Page:Tír na n-Iongantas - Ó Conaire.djvu/72

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.

64

raiḃ innti buille eile snáṁa ṫaḃairt, nuair ċonnaic sí crann mór ḃíoḋ ar ḃruaċ na h-aiḃne agus a leagaḋ agus a losgaḋ ag déanaṁ uirṫi. Ḃí cuid de ġéagaiḃ an ċrainn seo ṫrí ṫeine fós féin agus deataċ mór agus lasraċa leaṫ-ṁúċta agus gail ag eirġe asta.

D’eiriġ léiṫi a ḋul i n-áirde ar an gcrann mór seo. Níorḃ ṁaiṫ an ṁaise ag an gcrogal é: nuair ċonnaic sé an “gailteán” seo ag druidim leis d’osgail sé a ċab uaṫḃásaċ le aṁus ṫaḃairt air. Aċt níor ṫuig sé cé’n fuinneaṁ mór ḃí ann, agus sgóilteaḋ a ċloigeann mór glas n-a ḋá leiṫ. Ċeap Máire gur ag bádoireaċt ar aḃainn fola ḃí sí, leis an daṫ ṫáinig ar an uisge tar éis ḃáis na péisde.

Ní raiḃ aon ḟaitċíos ar Ṁáire anois aċt go sguab- faiḋe amaċ san ḃfairrge í. Ṡíl sí an t-uisge ṫaḃairt uirṫi féin arís, aċt ḃí ḟios aici naċ ḃféadfaḋ sí an bruaċ ḃaint amaċ dá feaḃas an snám ḃí aici, mar ḃí suas le leaṫṁíle de láib ḃuig idir an aḃainn agus an bruaċ ar an dá ṫaoḃ, agus ní ḟéadfaḋ coinín féin siuḃal ar an láib sin.

Ṫuit an croiḋe uirṫi. Ní raiḃ aon ḃas i ndán di aċt bás leis an ocras ar ḋruim na bóċna,

Ṫosaiġ sí a ráḋ a cuid paidreaċa go dúraċtaċ. Ní raiḃ aon ṗaidir dar ċuala sí ariaṁ ó n-a máṫair sa mbaile ná ó’n tSiúir Máire Aindréis san gcoinḃint i nGailliṁ nár ḋuḃairt an créatḋr.

Aċt is giorra caḃair Dé ná an doras, deirtear. Ḃí cineál corṫa i n-aice le béal na haiḃne, agus cloċa móra ann. Ḃí an srúṫ láidir agus ní ḟada go raiḃ a “gailteán” greamaiġṫe idir ḋá ċloiċ.

Ḃí léiṫi anois. Ṡroiċ sí an bruaċ gan duaḋ, ṫug áltuġaḋ do Ḋia a ṡáḃail í ó’n mbás agus annsin ċuaiḋ i laige ar an ḃféar.

Ċeap an Búrla go raiḃ a ḋearḃṡúir dílis marḃ nuair ċonnaic sé í n-a cnap ar an talaṁ agus ṫosaiġ sé ġá caoineaḋ.

Ṁúsgail a eiġme guil í. D’eiriġ sí aniar, ḋearc idir an dá ṡúil air, agus ṫosaiġ an ḃeirt aca ag gáiriḋ.