Page:Tír na n-Iongantas - Ó Conaire.djvu/77

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.

69

eaḋ le n-a seannáṁaid ḃí na luiġe gá ċosaiḃ agus cnáṁ a ḋroma n-a ḋá leiṫ. Ḃí an sgáṫ céadna ar a ċéile agus ar a ċloinn. D’ḟanadar amaċ ó’n moncaiġ marḃ ag féaċaint air agus iad ullaṁ n-a ċomair da n-eire- oċaḋ sé.

Aċt ní raiḃ sgáṫ ná eagla ar Ṁáire Ḃáin ná ar an mBúrla. Siúd isteaċ i láṫair na cuideaċtan iad ag gáiriḋ agus ag déanaṁ luṫġáire, gur eiriġ leó a sean- ċáirde ṫárrṫáil. Rug Máire Bán ar ċosaiḃ ar an moncaiġ, agus rug an Búrla ar ċeann air le n-a ṫaḃairt isteaċ san bpluais. Aċt mo léan! Ní neart mór ḃí sa mBúrla ḃoċt agus sul ar ṡroiċ sé béal na pluaise baineaḋ tuairt as, agus ṫuit sé i ndiaiḋ a ċinn. B’éigin do na leoṁain óga caḃrú le Máire Ḃáin, agus fágaḋ an Búrla boċt ag caoineaċán agus ag déanaṁ bróin ag béal na pluaise.

Tugaḋ droċ-íde do’n ṁoncaiġ istiġ. Ḃí ocras mór ar na leoṁain, mar ḃí an biaḋ gann ó dóiġeaḋ an ḟoraois. Stracaḋ ó ċéile é. Tugaḋ ceaṫraṁa leis do Ḋeaideó. Tugaḋ an ceaṫraṁa eile leis do Ṁaimeó, do’n ḃainleoṁain. Coileán na leaṫ-ṡúile fuair an cnáṁ droma. Roinneaḋ an ċuiḋ eile ar na coileáin eile, aċt gur bronnaḋ an curaḋ-ṁír .i. an tsrón ḃog ġorm, an greim ba ḃlasta dár iṫeaḋ ariaṁ, bronnaḋ ar Ṁaire é!

Nuair a ḃí a ċuid féin iṫte ag an seanleoṁan, ag Deaideó, d’eiriġ sé, agus amaċ leis go béal na pluaise go mbeaḋ cóṁráḋ aige le n-a ṡean-ṗeata, leis an mBúrla. Aċt ní raiḃ sé ann roiṁe. Ḃí an iomarċa de’n ṁoncaiġ iṫte ag Deaideó le mórán stroiṁ ċur air féin, agus ní ḋeárna sé aċt bualaḋ isteaċ arís agus Máire Ḃán a ċur amaċ ar a lorg.

Aċt ní raiḃ a ḋearḃraṫairín ionṁuin le feiceál aice i n-aon áit. Ġlaoḋ sí air agus sgread sí air, aċt sin a raiḃ de ṁaiṫ aici ann, Ċuartaiġ sí gaċ poll agus póirse ṫart timċeall aċt b’ḟánaċ an obair uirṫi é, Sa deireaḋ b’éigin di filleaḋ aḃaile ċum na pluaise go trom agus go túirseaċ agus go cráiḋte.