70
D’éalaiġ an Búrla leis ó n-a ċáirdiḃ ċeana, aċt ceapaḋ an uair seo naċ ḃfillfeaḋ sé, agus ar an aḋḃar sin ní raiḃ sé de ċroiḋe ná de ġoile ag Deaideó an biaḋ a ċaiṫeaṁ gur leig sé an dá ṗeata beag imṫeaċt uaiḋ arís. ’N-a ionad codalta ḃí sé i riṫ na hoiḋċe. Ḃí codlaḋ air, aċt ní ḋearna sé aon ċodlaḋ. Níor ḟéad sé. é ḋéanaṁ agus a ċara ionṁuin ar fuaidreaṁ uaiḋ. Tógaḋ sé a ċeann mór trom ó am go h-am; ḋearcaḋ n-a ṫimċeall ag ceapaḋ go mbíoḋ sé le faġáil. D’éaluiġeaḋ osna uaiḋ naċ raiḃ sé n-a ġar. Ṡíleaḋ sé codlaḋ ḋéanam aċt cinneaḋ air.
Ba ṁí-ṡuaiṁneaċ an oiḋċe ċuir sé ḋe gan an Búrla.
Ar ṫeaċt na maidne ṫáinig Máire Ḃán isteaċ ċuige. Ó ḃí buairt agus imniḋe orṫa araon, ċeap sí go mb’ḟeárr ḋóiḃ ḃeiṫ i ḃfoċair a ċéile.
D’eiriġ an ċainnt eatorṫa.
Arsa Máire leis an leoṁan:-
“Mo ḋearḃraṫairín aoiḃinn áluinn imṫiġṫe uaim!”
Ars an leoṁan—tuigtear go mbíonn cainnt ag na leoṁain nuair ḃíos siad an-ċorruiġṫe, aċt naċ é gaċ duine d’ḟéadfaḋ a gcanaṁaint ṫuigsint gan aċar maiṫ a ċaiṫeaṁ ’n-a gcuideaċtain—
“Mo ḋaltán! mo ṗeata! Mo ċuid de’n tsaogail!” ars an seanleoṁan ar a nós féin.
“Ná bíoḋ buairt ort ná imniḋe a Ḋeaideó” arsa Máire Ḃán agus leag sí bos ar a ṡróin ṁóir ṫais, “ná bíoḋ imniḋe ort,” ar sise, “raċadsa ar a lorg le eirġe na gréine, cuartóċad an foraois, cuarṫóċaḋ talaṁ tirm agus lear, agus coṁnaiḋe ní ḋéanfad go ḃfaiġ mé mo ḋearḃraṫairín ionṁuin dílis.”
“Déan! Déan!” ar san sanleoṁan n-a ċanaṁaint féin, agus ċuimil sé a ṡrón de ċluais na girrsiġe le tasbáint di cé’n gean ḃí aige uirṫe.
Cinneaḋ ar an gcoṁairle sin.
Ar maidin ġléas Máire Ḃán í féin. Ċuir sí an crann-taḃaill timċeáll ar a muineál, rug sí ar ḃata ṁaiṫ ṫeann n-a deasóig, d’ḟág slán ag na leoṁain, agus d’imṫiġ léiṫi go boċt noċt ar lorg an Ḃúrla.