Page:Tír na n-Iongantas - Ó Conaire.djvu/74

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.

66

agus ó’n deataċ ḃí ġa bplúċaḋ ṡílidís éaluġaḋ, agus ó ḃí an toiteán idir iad agus an ġaoiṫ, níor eiriġ leis na cinn naċ raiḃ an ċoisiḋeaċt aca aċt go dona a n-anama ṫaḃairt leó, agus is iomḋa sin ceann díoḃ losgaḋ n-a ḃeaṫa. Ba ṁór an truaiġ ḃeiṫ ag éisteaċt leis na sgreadaċa leigidís nuair ṫeangṁóċaḋ na lasraċa leó. Nuair a ċluinead Máiré Ḃán na gárṫa péine sin, do ṫeannaḋ sí a dearḃraṫáir boċt le n-a huċt agus ḃíoḋ ġá ḃladar agus ġá ṁeallaḋ go máṫarḋa ionnus naċ gcluineaḋ sé iad. Aċt ba rí-ḃeag an ṁaiṫ ḋe é. Ċluineaḋ seisean an sgréaċġail truaiġṁéalaċ, agus do ṫuigeaḋ sé gurab é féin ba siocair leis an éirleaċ.

Ní fios cé na bolṫaiḃ troma cuṁarṫa ḃí le fáġail ó’n toiteán ar an taoḃ ṫall do’n ḟoraois; san sgailp féin, do ṁoṫuiġeaḋ na páisdí é i n-éadan na gaoiṫé, agus is beag nar ċuir sé n-a gcodlaḋ iad.

Ḃí crann mór ar n-a losgaḋ taoḃ leó, nó i ḃfoisgeaċt leiṫ-ċéad slat ḋóiḃ, agus beiṫiḋeaċ a raiḃ iarball mór sguabaċ air, ar nós an tsionnaiġ, ag féaċainṫ ar an raḋarc áluinn. Leis an gcaoi a raiḃ a ṡrón i n-aér aige, ba ċosaṁail gur ṫaiṫniġ an bolaḋ go maiṫ leis Ḃí na splannca ag eirġe sa spéir agus ag tuitim anuas arís n-a ḃfrasaiḃ. Ṫáinig splannc díoḃ anuas ar ḋruim an tsionnaiġ, má’s sionnaċ ḃí ann agus nuair a ṁoṫaiġ sé an teas i dtosaċ, leig sé sgséaċ uaṫḃásaċ as, ċúb sé é féin go raiḃ sé n-a liaṫróid, ṫug léim deiċ dtroiġ i n-aer aċt ní raiḃ ann aċt liaṫróid ṫeineaḋ ar ṫeaċt anuas ḋó.

Ḃí fáinne an lae ann nuair ṫuit a gcodlaḋ ar an mbeirt a ḃí san sgailp.

Ar ḋúiseaċt do Máire ní raiḃ an Búrla n-a haic Baineaḋ geit aisti. Gur losgaḋ n-a ḃeaṫa é, sin é ṡíl sí i dtosaċ, aċt ba ṁór an luṫġáir ḃí uirṫi nuair ċonnaic sí ar an tráiġ é agus é ag iarraiḋ breiṫ ar ṗortán. Marar eiriġ leis breiṫ ar an bportán, d’eiriġ leis an portán a ḃreiṫ leis go dtí an sgailp—’sé an ċaoi a rug an portán san gceaṫraṁain air, agus ḋeaṁan a ġreim a sgaoileaḋ sé gur marḃuiġeaḋ é! Agus an Búrla