Tír na n-Iongantas/29

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
Tír na n-Iongantas by Pádraic Ó Conaire
XXIX
[ 65 ]

XXIX.

Ṫar éis dúiseaċa do Ṁáire, ċuaḋadar beirt isteaċ i sgailp ar an tráiġ ’n áit naċ raiḃ aon ḃaoġal orṫa ó’n toiteán. Ṫeannadar isteaċ le ċéile go láġaċ carṫanaċ, aċt níor laḃraḋ smid go raiḃ a gcéad-eagla curṫa díoḃ aca aċt iad i mbarrógaiḃ a ċéile ag féaċ- aint uaṫa ar an toiteán millteaċ agus ar na lasraċaiḃ fada ḃí ag eirġe sna spéiriḃ íoċtaraċa, agus ag éisteaċt le búirġíl cráiḋte na mbeiṫiḋeaċ ḃí ag iarraiḋ éaluġaḋ leó ó’n ár.

Ḃí an Búrla boċt go bolgṡúileaċ agus a ċeann leiġṫe isteaċ aige ar ġualainn Ṁáire Ḃáin. Cuireaḋ sé creaṫaḋ ḋe ó am go ham, agus nuair a ṁoṫuiġeaḋ Máire an creaṫaḋ ċuireaḋ sé ḋe, d’ḟáisgeaḋ sí isteaċ léiṫi féin é Ḃí solus maiṫ aca san sgailp, aċt níorḃ ó’n ngealaiġ ná ó na réaltaiḃ é, aċt ó na crainn ṁóra ḃí ar n-a losgaḋ timċeall orṫa. Ní hé an daṫ céadna ḃíoḋ ar an solus i gcoṁnaiḋe aċt oiread: uaireannta nuair d’osgluiġeaḋ an Búrla na súile d’ḟeiceaḋ sé daṫ ċoṁ dearg sin ar ċraiceann Ṁáire is go gceapaḋ sé gur ag taḃairt fola ḃíoḋ sí; uaireannta eile ḃíoḋ sí ċoṁ bán le sneaċta aon-oiḋċe, agus do ṡíleaḋ sé gur ag faġáil ḃáis ḃíoḋ sí. Níor ṫug sé faoi deara na daṫanna ceanan céadna ḃeiṫ ar a ċraiceann féin.

Ós a gcoṁair amaċ, i n-aice leis an aḃainn, ḃí doire beag. Ní raiḃ crann ná sgeaċ le feiceál ann. Ní raiḃ d’ḟás ann aċt féar fada feósaiḋe. Ċuaiḋ an féar seo trí ṫeine go luaṫ san oiḋċe agus níorḃ ḟada gur lomaḋ an doire beag. Na hainṁiḋe ḃíoḋ ag arraiḋ teiṫeaḋ ó’n éirleaċ, ḋéanaidis, cuid díoḃ, ar an doire seo agus ċíḋtí iad ag rinnce agus ag léimniġ go codramánta san doire, ḃí an oiread sin teasa aníos ó’n iṫir loisgṫe ann.

Is corr-ainṁiḋe ḃí ann a raiḃ sé de ṁeaḃair ann imṫeaċt leis i n-éadan na gaoiṫe agus éaluġaḋ ó’n toiteán uaṫḃásaċ ar an gcaoi sin; ó’n mbolaḋ trom [ 66 ]agus ó’n deataċ ḃí ġa bplúċaḋ ṡílidís éaluġaḋ, agus ó ḃí an toiteán idir iad agus an ġaoiṫ, níor eiriġ leis na cinn naċ raiḃ an ċoisiḋeaċt aca aċt go dona a n-anama ṫaḃairt leó, agus is iomḋa sin ceann díoḃ losgaḋ n-a ḃeaṫa. Ba ṁór an truaiġ ḃeiṫ ag éisteaċt leis na sgreadaċa leigidís nuair ṫeangṁóċaḋ na lasraċa leó. Nuair a ċluinead Máiré Ḃán na gárṫa péine sin, do ṫeannaḋ sí a dearḃraṫáir boċt le n-a huċt agus ḃíoḋ ġá ḃladar agus ġá ṁeallaḋ go máṫarḋa ionnus naċ gcluineaḋ sé iad. Aċt ba rí-ḃeag an ṁaiṫ ḋe é. Ċluineaḋ seisean an sgréaċġail truaiġṁéalaċ, agus do ṫuigeaḋ sé gurab é féin ba siocair leis an éirleaċ.

Ní fios cé na bolṫaiḃ troma cuṁarṫa ḃí le fáġail ó’n toiteán ar an taoḃ ṫall do’n ḟoraois; san sgailp féin, do ṁoṫuiġeaḋ na páisdí é i n-éadan na gaoiṫé, agus is beag nar ċuir sé n-a gcodlaḋ iad.

Ḃí crann mór ar n-a losgaḋ taoḃ leó, nó i ḃfoisgeaċt leiṫ-ċéad slat ḋóiḃ, agus beiṫiḋeaċ a raiḃ iarball mór sguabaċ air, ar nós an tsionnaiġ, ag féaċainṫ ar an raḋarc áluinn. Leis an gcaoi a raiḃ a ṡrón i n-aér aige, ba ċosaṁail gur ṫaiṫniġ an bolaḋ go maiṫ leis Ḃí na splannca ag eirġe sa spéir agus ag tuitim anuas arís n-a ḃfrasaiḃ. Ṫáinig splannc díoḃ anuas ar ḋruim an tsionnaiġ, má’s sionnaċ ḃí ann agus nuair a ṁoṫaiġ sé an teas i dtosaċ, leig sé sgséaċ uaṫḃásaċ as, ċúb sé é féin go raiḃ sé n-a liaṫróid, ṫug léim deiċ dtroiġ i n-aer aċt ní raiḃ ann aċt liaṫróid ṫeineaḋ ar ṫeaċt anuas ḋó.

Ḃí fáinne an lae ann nuair ṫuit a gcodlaḋ ar an mbeirt a ḃí san sgailp.

Ar ḋúiseaċt do Máire ní raiḃ an Búrla n-a haic Baineaḋ geit aisti. Gur losgaḋ n-a ḃeaṫa é, sin é ṡíl sí i dtosaċ, aċt ba ṁór an luṫġáir ḃí uirṫi nuair ċonnaic sí ar an tráiġ é agus é ag iarraiḋ breiṫ ar ṗortán. Marar eiriġ leis breiṫ ar an bportán, d’eiriġ leis an portán a ḃreiṫ leis go dtí an sgailp—’sé an ċaoi a rug an portán san gceaṫraṁain air, agus ḋeaṁan a ġreim a sgaoileaḋ sé gur marḃuiġeaḋ é! Agus an Búrla [ 67 ]oċt ag béiciuġrḋ ar feaḋ an aċair! Marar ḃain na í ainṁiḋe allta, ná an toiteán mór, cainnt ná caoineaḋ as an mBúrla, ḃain an portán beag naċ raiḃ ċoṁ mór le píosa leaṫċróineaċ. Nuair a ċonnaic sé an ḟuil, ṡil sé naċ leiġeasóċaiḋe go deó é!

Trí lá agus trí oiḋċe ċuireadar díoḃ san sgailp agus timċeall na tráġa sul ar ḟéadadar filleaḋ aḃaile go pluais na leoṁan le ċoṁ te is ḃí an talaṁ.

Ag filleaḋ aḃaile ḋóiḃ, doba léir ḋóiḃ cé’n sgrios mór ḃí déanta. Ḃí án áit fré ċéile n-a ḃánḟásaċ gan luiḃ gan luis. Ḃí géaga agus duilleaḃar na gcrann uile dóiġte, ní raiḃ aċt corr-ċaḃail crainn n-a ṡeasaṁ ṫall is i ḃfus, n-aġaiḋ na spéire, agus é ċoṁ duḃ leis an ngual. Na míolta coille nár eirig leó na cosa ḃreiṫ leó ó’n ár, ḃí a gcuid cnáṁ sínte ar an ḃfód ṫall is i ḃfus. Ḃí cuid díoḃ ann nár losgaḋ ar fad. Ba ṁór an gar é sin do’n ḃeirt. Is iomḋa béile ṁaiṫ feóla ḃí aca. Go deiṁin do’n té arḃ ḟeárr leis róst ná aṁ, ba ṁór an áise an toiteán ṁillteaċ!

Casaḋ beiṫiḋeaċ beag naċ raiḃ ċoṁ mór le coinín orṫa san tsliġe. Ḃí lorga a ċos le feiceál go soiléir san deannaċ agus san luaiṫre fágaḋ i ndiaiḋ an toi- teáin. Ḃí sé ṫar éis a ṫeaċt ba ċosaṁail, mar ḃí an uile rud n-a ṫimċeall dóiġte. Ṡíl Máire ṫeaċt air i nganḟios agus breiṫ air, aċt ċeap sí naċ ḃféacfaḋ sí leis, ó ḃí sé ag féaċaint idir an dá ṡúil uirṫi agus alltaċt air. Aċt ḃí sé ċoṁ sġannraiġṫe sin nár éalaiġ sé uaiṫi. Nuair rug sí air d’imṫig an t-anam as leis an uaṁan ḃí air.

D’iṫeadar beirt é, agus rinne Máire cranntaḃail as na feiṫeaċaiḃ agus as píosa dá ċraiceann, agus sul ar ṡroiċeadar pluais na leoṁan ḃí sí ċoṁ clisde le haon ḃuaċaill dár ṡeas ariaṁ ar ḋroiċead an Ċladaiġ i nGailliṁ ag caiṫeaṁ cloċ leis na faoileáin.

Ċonnacṫas rian an toiteáin san spéir sna h-oiléain allta i ḃfogus dóiḃ; ċonnacṫas ar bórd na long ḃí ag seólaḋ fairrge é, agus ċuir sé alltaċt ar a lán.