Page:Tír na n-Iongantas - Ó Conaire.djvu/83

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.

75

“Tá rud eile ar m’ aire,” ars’ an t-Iolar, “tá ocras ag teaċt orm ċeana féin.”

An Caislín beag ḃí i n-aice leis, ḋruid sé amaċ uaiḋ Ḃí sé i n-aiṁreas ar an éan ṁór!

“An t-Uḃlaċán!” arsa éan eile.

“Ba ṁór an onóir ḋom ḃur dteaċtaireaċt a ḋéanaṁ aċt ní réiḋtiġeann solus na gréine le mo ṡúiliḃ mar is eól díḃ. Tá sé n-a ṁaidneaċan ċeana féin,” agus isteaċ leis i bpoll crainn go deifireaċ.

“An Traḋna!”

Ṫáinig éan naċ ḃfeictear aċt go hannaṁ sa láṫaír.

“Raċainn ann ’s fáilte,” ar sé “aċt naċ bfuil ḟios ag an saoġal naċ ḃfuil an ċainnt go máiṫ agam. An t-aon ṗort aṁáin, sin a ḃfuil agam faraoir.”

Annsin cuiṁniġeaḋ go mba ró-ṁór an dúil bí ag an traḋna i dtíorṫaiḃ iasaċta, agus cuireaḋ an ruaig air,

“An Peileacan!”

Laḃair éan mór codramánta.

“Níor rug mo ċéile aċt ḋá uiḃ le deiċ mbliadna,” ar sé go brónaċ, “tá uḃ díoḃ ġá gor anois aici agus súil againn le ál breáġ, agus le cead na cuideaċtan raċad aḃaile anois.”

Faoi ḋeireaḋ cuireaḋ ar ċrannaiḃ é, agus ṫuit an crann ar an Dreóilín.

Annsin rinne an t-uaċtarán oráid ḃreáġ. A leiṫéid de ċainnt ḃríoġṁar níor cluineaḋ le bliaḋantaiḃ fada i ḃforaois na leoṁan. Mol sé do’n Dreóilín ḃeiṫ dána borb; duḃairt sé leis go raiḃ éanlaiṫ uile na foraoise réiḋ le díoġaltas a ḃaint de na leoṁain dá ngortadaois é. “agus bí cinnte,” ar sé, “i ndeireaḋ na cainnte, naċ mbeiḋ do ċéile agus t’ál gan coṫuġaḋ má eiriġeann aon ċeó ḋuiṫ”

Molaḋ an ċainnt sin, agus d’imṫiġ an dreóilín leis agus misneaċ mór aige.