Tír na n-Iongantas/28

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
Tír na n-Iongantas by Pádraic Ó Conaire
XXVIII
[ 62 ]

XXVIII.

Ba ṁór an gar do’n Ḃúrla naċ raiḃ crann ná tom ná críonlaċ idir an teine agus an ḟairrge. Dá mbeaḋ ní saoġal fada ḃeaḋ aige.

[ 63 ]Ḃí teas ċóṁ mór sin ó’n toiteán go mb’éigin dó an tráiġ ṫaḃairt air féin ar eagla go losgfaiḋe n-a ḃeaṫa é.

Aċt i ḃfad sul a raiḃ aon ṁéid san toiteán fuair Máire Ḃán an balaḋ, agus rinne sí air as nós na n-ainṁiḋe eile, aċt ṫeip uirṫí ionad an ḟaduiġṫe ḃaint amaċ leis an teas agus leis an ndeataċ ḃí ó’n áit.

Ċuaiḋ sí ṫar an aḃainn sa snáṁ agus rinne sí an bealaċ maiṫ go leór go raiḃ sí ar aġaiḋ an tóiteáin ar an mbruaċ ṫall.

Ḃí an Búrla n-a ċeart-ṡeasaṁ i n-aice na teine, ar ṫaoḃ na gaoiṫe, agus an moncaiġ beag a raiḃ an maide ḃí ṫri lasaḋ aige, i ngar ḋó. Ḃí Máire ag ceapaḋ i dtosaċ nárḃ é an Búrla ḃí ann ar ċor ar biṫ aċt diaḃal óg coille leis an daṫ iongantaċ ḃí ar a ċraiceann ó na lasraċaiḃ. Aċt d’aiṫniġ sí é ar a ḋeanaṁ, agus ar ċaime a ċos: ní ḟéadfaḋ aon diaḃal dar ṁair i gcoill ná i n-ifreann ḃeiṫ ċoṁ cam ná ċoṁ búrláilte leis.

D’ḟógair sí air fanaċt amaċ ó’n teine aċt sin a raiḃ de ṁaiṫ aici ann. Ní dóċa gur ċuala sé ar ċor ar biṫ í

B’ḟéidir guraḃ é an sgread leig Máire ar a dear- ḃraṫáir sgannraiġ na beiṫiḋiġ: ḃíodar go socair sásta gur sgréaċ sise.

Nuair nár ṫug an dearḃraṫáir aon áird uirṫi ṫug sí léim isteaċ san aḃainn le dul anonn ċuige sa snáṁ le n-a ṫárrṫáil. Aċt nuair a ḃí sí sa gcuiliṫ, céard d’ḟeic- feaḋ sí faoi’n mbruaċ ṫall agus a smut ós cionn an uisge aige aċt crogal mór uaṫḃásaċ,

Ḃí snáṁ maiṫ aici, aċt is beag nár ċaill sí lúṫ na ngéag leis an uaṫḃás ṫáinig uirṫi ar ḟeiċeál na hiol- ṗéiste seo ḋí. D’iompaiġ sí ar a druim, siúd léiṫe le sruṫ. Aċt mo ṁairg! Ḃí an iol-ṗéiste ag dul le sruṫ freisn, agus súil dá ṡúiliḃ bídeaċa niṁneaċa sáiṫte aige innti! Naċ aige ḃéaḋ an béile maiṫ milis ṫar éis na hoiḋċe!

Ṡíl sí a ḋul i n-aġaiḋ an tsroṫa; aċt ba ṁór an obair uirṫi é. Dá ṁéid a saoṫar, ní ḋeárna sí an bealaċ aċt go dona. Ḃí sí tuirseaċ tnáiṫte. Ní [ 64 ]raiḃ innti buille eile snáṁa ṫaḃairt, nuair ċonnaic sí crann mór ḃíoḋ ar ḃruaċ na h-aiḃne agus a leagaḋ agus a losgaḋ ag déanaṁ uirṫi. Ḃí cuid de ġéagaiḃ an ċrainn seo ṫrí ṫeine fós féin agus deataċ mór agus lasraċa leaṫ-ṁúċta agus gail ag eirġe asta.

D’eiriġ léiṫi a ḋul i n-áirde ar an gcrann mór seo. Níorḃ ṁaiṫ an ṁaise ag an gcrogal é: nuair ċonnaic sé an “gailteán” seo ag druidim leis d’osgail sé a ċab uaṫḃásaċ le aṁus ṫaḃairt air. Aċt níor ṫuig sé cé’n fuinneaṁ mór ḃí ann, agus sgóilteaḋ a ċloigeann mór glas n-a ḋá leiṫ. Ċeap Máire gur ag bádoireaċt ar aḃainn fola ḃí sí, leis an daṫ ṫáinig ar an uisge tar éis ḃáis na péisde.

Ní raiḃ aon ḟaitċíos ar Ṁáire anois aċt go sguab- faiḋe amaċ san ḃfairrge í. Ṡíl sí an t-uisge ṫaḃairt uirṫi féin arís, aċt ḃí ḟios aici naċ ḃféadfaḋ sí an bruaċ ḃaint amaċ dá feaḃas an snám ḃí aici, mar ḃí suas le leaṫṁíle de láib ḃuig idir an aḃainn agus an bruaċ ar an dá ṫaoḃ, agus ní ḟéadfaḋ coinín féin siuḃal ar an láib sin.

Ṫuit an croiḋe uirṫi. Ní raiḃ aon ḃas i ndán di aċt bás leis an ocras ar ḋruim na bóċna,

Ṫosaiġ sí a ráḋ a cuid paidreaċa go dúraċtaċ. Ní raiḃ aon ṗaidir dar ċuala sí ariaṁ ó n-a máṫair sa mbaile ná ó’n tSiúir Máire Aindréis san gcoinḃint i nGailliṁ nár ḋuḃairt an créatḋr.

Aċt is giorra caḃair Dé ná an doras, deirtear. Ḃí cineál corṫa i n-aice le béal na haiḃne, agus cloċa móra ann. Ḃí an srúṫ láidir agus ní ḟada go raiḃ a “gailteán” greamaiġṫe idir ḋá ċloiċ.

Ḃí léiṫi anois. Ṡroiċ sí an bruaċ gan duaḋ, ṫug áltuġaḋ do Ḋia a ṡáḃail í ó’n mbás agus annsin ċuaiḋ i laige ar an ḃféar.

Ċeap an Búrla go raiḃ a ḋearḃṡúir dílis marḃ nuair ċonnaic sé í n-a cnap ar an talaṁ agus ṫosaiġ sé ġá caoineaḋ.

Ṁúsgail a eiġme guil í. D’eiriġ sí aniar, ḋearc idir an dá ṡúil air, agus ṫosaiġ an ḃeirt aca ag gáiriḋ.