Jump to content

Séadna/16

From Wikisource
62705Séadna — Caibidiol 16Peadar Ua Laoghaire
[ 133 ]
CAIBIDIOL A SÉDEUG.

Lar na mháireach a bhí chugainn, bhí aonach sa tsráid. Bhí Séadna ar an aonach le h-ualach bróg. Bhí Micil ar an aonach ’na sheasamh leis an ualach. Bhí máthair Mhicil ar an aonach ag díol muice raimhre agus ag ceannach céise. Bhí Seághan Ceatach ar an aonach, agus stoc mór de bhuaibh seasga aige le díol ó’n gcnoc. Bhí Máire Ghearra ar an aonach i dteannta a h-athar. Bhí an báille ar an aonach, chómh plucach, chómh caincíneach, chómh mórchúiseach, chómh géar-shúileach, chómh tárr-leathan, chómh colpach, chómh tur agus bhí Seághan an Aonaigh riamh. Dá bhfeicfeá ag déanamh ort é, ba dhóigh leat air gurab amhlaidh a bhí bharántas ’na phóca aige ad’ choinnibh. Dá mba ná déanfá ach beannughadh dhó, d’fheuchfadh sé ort mar a fheuchfadh sé ar dhuine a bhéadh chun a bhuailte.

Bhí an uile shaghas eachradh ann, chómh h-iomadamhail agus bhí an chéad lá úd a tháinig Séadna ann chun capaill agus bó bhainne do cheannach. Bhí lucht cleas ann, agus lucht rinnce, agus lucht ceóil, agus lucht cartaí, agus lucht pócaí do phiocadh. Bhí tincéirí ann as gach áird idir chian agus cómhgar, agus is iad a bhí go buartha agus go bladhmanach, go droch mhúinte, go droch bhéasach agus go droch labhartha. Iad féin agus a mná agus a gclann ag dul i gcochall a chéile gur dhóigh leat go maireóbhaidís a chéile, agus ’na thaobh san ná marbhuighdís.

Bhí lucht méaracán ann. Ach má ’seadh, ní raibh fear méaracán Shéadna ortha, nó má bhí, ní bhfuair Séadna aon radharc air.

Do ritheadh an rás, fé mar a ritheadh an chéad lá. Bhí gach aoinne ag faire air. Nuair a bhí sé críochnuighthe [ 134 ]bhí gach aoinne ag ruith agus gach aoinne ag liúighrigh, ach má bhí, níor rith Séadna, ná níor liúigh sé.

Ní túisge a bhí an rás í leath-taoibh ’ná d’éirigh troid idir bheirt tíncéirí mar gheall ar cheannrach asail. Do phreab tíncéir ba threise ná aoinne acu eatortha isteach. Do chuir sé ó chéile iad agus do thóg sé féin an cheannrach.

Le n-a linn sin d’airigh Séadna na daoine ’na thímpal ag cogarnaigh.

“Feuch! feuch! feuch!” ar siad. D’fheuch sé sa treó i n-a rabhadar-san ag feuchaint. Cé chífeadh sé ag gabháil anuas lár páirce an aonaigh, agus an t-aonach ag déanamh slíghe dhóibh, ach an bheirt— Sadhbh agus an duine uasal iasachta!

Bhí culaith chraoidhearg ar dearg-lasadh ar Shadhbh, ó mhullach talamh. Bhí culaith éadaigh uasail air-sean, agus isé a bhí go piocaithe bearrtha, go cúmtha córach cothuighthe cumasach deagh-chroicinn. Do leath a shúile glan ar Shéadna nuair a thánadar ’na chómhgar. B’é an duine uasal céadna é ar ar eitigh sé an t-airgead agus ar ar thug sé “cladhaire díomhaoin”!

Ní fheidir sé ó thalamh an domhain cad ba mhaith dhó a rádh ná a dhéanamh. Níor dhéin sé ach stad mar a raibh aige agus éisteacht. Do bhuaileadar thairis, an pháirc síos, i ngoireacht trí ráinní dhó, gan feuchaint air, gan é thabhairt fé ndeara ach chómh beag agus dá mba ná béadh sé ann i n-aon chor. Do bhuaileadar suas ar an dtaobh eile de’n pháirc, na daoine ag osgailt na slíghe rómpa agus ansan ag síneadh na méar fútha, agus ag crothadh a gceann, agus ag dul ins na tríthíbh. Nuair a chonaic an tíncéir mór iad do stad sé ag feuchaint ortha, agus srian a asail ar a chuislinn aige. Nuair a bhíodar imthighthe thairis d’éaluigh sé ’na ndiaigh agus tharaing sé an tsrian ortha fé mar a bhéadh sé chun a mbuailte, ach [ 135 ]ní baoghal gur bhuail, ná gur mhothuigheadar é, ach ba dhóigh leat go dtuitfeadh an t-anam tur te as na daoine a bhí ag feuchaint ar an spórt.

Ní bhfuair Séadna aon tsult ann. Bhí iomarca iongnadh air.

“A Mhichíl,” ar seisean le Micil, “imthigh suas chómh géar agus tá sé ad’ chosaibh, agus abair le Diarmuid Liath go n-oirean dom labhairt láithreach leis.”

Do ghluais Micil. Sul a raibh sé leath na páirce suas do bhuail Diarmuid uime, agus d’fhilleadar.

“Cé h-é sin i n-aonfheacht le Sadhbh?” arsa Séadna.

“Ambasa, a Shéadna,” arsa Diarmuid, “ní’l puínn aithne agam-sa air, ach gur duine uasal é ó i n-aice an bhaile mhóir.”

“Cad é an ainim atá air?”

“Síogaidhe Mac Giolla Phádraig a thugaid a mhuintir air.”

“Cé h-iad a mhuintir?”

“Triúr eile uaisle a tháinig le n-a chois.”

“Cad a thug anso iad?”

“Thánadar ar an aonach.”

“Cad chuige?”

“Ag ceannach eachradh do’n rígh.”

“Cathain a thánadar?”

“Um thráthnóna árú indé.”

“Cár chaitheadar an aimsir ó shin?”

“Bhídís amuich formhór an lae, ach is agam-sa a thugaidís an oídhche.”

“Cad é an fuadar é seo fé Shadhbh?”

“Cleamhnas atá socair idir í féin agus Síogaidhe Mac Giolla Phádraig.”

[ 136 ]“Cá bhfios duit ná fuil bean cheana ag an nduine uasal san?”

“Sin é díreach adúbhairt an sagart aréir nuair a bhíos ag caint leis. Ach dúbhart-sa leis ná raibh uaim ach cead dh’fhághail uaidh do shagart éigin sa bhaile mhór chun iad a phósadh. Gan amhras, ní iarfadh sé an cead san dá mbéadh sé pósta agus bean cheana sa bhaile mhór aige.”

“Tuigim,” arsa Séadna. “Cé dhein an cleamhnas?”

“Is amhlaidh a bhíodar ag magadh agus ag caitheamh aimsire dhóibh féin an chéad oídhche. Gach aoinne acu ’ghá áiteamh ar an gcuid eile gur thúisge a phósfadh Sadhbh é féin ’ná aoinne dhíobh-san.—‘Cuirimís ar chrannaibh é,’ arsa duine acu.—‘B’fhéidir ná tógfadh sí an t-é go dtuitfeadh an crann air,’ arsa duine eile acu. Chuireadar chuici an cheist.—‘Tógfad,’ ar sise, ‘má thuitean an crann ar an bhfear a thaithnfidh liom.’ Fuaradar go léir ana shult sa méid sin. Do cuireadh ar chrannaibh é, agus do thuit an crann ar an bhfear a chonaicís le n-a cois ó chianaibh. Cheapamar uile ná raibh ann ach magadh, ach am briathar gur ghlac seisean de chroídhe dháiríríbh é. Nuair a mheas Sadhbh tarang as, ‘Ambasa, a ’nghean ó,’ ar seisean, ‘ní dhéanfaidh san an gnó dhuit. Dúbhraís go dtógfá an t-é air go dtuitfeadh an crann, dá dtuitfeadh an crann ar an bhfear a thaithnfeadh leat. Tóg mé anois, nó abair ná taithnim leat.’ B’é deire an aighnis é gur déineadh an cleamhnas.”

“Ar ceannuigheadh puínn capall do’n rígh?” arsa Séadna.

“An oídhche a thánadar,” arsa Diarmuid, “thugadar dhom, le cur i gcoimeád, bosca mór iarainn agus é lán go bara d’ór bhuídhe. Bhí muirighean mo dhá lámh ann. Ar maidin indiu do líonadar a bpócaí as, ag [ 137 ]gabháil amach dóibh. Nuair a bhíodh raint capall ceannuighthe acu agus díolta asta, agus iad féin agus a ngiollaí curtha ar bóthar acu, d’fhillidís agus bheiridís tuille de’n ór leó, agus cheannuighdís tuille. Fé dheire bhí an bosca folamh. Nuair a bhíodar ag díol as an raint déanach, bhí trí chéad púnt i n-easnamh ortha. Ní raibh sé oireamhnach agam-sa, ach bhí sé ag Sadhbh, agus thug sí dhóibh é ar iasacht go dtí go mbeidís go léir i bhfochair a chéile sa bhaile mhór.”

“A Mhichíl,” arsa Séadna, “glaoidh ar an mbáille chúgam. Tá sé ar an aonach.”

“Siné thuas é,” arsa Micil, “ag caint le Seághan Bolg ua Dála. Beidh sé anuas chúgat láithreach agam.”

Tháinig an báille.

“An ’mó fear agat?” arsa Séadna.

“Ní’l ach fear agus fiche,” arsa an báille.

“Cruinnigh iad láithreach tímpal tíghe Dhiarmud’ Léith,” arsa Séadna. Tá ceathrar bitheamhnach ann agus tá an t-aonach creachta acu.”

Chuir an báille fead as agus phreab sé chun siúbhail. Is beag ná gur thuit Diarmuid.

“Is fearra dhuit gan dul fé dhéin an tíghe go fóil,” arsa Séadna. “Ní’l siad súd gan arm faobhair, agus má théidhean an sgéal dian ortha béidh fuil acu. Fág fé Chormac iad. Tá cleas ar an mbata draighin úd aige a bhain fear láidir d’á bhonnaibh go minic.”

“Cá bhfios duit an bitheamhnaigh iad?” arsa Diarmuid.

“Sean-aithne bheith agam ar dhuine acu. An fear úd a bhí le Sadhbh ag siúl an aonaigh ó chianaibh, tháinig sé ag lorg airgid ar iasacht chúgam tá raint bliaghanta ó shin ann. Nuair a eitigheas an t-airgead air, dúbhairt sé go raibh ocras air. Níor chreideas focal uaidh, agus bhí a fhios aige nár chreideas. Do leig sé air ó chianaibh [ 138 ]nár aithin sé mé, ach d’aithin chómh maith díreach agus d’aithnigheas-sa é. Má thagan Cormac suas leis curfar deire le n-a chúrsaíbh agus le n-a chuid uaisleachta go ceann tamaill.”

Le n-a linn sin d’airigheadar an liúgh fhiaigh i dtreó tíghe Dhiarmuda suas. Do bhris ar an bhfoidhne ag Diarmuid.

“Ó!” ar seisean. “Marbhóchar Sadhbh bhocht eatortha!” Agus do rith sé chómh maith agus a bhí rith ag an nduine mbocht.

Do rug Séadna ar chuislinn air. “Ní’l baoghal uirthi,” ar seisean, “ach ní mar sin duit-se. Béidh an t-aonach bailighthe ansúd láithreach. Ní’l aoinne atá caillte leó súd ná béidh ag cur ortha. Is fearr as an slígh thusa, le h-eagla go ndéarfadh duine éigin go raibh rún a ngnótha agat, agus go n-iompóchadh na daoine ort.”

“Dia le m’anam!” arsa Diarmuid. “Cad a chas am’ threó iad i n-aon chor?”

“Do chas airgead Shadhbh,” arsa Séadna. “Ní raibh aon bheart eile acu le n-a dtiocfaidís air.”

“Tá an liúighreach ag stad. Táid siad ag dul chun suaimhnis. Téidhmís suas,” arsa Diarmuid.

“An bhfuil deire na mbróg díolta, a Mhichíl?” arsa Séadna.

“Tá, ach beagán,” arsa Micil.

“Gaibh an capall, má ’seadh, agus comáin leat abhaile,” arsa Séadna.

Caibidiol 16
62705Caibidiol 16