amaċ ó’n moncaiġ marḃ ag féaċaint air agus iad ullaṁ n-a ċomair da n-eire- oċaḋ sé.

Aċt ní raiḃ sgáṫ ná eagla ar Ṁáire Ḃáin ná ar an mBúrla. Siúd isteaċ i láṫair na cuideaċtan iad ag gáiriḋ agus ag déanaṁ luṫġáire, gur eiriġ leó a sean- ċáirde ṫárrṫáil. Rug Máire Bán ar ċosaiḃ ar an moncaiġ, agus rug an Búrla ar ċeann air le n-a ṫaḃairt isteaċ san bpluais. Aċt mo léan! Ní neart mór ḃí sa mBúrla ḃoċt agus sul ar ṡroiċ sé béal na pluaise baineaḋ tuairt as, agus ṫuit sé i ndiaiḋ a ċinn. B’éigin do na leoṁain óga caḃrú le Máire Ḃáin, agus fágaḋ an Búrla boċt ag caoineaċán agus ag déanaṁ bróin ag béal na pluaise.

Tugaḋ droċ-íde do’n ṁoncaiġ istiġ. Ḃí ocras mór ar na leoṁain, mar ḃí an biaḋ gann ó dóiġeaḋ an ḟoraois. Stracaḋ ó ċéile é. Tugaḋ ceaṫraṁa leis do Ḋeaideó. Tugaḋ an ceaṫraṁa eile leis do Ṁaimeó, do’n ḃainleoṁain. Coileán na leaṫ-ṡúile fuair an cnáṁ droma. Roinneaḋ an ċuiḋ eile ar na coileáin eile, aċt gur bronnaḋ an curaḋ-ṁír .i. an tsrón ḃog ġorm, an greim ba ḃlasta dár iṫeaḋ ariaṁ, bronnaḋ ar Ṁaire é!

Nuair a ḃí a ċuid féin iṫte ag an seanleoṁan, ag Deaideó, d’eiriġ sé, agus amaċ leis go béal na pluaise go mbeaḋ cóṁráḋ aige le n-a ṡean-ṗeata, leis an mBúrla. Aċt ní raiḃ sé ann roiṁe. Ḃí an iomarċa de’n ṁoncaiġ iṫte ag Deaideó le mórán stroiṁ ċur air féin, agus ní ḋeárna sé aċt bualaḋ isteaċ arís agus Máire Ḃán a ċur amaċ ar a lorg.

Aċt ní raiḃ a ḋearḃraṫairín ionṁuin le feiceál aice i n-aon áit. Ġlaoḋ sí air agus sgread sí air, aċt sin a raiḃ de ṁaiṫ aici ann, Ċuartaiġ sí gaċ poll agus póirse ṫart timċeall aċt b’ḟánaċ an obair uirṫi é, Sa deireaḋ b’éigin di filleaḋ aḃaile ċum na pluaise go trom agus go túirseaċ agus go cráiḋte.

[ 70 ]D’éalaiġ an Búrla leis ó n-a ċáirdiḃ ċeana, aċt ceapaḋ an uair seo naċ ḃfillfeaḋ sé, agus ar an aḋḃar sin ní raiḃ sé de ċroiḋe ná de ġoile ag Deaideó an biaḋ a ċaiṫeaṁ gur leig sé an dá ṗeata beag imṫeaċt uaiḋ arís. ’N-a ionad codalta ḃí sé i riṫ na hoiḋċe. Ḃí codlaḋ air, aċt ní ḋearna sé aon ċodlaḋ. Níor ḟéad sé. é ḋéanaṁ agus a ċara ionṁuin ar fuaidreaṁ uaiḋ. Tógaḋ sé a ċeann mór trom ó am go h-am; ḋearcaḋ n-a ṫimċeall ag ceapaḋ go mbíoḋ sé le faġáil. D’éaluiġeaḋ osna uaiḋ naċ raiḃ sé n-a ġar. Ṡíleaḋ sé codlaḋ ḋéanam aċt cinneaḋ air.

Ba ṁí-ṡuaiṁneaċ an oiḋċe ċuir sé ḋe gan an Búrla.

Ar ṫeaċt na maidne ṫáinig Máire Ḃán isteaċ ċuige. Ó ḃí buairt agus imniḋe orṫa araon, ċeap sí go mb’ḟeárr ḋóiḃ ḃeiṫ i ḃfoċair a ċéile.

D’eiriġ an ċainnt eatorṫa.

Arsa Máire leis an leoṁan:-

“Mo ḋearḃraṫairín aoiḃinn áluinn imṫiġṫe uaim!”

Ars an leoṁan—tuigtear go mbíonn cainnt ag na leoṁain nuair ḃíos siad an-ċorruiġṫe, aċt naċ é gaċ duine d’ḟéadfaḋ a gcanaṁaint ṫuigsint gan aċar maiṫ a ċaiṫeaṁ ’n-a gcuideaċtain—

“Mo ḋaltán! mo ṗeata! Mo ċuid de’n tsaogail!” ars an seanleoṁan ar a nós féin.

“Ná bíoḋ buairt ort ná imniḋe a Ḋeaideó” arsa Máire Ḃán agus leag sí bos ar a ṡróin ṁóir ṫais, “ná bíoḋ imniḋe ort,” ar sise, “raċadsa ar a lorg le eirġe na gréine, cuartóċad an foraois, cuarṫóċaḋ talaṁ tirm agus lear, agus coṁnaiḋe ní ḋéanfad go ḃfaiġ mé mo ḋearḃraṫairín ionṁuin dílis.”

“Déan! Déan!” ar san sanleoṁan n-a ċanaṁaint féin, agus ċuimil sé a ṡrón de ċluais na girrsiġe le tasbáint di cé’n gean ḃí aige uirṫe.

Cinneaḋ ar an gcoṁairle sin.

Ar maidin ġléas Máire Ḃán í féin. Ċuir sí an crann-taḃaill timċeáll ar a muineál, rug sí ar ḃata ṁaiṫ ṫeann n-a deasóig, d’ḟág slán ag na leoṁain, agus d’imṫiġ léiṫi go boċt noċt ar lorg an Ḃúrla.

[ 71 ]Ḃí an sgéal dona go leór aca ’s a ċeapaḋ gur ar seaċrán san ḃforáois ḋuaiḃsiġ ḃí an Búrla boċt: ḃéidís go cráiḋte ar fad dá mbeaḋ a ḟios aca gurḃ é an ċaoi gur fuaduiġeaḋ ċun bealaiġ é, gurḃ é an ċaoi go dtáinig naoi moncaiġ srónġorm air i nganḟios agus gur sguabadar leó é!

An Búrla boċt bídeaċ!