Page:Seadna.djvu/144

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been validated.
140
SÉADNA

amháin. An báille ar tosach agus a chlaidheamh ar tarang aige ’na láimh dheis agus a bhata draighin ’na láimh chlé, bior ar a dhá shúil agus fásgadh ’na bheul. Do léimeas chun an doruis a dhúnadh, ach bhí sé ró thapaidh dhom. ‘Ní baoghal duit, a Shadhbh,’ ar seisean, agus siúd siar sa tseómra é, agus beirt nó triúr i n-aonfheacht leis. Do rop sé na leapacha agus do rop sé fútha. An fhaid a bheitheá ag dúnadh do shúl bhí sé féin agus iad-san amuich arís. D’iompuigh sé ar na fearaibh. ‘D’imthigheadar,’ ar seisean. ‘Leanam iad!’ Ansan do cuireadh an liúgh suas go mb’éigin dom mo mhéireana do shádh am’ chluasaibh.”

“Feuch,” arsa Séadna. “Tá cuid de’n airgead agam-sa. Fuaras é i ndíol na mbróg.”

Agus do tharaing sé aníos as a phóca cúpla píosa óir. Do rug sé ar cheann acu agus chimil sé de mhuinichle a chasóige é ar feadh tamaill. Ba ghearr gur imthigh an dath breagh buídhe, agus gur tháinig i n-a inead dath glas luaidhe. Dá bhfeicfeá an dá shúil a tháinig do Shadhbh nuair a chonaic sí an méid sin!

“Cá bhfuaradh é sin?” ar sise.

“Do fuaradh,” arsa Séadna, “sa bhosca úd a tugadh duit-se le cur i gcoimeád. Dá mb’áil leó tuille de’n dath a chur suas ní móide go bhfaighfí amach chómh luath an gnó a bhí ar siúbhal acu. Is truagh ná raibh Cormac cúpla neómat níos túisge. B’fhéidir go dtiocfadh sé suas leó fós.”

“Ní thuigim cad tá ar siúbhal agat,” arsa Sadhbh.

“Isé atá ar siúbhal agam,” arsa Séadna, “go raibh ceathrar bitheamhnach ar lóisdín anso agat. Gur airgead bréagach a bhí sa bhosca. Gach ar ceannuigheadh de chapaillibh ar an aonach indiu, gur airgead bréagach a díoladh asta. Gur do’n rígh a ceannuigheadh formhór ar