Page:Tír na n-Iongantas - Ó Conaire.djvu/71

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.

63

Ḃí teas ċóṁ mór sin ó’n toiteán go mb’éigin dó an tráiġ ṫaḃairt air féin ar eagla go losgfaiḋe n-a ḃeaṫa é.

Aċt i ḃfad sul a raiḃ aon ṁéid san toiteán fuair Máire Ḃán an balaḋ, agus rinne sí air as nós na n-ainṁiḋe eile, aċt ṫeip uirṫí ionad an ḟaduiġṫe ḃaint amaċ leis an teas agus leis an ndeataċ ḃí ó’n áit.

Ċuaiḋ sí ṫar an aḃainn sa snáṁ agus rinne sí an bealaċ maiṫ go leór go raiḃ sí ar aġaiḋ an tóiteáin ar an mbruaċ ṫall.

Ḃí an Búrla n-a ċeart-ṡeasaṁ i n-aice na teine, ar ṫaoḃ na gaoiṫe, agus an moncaiġ beag a raiḃ an maide ḃí ṫri lasaḋ aige, i ngar ḋó. Ḃí Máire ag ceapaḋ i dtosaċ nárḃ é an Búrla ḃí ann ar ċor ar biṫ aċt diaḃal óg coille leis an daṫ iongantaċ ḃí ar a ċraiceann ó na lasraċaiḃ. Aċt d’aiṫniġ sí é ar a ḋeanaṁ, agus ar ċaime a ċos: ní ḟéadfaḋ aon diaḃal dar ṁair i gcoill ná i n-ifreann ḃeiṫ ċoṁ cam ná ċoṁ búrláilte leis.

D’ḟógair sí air fanaċt amaċ ó’n teine aċt sin a raiḃ de ṁaiṫ aici ann. Ní dóċa gur ċuala sé ar ċor ar biṫ í

B’ḟéidir guraḃ é an sgread leig Máire ar a dear- ḃraṫáir sgannraiġ na beiṫiḋiġ: ḃíodar go socair sásta gur sgréaċ sise.

Nuair nár ṫug an dearḃraṫáir aon áird uirṫi ṫug sí léim isteaċ san aḃainn le dul anonn ċuige sa snáṁ le n-a ṫárrṫáil. Aċt nuair a ḃí sí sa gcuiliṫ, céard d’ḟeic- feaḋ sí faoi’n mbruaċ ṫall agus a smut ós cionn an uisge aige aċt crogal mór uaṫḃásaċ,

Ḃí snáṁ maiṫ aici, aċt is beag nár ċaill sí lúṫ na ngéag leis an uaṫḃás ṫáinig uirṫi ar ḟeiċeál na hiol- ṗéiste seo ḋí. D’iompaiġ sí ar a druim, siúd léiṫe le sruṫ. Aċt mo ṁairg! Ḃí an iol-ṗéiste ag dul le sruṫ freisn, agus súil dá ṡúiliḃ bídeaċa niṁneaċa sáiṫte aige innti! Naċ aige ḃéaḋ an béile maiṫ milis ṫar éis na hoiḋċe!

Ṡíl sí a ḋul i n-aġaiḋ an tsroṫa; aċt ba ṁór an obair uirṫi é. Dá ṁéid a saoṫar, ní ḋeárna sí an bealaċ aċt go dona. Ḃí sí tuirseaċ tnáiṫte. Ní