Séadna/17

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
Séadna by Peadar Ua Laoghaire
Caibidiol 17
[ 139 ]
CAIBIDIOL A SEACHTDEUG.

Ghluaiseadar ortha suas, Séadna agus Diarmuid Liath, cos ar chois, go tigh Dhiarmuda.

Ní raibh rómpa ann ach cruinniughadh ban agus leanbh agus seandaoine, agus an tíncéir mór ’ghá léiriughadh dhóibh cad a bhí tar éis tuitim amach.

“Cad é sin a deir sé?” arsa Diarmuid le duine acu.

“Deir sé,” arsa ’n duine, “gurab amhlaidh atá Sadhbh fuaduighthe ag muíntir an rígh, agus go bhfuil Cormac an Chaincín agus a mhuíntir imthighthe ’na ndiaigh ar cos-anáirde chun í bhaint díobh, agus í thabhairt leó abhaile, mar go raibh sí féin agus Cormac réidh chun a bpósta.”

Chuadar isteach. Ní raibh aoinne rómpa istigh. Chuireadar lámh ar dhorus an tseómra. Bhí sé daingean ó’n dtaobh istigh. D’fheuchadar ar a chéile.

“Osgail an dorus, pé duine atá ansan!” arsa Diarmuid.

“Dún-sa dorus an tíghe ar dtúis,” arsa Sadhbh—isí a bhí ann. Do dhún.

D’osgail sí an dorus agus thaisbeáin sí dhóibh í féin, agus an clóca dearg uirthi, agus sgeón inti.

“Cad é an donas é seo,” ar sise, “atá ag eiríghe dos na daoine go léir, nó an ag imtheacht as a meabhair atáid? Bhíos am’ shuídhe sa chathaoir sin ansan. Bhí Síogaidhe imthighthe amach feuchaint an bhfeicfeadh sé thusa. Ní raibh sé ach ar éigin imthighthe a’ radharc an doruis nuair airigheas an choisidheacht agus an gleó agus an t-éirleach amuich. D’fheuchas amach, agus cad do chífinn ach an t-aonach ag déanamh ar an ndorus i n-aon tsluagh [ 140 ]amháin. An báille ar tosach agus a chlaidheamh ar tarang aige ’na láimh dheis agus a bhata draighin ’na láimh chlé, bior ar a dhá shúil agus fásgadh ’na bheul. Do léimeas chun an doruis a dhúnadh, ach bhí sé ró thapaidh dhom. ‘Ní baoghal duit, a Shadhbh,’ ar seisean, agus siúd siar sa tseómra é, agus beirt nó triúr i n-aonfheacht leis. Do rop sé na leapacha agus do rop sé fútha. An fhaid a bheitheá ag dúnadh do shúl bhí sé féin agus iad-san amuich arís. D’iompuigh sé ar na fearaibh. ‘D’imthigheadar,’ ar seisean. ‘Leanam iad!’ Ansan do cuireadh an liúgh suas go mb’éigin dom mo mhéireana do shádh am’ chluasaibh.”

“Feuch,” arsa Séadna. “Tá cuid de’n airgead agam-sa. Fuaras é i ndíol na mbróg.”

Agus do tharaing sé aníos as a phóca cúpla píosa óir. Do rug sé ar cheann acu agus chimil sé de mhuinichle a chasóige é ar feadh tamaill. Ba ghearr gur imthigh an dath breagh buídhe, agus gur tháinig i n-a inead dath glas luaidhe. Dá bhfeicfeá an dá shúil a tháinig do Shadhbh nuair a chonaic sí an méid sin!

“Cá bhfuaradh é sin?” ar sise.

“Do fuaradh,” arsa Séadna, “sa bhosca úd a tugadh duit-se le cur i gcoimeád. Dá mb’áil leó tuille de’n dath a chur suas ní móide go bhfaighfí amach chómh luath an gnó a bhí ar siúbhal acu. Is truagh ná raibh Cormac cúpla neómat níos túisge. B’fhéidir go dtiocfadh sé suas leó fós.”

“Ní thuigim cad tá ar siúbhal agat,” arsa Sadhbh.

“Isé atá ar siúbhal agam,” arsa Séadna, “go raibh ceathrar bitheamhnach ar lóisdín anso agat. Gur airgead bréagach a bhí sa bhosca. Gach ar ceannuigheadh de chapaillibh ar an aonach indiu, gur airgead bréagach a díoladh asta. Gur do’n rígh a ceannuigheadh formhór ar [ 141 ]ceannuigheadh de chapaillibh indiu, agus go bhfuil an dúthaigh creachta. Siné atá ar siúbhal agam.”

D’iompuigh sí uaidh. Thugadar fé ndeara a cosa ag imtheacht uaithi. Do rug a h-athair idir a dhá láimh uirthi. Mura mbéadh san do bhí sí ar an úrlár acu ’na cnaipe.

Síle.— An cailín bocht! Trí chéad punt imthighthe! Ba mhór a’ sgrupal é!

Nóra.— Ar chuaidh sí i laige, a Pheig?

Peig.— Am briathar gur chuaidh, agus go raibh a h-athair tamall maith ag greadadh a bas agus ag caitheamh uisge uirthi sul a dtáinig sí chuici féin. Agus nuair a tháinig, isé céad fhocal a labhair sí, “Airiú, greadadh chúgat!” ar sise, “cad is gádh dhuit mé bhasgadh agus mé bháth? Cad dob’ áil leat-sa anso?” ar sise le Séadna. “Imthigh leat abhaile,” ar sise. “Ní’l aon ghnó anso agat.”

Níor leig seisean air gur labhair sí.

“Tá eagla orm,” ar seisean le Diarmuid, “má beirtear orthu, gurb olc a raghaid siad as. Tá fearg ar Chormac. Is dóigh liom nach foláir nó go bhfuil rud éigin fóghanta beirthe uaidh acu. Ní fheaca riamh ag dul chun gnótha é le h-oiread binibe. Bhí sórt eagla ar a ghárda féin roimis. Geallaim dhuit gurab iad a bhí go tugtha agus go h-ollamh agus go h-imghníomhach, agus nach baoghal gur thug aoinne acu gach-re-seadh dhó. Ní bhéinn i gcás an fhir mhóir úd ar rud ná déarfainn, má tagtar suas leis.”

“Níor bhuail a leithéid de mhí-ádh riamh mé,” arsa Diarmuid. “Ar an áit seo do rugadh agus do tógadh mé, agus m’athair rómham, agus mo shean-athair. Ní raibh luach feóirlinge riamh le cur am’ leith, ná i leith aoinne des na seacht sínsearaibh a tháinig rómham. Ó! Ó! Ó! A bheith de chrann agus de phláinéid orm iad a [ 142 ]bhualadh chúgam an dorus isteach gan chuireadh gan iaraidh! Iad do thabhairt a n-aghaidh ar an dtigh seo seachas aon tigh eile sa tsráid ’ná i gcómhgar na sráide! Cad déarfaid na cómharsain ach gurab amhlaidh a bhí rún a ndroch bheart agam, agus gurab amhlaidh a bhíos ag cabhrughadh leó? Má theipean ar Chormac teacht suas leó,— an mhuintir go bhfuil a gcuid caillte acu tar éis an lae, má’s filleadh anso dhóibh agus a gcuaird i n-aistear acu, déarfaidh gach aoinne gur mise fé ndear é, mura mbéadh gur thugas rabhadh dhóibh ná béidís imthighthe chómh tapaidh. Ní fágfar cleith os cionn mo chinn, ná aon chnámh slán am’ chorp. Aililliú! Cad é mar mhí-fhortiún! Cad é mar thubaist! Cad tá le déanamh agam i n-aon chor, i n-aon chor? Is cruaidh an sgéal é i ndeire mo shaoghail! Ó! A chreach láidir é! A chreach láidir é! Cad a dhéanfad? Cad a dhéanfad?”

“Do bheul dh’éisteacht agus gan bheith ’ghár mbodharughadh, isé a dhéanfair,” arsa Sadhbh. “Ní thú atá caillte leis, ach mise. Má gheibhim fám’ lámhaibh é, stracfad an dá shúil amach as a cheann. Agus dáltha an sgéil, cad é an srangán a bhí fá d’theangain-se,” ar sise le Séadna, “nár labhair agus sinn ag gabháil thart páirc an aonaigh síos? Mar ’dh eadh nár thugais fé ndeara sinn! Thugais go dian mhaith. D’á fheabhas a leigis ort gan feuchaint orainn, do chonac-sa do shúil mhillteach orainn. Cad ’na thaobh nár labhrais an uair sin? Ní raibh mo chuid airgid tabhartha agam-sa dhó an uair sin. Cad a choimeád do bheul dúnta? Bhí do theanga bog go leór agat nuair a bhí sé ró dhéanach. Bhí sé chómh saor agat labhairt an uair sin agus a bhí sé agat labhairt ’na dhiaigh san. Pé donas greama atá agat ar Chormac nach beag duit cogar a thabhairt dó chun [ 143 ]é chomáint as a mheabhair, bhí sé chómh maith agat an cogar a thugais ’na dhiaigh san dó a thabhairt an uair sin dó, dá mba mhaith leat an gnó a dhéanamh sa cheart. Níor dhéinis. Do sgaoilis thart an aimsir go dtí go raibh mo chuid airgid tabhartha uaim agam, agus an cladhaire imthighthe. Ní fhéadfadh duine d’á aicme féin an sgéal a shocarughadh dhó níos deise ’ná a shocaruighis dó é. Pé ball ’na bhfuil sé anois, ní foláir nó tá sé buidheach díot. Daoine á mhaoidheamh gur bhuadhais-se ar an saoghal mór le géar-chúis! ’Seadh go díreach!”

An fhaid a bhí an méid sin cainte ar siúbhal, bhí Séadna ’na sheasamh ar aghaidh na beirte amach. A dhá láimh lastiar d’á dhrom. É ag feuchaint anonn ar an bhfalla, agus gur dhóigh leat go raibh radharc tríd an bhfalla aige ar rud éigin a bhí lastiar de. A dhá shúil ar dian-leathadh, agus gur dhóigh leat ortha gurab amhlaidh a chídís radharc éigin ná feiceadh súile aon duine eile. Gan cor aige dh’á chur d’á cheannachaibh. Gan cor aige dh’á chur d’aon bhall d’á bhallaibh beatha, ach chómh beag agus dá mbéadh sé gan anam gan anál.

Nuair a chíodh daoine sa mhachtnamh san é, bhíodh sórt sgáth agus eagla ortha roimis. D’fheuch Sadhbh air. D’éist sí, d’á mhéid buinne a bhí fúithi. D’fheuch sí airís air, agus am briathar gur dhruid sí uaidh anonn tamall.

Níor dhóigh leat air-sin gur airigh sé focal uaithi an fhaid a bhí sí ag caint, ná gur thug sé fé ndeara gur stad sí, ná gur dhruid sí uaidh.

Bhí tuitim na h-oídhche ann. Bhí Cormac agus a mhuíntir gan filleadh. Bhí cuid de na daoinibh d’imthigh leó agus nár fhéad coimeád suas leó, ag teacht tar n-ais i ndiaigh a chéile. Cuid acu ’ghá rádh go raibh beirthe ar na bitheamhnaigh agus cuid acu ’ghá rádh ná raibh. Bhí gasra acu bailighthe ar lár an bhóthair ar aghaidh tíghe [ 144 ]Dhiarmuda amach. Iad ag aighneas agus ag áiteamh ar a chéile. An tincéir mór eatartha istigh agus é ’ghá gceistiughadh.

Phreab Séadna as a mhachtnamh.

“A Dhiarmuid,” ar seisean, “dún an dorus so am’ dhiaigh agus daingnidh go maith é;” agus siúd amach é agus isteach i lár na muintire a bhí ag caint.

“Ar rugadh ortha?” ar seisean.

“Do rugadh,” arsa duine.

“Níor rugadh,” arsa duine eile.

“’Is dó, deirim-se gur rugadh,” arsa ’n chéad duine.

“Ná feacaidh mo dhá shúil lámh Chormaic ar sgórnaigh an fhir mhóir úd a bhí ag siúbhal an aonaigh indiu i dteannta Shadhbh Dhiarmuda? An é radharc mo shúl do mheasfá bhaint díom?”

“Dáltha an sgéil,” arsa ’n trímhadh duine, “ní fheadar cad do bheir Sadhbh Dhiarmuda ag siúbhal an aonaigh ’na theannta.”

“Ní fheadar-sa ach chómh beag leat,” arsa ’n ceathramhadh duine, “ná ní fheadar cad do bheir ag tigh Dhiarmuda i n-aon chor iad, isteach ’s amach ann, gur dhóich leat gur leó an áit. Siné dhall mé, agus daoine nach mé. Nuair chonac iad chómh dána i dtigh Dhiarmuda ní raibh blúire droch iontaoibhe agam asta. Do rugadar bramach breágh uaim. Bhéinn lán tsásta dá bhfaighinn deich bpúint fhichid air. Nuair airigheas an t-éirleach go léir d’á dhéanamh, agus an t-airgead mór thar na beartaibh d’á thabhairt ar aon rud i bhfuirm capaill, bhí iongnadh mo chroídhe orm. D’airigheas na daoine ’ghá rádh ná raibh ionta ach ceannuighthe. Go raibh airgead an rígh acu. Go bhfuaradar go bog é agus ná raibh d’ fhonn ortha ach é leigint uatha go bog. Dúbhart liom féin, nídh [ 145 ]nár bh’ iongnadh, go raibh sé chómh maith agam mo tharang do bheith agam as ó tharla an chaoi agam. D’iaras trí fichid. Fuaras é láithreach. Lán mo phóca de phláitíníbh luadha! Táim creachta acu! Mo bhramach breágh calma gur chaitheas an bhliaghain ’ghá chothúghadh! Mura mbéadh mé ’ghá bhfeiscint ag déanamh chómh dána ar thigh Dhiarmuda Léith ní bhuailfidís an bob san orm.”

“Siní an chaint!” arsa duine eile, agus fearg ’na ghlór. “Do buaileadh an bob céadna orm-sa, agus mura mbéadh Diarmuid Liath agus Sadhbh ní buailfí!”

“Tuille ’n donas chun Diarmuda,” arsa Séadna, “nár fheuch roimis. D’fhágadar beó bocht é féin agus Sadhbh.” Agus d’inis sé dhóibh tríd síos, ó thusach go deire, an sgéal, díreach fé mar thuit sé amach.

“Is é crích an sgéil é,” ar seisean, “go bhfuil eagal orm go n-eirgheóchaidh a chroídhe ar Dhiarmuid mura bhfuil eirighthe cheana aige air, agus go n-imtheóchaidh Sadhbh bhocht le craobhachaibh. Trí chéad púnt imthighthe! Ar chnuasaigh an bheirt riamh! Ní cuimhin liom a leithéid de sgrios. Ní fheadar ó thalamh an domhain cad dhéanfaid siad.”

“Dar fiadh!” arsa fear an bhramaigh, “d’á olcas atá an sgéal againne is measa acu-san é. Mura mbéadh tú ’ghá rádh ní chreidfinn focal dé. Ach dar ndóich ní foláir go bhfuil an fhírinne agat. Cad eile bhéarfadh amach í ’na gaosadán siúbhal an aonaigh leis agus an clóca dearg úd uirthi, ach gur cheap sí lom dáiríribh go raibh an cleamhnas déanta?”

“Ins an mbaile mór iseadh bhí an pósadh le déanamh,” arsa ’n tíncéir mór. “Ní dhéanfadh aon áit ba chómhgaraíghe an gnó. Ologón ó! Is fada mé ar an saoghal agus is ’mó bob glic do buaileadh orm le m’ ré, ach a leithéid sin de bhob ní fheaca riamh fós d’á bhualadh go dtí indiu, agus ní dócha go bhfeicfead airís.” [ 146 ]“Ciacu is mó na bobana a buaileadh ort nó na bobana a bhuailis?” arsa fear an bhramaigh.

“Fágaim le h-uadhacht,” arsa ’n tíncéir, “nach cuimhin liom gur bhuaileas aon bhob ar aoinne riamh. Ní cuimhin go deimhin.”

Dúbhairt sé an chaint chómh leanbaídhe sin gur sgairt a raibh láithreach ar gháirídhibh. D’airigh Sadhbh na gáirídhe agus má airigh cheap sí do phreib gur fúithi féin a bhí an magadh, óir bhí sí d’éis cainte Shéadna do chloistin agus é ag innsint chúrsaí an chleamhnais. Bhí náire agus fearg a dóithin uirthi an fhaid a bhí sí ag éisteacht leis, ach nuair airigh sí an sgairteadh gáire ó n-a raibh ar an mbóthar d’eirigh sí ar buile. Siúd amach í agus dhírigh sí ortha. Thug sí aghaidh na muc a’s na madraí ar Shéadna airís mar nár labhair sé i n-am, sul a raibh a cuid airgid imthighthe ag an “Síogaídhe” úd. Ansan thug sí aghaidh na muc a’s na madraí ar an dtíncéir, mar gheall ar bheith ag magadh fúithi.

“A phlubaire na gcorcán mbriste,” ar sise, “níor tháinig sé chun baile dhuit féin ná d’aoinne a bhain leat ins na seacht sínsearaibh a rádh go mbeitheá ag magadh fúm-sa.” Ansan do thug sí aghaidh ar fhear an bhramaigh mar do sgairt sé ar gháirídhibh nuair chonaic sé an oíde a tugadh ar an dtíncéir. “Is ró bheag an sgéal,” ar sise, “é dh’ imtheacht ortsa mar dh’ imthigh, agus dá n-imthigheadh sé níosa seacht measa ort. B’fhuirisde dhuit a aithint, nuair taraingeadh trí fichid púnt duit ar do bhraimín giobalach, gorta, droich-mhianaigh, nár dhuine macánta tharaing riamh air a leithéid d’ airgead. Ní raibh leigheas agat air. Bhí an tsaint ró láidir istigh ad’ chroídhe. Trí fichid púnt ar stuthairín bramaigh gan crot air, gan blúire foluígheachta ann, ach oiread le sean chaora! Greadadh chúgat, a spreallairín! Murab ort atá an chaint!” [ 147 ]“Éist, a Shadhbh!” arsa fear an bhramaigh. “Ná bíodh ceist ort. Tá sé buailte isteach am’ aigne, agus a raibh de dhaoinibh gan chiall ar an aonach so indiu, nach foláir nó is ró ghearr go bhfaghfar i mball éigin ar a measg amadán do phósfaidh gan spré thú.”

Airiú, do léim sí as a corp, agus sul a raibh a fhios aige cad a bhí chuige bhí an dá láimh go daingean aici ’na chuid féasóige agus í ’ghá stathadh. Do stath sí anonn é agus do stath sí anall é. Chuir sé a trí nó a ceathair de bhéiceanaibh as, mar chuirfeadh gamhain bolláin le linn na sgéine do chur ar a sgórnaigh. Níor bhuail sé í, cé gur mhór an fhoidhne aige é. Chuir sé an dá láimh léi agus do chaith sé uaidh amach í agus do rith sé leis féin. Ní folamh a thug sise na méireana léi. Ba dhóich leat go dtuitfeadh an t-anam tur teith as a raibh láithreach nuair chonacadar an folathachtadh a fuair fear an bhramaigh agus nuair a chonacadar an fhéasóg ar mhéireanaibh Shadhbh.

Le n-a linn sin bhí na daoine ag filleadh níos líonmhaire ó leanmhaint na mbitheamhnach. Fé mar thigidís bhíodh gach aoinne acu ’ghá fhiafraighe cad fé ndeár an sult nó cad a bhí ar siúbhal. Ba ghearr gur chuireadar a ndeacraí féin as a gceann agus gur luigh an chaint agus an trácht agus an cómhrádh go léir ar an matalong a bhí imthighthe ar Shadhbh agus ar Dhiarmuid Liath.

Síle.— Go deimhin, a Pheig, is dócha mura mbéadh san go n-imtheóchadh ortha mar adúbhairt Diarmuid féin, go marbhóchaí iad nó go loisgfí sa tigh iad ’na mbeathaigh.

Cáit.— Mura mbéadh Séadna bhí an sgéal go h-olc acu.

Síle.— Conus é sin, a Cháit? Dar ndóich má dúbhairt sé le Diarmuid an dorus do dhúnadh nár osgail Sadhbh féin é?

[ 148 ]

Cáit.— Ba chuma dúnta nó osgailte é mura mbéadh a ghlice chuir Séadna cúrsaí an chleamhnais agus na dtrí gcéad bpúnt i mbéalaibh na ndaoine. Siné shaor iad ó dhíbhfeirg na ndaoine.

Peig.— Agus bíodh nár thuig Sadhbh é, thug sí árd chongnamh do Shéadna sa sgéal. Nuair bhíodar ag feuchaint uirthi agus ag éisteacht léi ar feadh tamaill isé a dúbhradar le n-a chéile ’ná go raibh sí ag imtheacht as a meabhair glan. Tháinig beirt bhan d’á cómharsanaibh agus bhailigheadar leó isteach í. Ansan do leath an ráfla go raibh sí ar dearg-bhuile agus go mb’éigean í cheangal. Chuir san ó bhaoghal ar fad iad. Chreid gach aoinne ná rabhdar ciontach i ngnó na mbitheamhnach agus ná raibh aon rún acu air, agus ná raibh aoinne ba theinne do fágadh ’ná iad.

Caibidiol 17