Séadna/15

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
Séadna by Peadar Ua Laoghaire
Caibidiol 15
[ 127 ]
CAIBIDIOL A CÚIGDEUG.

D’imthigh Seághan Ceatach abhaile, agus nuair a fuair sé an chaoi do tharaing sé anuas an sgeul.

“Ní’l aon tseó, a Mháire,” ar seisean, “ach a bhfuil de mhaitheas ag Séadna d’á dhéanamh ar fuid na dúithe. Ní fheadar an tsaoghal conus sheasuighean airgead dó. Isé mo thuairim ná fuil, nó gur beag má tá, aon duine bocht sa pharóiste anois ná fuil raint d’á chuid aige.”

“Ní’l, a athair,” ar sise, “ná dá ndéarfá ins na seacht bparóistíbh is goire dhi. Bíon iongnadh mo chroídhe orm féin, leis, nuair airighim na daoine ag caint, conus ná fuil sé briste fadó. Ní ’n-a sgillingíbh ná ’n-a phúntaibh atá an t-airgead ag imtheacht uaidh, ach i n-a fhichidibh agus ’n-a chéadaibh púnt.”

“Is minic a bhím ’ghá chuimhneamh,” ar seisean, “gur mór go léir an iongnadh, é a bheith ’ghá sgaoileadh uaidh ar an gcuma san. Dar ndóigh, d’fhéadfadh duine tairbhe dhéanamh, agus déirc a dhéanamh, agus carthanacht a dhéanamh, agus gan an éagcóir sin a dhéanamh air féin. Isé rud adeir a lán ’ná gurab ar éadtromacht atá sé.”

“Ar éadtromacht!” ar sise. “Is deacair dul uatha. Dá mbéadh sé ’na spriúnlóir neamh-maitheach do gheabhaidís locht air. Déarfaidís go raibh sé ag déanamh an airgid le saint agus le cruadháil. Anois, nuair nach féidir saint ná spriúnlaitheacht a chur ’na leith, ní foláir a rádh gur ar éadtromacht atá sé. Is maith an bhail air gur ró bheag é a shuim ’na gcaint. Pé cúis atá aige le bheith ag déanamh na maitheasa, is dócha go bhfuil fios a aigne féin aige.”

[ 128 ]“Tá daoine a déarfadh gur buairt aigne atá ag imirt air,” ar seisean, “buairt mhór éigin. Gur chuir sé ceangal nó geallamhaint nó rud éigin de’n tsórd san air féin, ceangal éigin nár thuig sé i gceart i n-am. Ansan nuair a thuig sé é féin agus a fuair sé cad a bhí déanta aige, i n-inead aon iaracht do thabhairt ar é féin d’fhuasgailt, gurab amhlaidh a chuaidh sé i n-éadóchas ar fad.”

D’éist Máire. Níor leig sí aon rud uirthi. Bhí iongnadh a croídhe uirthi.

“Ní h-éidir,” ar sise ’na h-aigne, “gurab amhlaidh do sgéidh an bhaintreach!”

“Ba chóir,” ar seisean, “dá mbeadh aon rud de’n tsórd san ar a aigne, go ’neósadh sé dhuit-se é an lá úd, i dtaobh a’s gur ró bheag an uain a thug sé dhó féin ar phuínn d’innsint duit.”

“Andaigh féin, ba chóir sin,” ar sise go neamhchuiseach. “Is dócha,” ar sise, “dá mbéadh rud d’á shórd ag déanamh buartha dhó, go dtabharfadh sé uain dó féin ar é dh’innsint, agus nuair nár thug, gur maith an cómhartha ná raibh.” Bhí stoca le n-a h-athair ’na láimh, agus í ag cur cléithe ann, agus ba dhóigh leat uirthi gur géire bhí a h-aigne ar an stoca ’ná ar an gcaint.

Is ar Sheághan a bhí an iongnadh ansan. “Níor inis sé riamh di é!” ar seisean i n’aigne féin. “Mhaise, is dócha,” ar seisean léi, “go bhfuil an ceart agat. Dá mbéadh sé ag déanamh buartha dhó do thabharfadh sé uain dó féin ar é dh’innsint.”

“Seo,” ar sise. “Cuir umat anois é, go bhfeicead an mbéidh sé ad’ ghortughadh.”

Síle.— Am briathar féin gur mhaith an bhail uirthi nár leig sí amach é. Ní bhéadh an meas céadna go bráth airís agam uirthi, an dá lá ’s an fhaid a mhairfeadh [ 129 ]sí, feuch! An rógaire! Nach áiseach a bhí an stoca aici! A dhe mhaise, Mháire, níor theip riamh ort.

Gobnait.— Cad a dhéin Seághan ansan, a Pheig?

Peig.— Chómh luath agus bhí caoi aige air, do bhuail sé soir chun tíghe an tsagairt.

“Seadh, a Athair,” ar seisean, “táim níos daille anois ar an sgeul ’ná bhíos riamh.”

“Conus é sin?” arsa ’n sagart.

“Pé rud adúbhairt sé le Máire an lá bhí sé thiar, níor thrácht sé léi ar cheangal ná ar gheallamhaint phósta.”

Ar éigin a bhí an focal as a bheul nuair d’airigheadar coiscéim ag déanamh ar an ndorus. Do bhuail chúca isteach— Diarmuid Liath féin!

“Dé bheatha-sa, a Dhiarmuid!” arsa ’n sagart.

“Go mairir, a Athair!” arsa Diarmuid. “Conus táir, a Sheághain?”

“Go maith, slán a bhéir!” arsa Seághan.

Dhéineadar raint cainte, caint ná raibh puínn suime ag aoinne acu inti.

Fé dheire dúbhairt Diarmuid, “Dá mb’é do thoil é, a Athair,” ar seisean, “d’oirfeadh dhom beagán cainte dhéanamh leat.”

“Ar mhisde leat-sa fanamhaint anso tamaillín, a Sheághain?” arsa ’n sagart.

“Tá go maith, a Athair,” arsa Seághan. “Ná bacaidh mise.”

D’imthigheadar isteach i seómra eile.

D’imthigh tamaillín, agus d’imthigh tamall mór ’na dhiaigh. Fé dheire d’imthigh Diarmuid agus d’fhill an sagart. Isé a bhí ag feuchaint go greannmhar.

“Seadh, a Sheághain,” ar seisean, “tá do cheist-se réidhtighthe, pé i n-Éirinn é.”

“Conus é sin, a Athair?” ar seisean.

[ 130 ]“Tá Sadhbh le pósadh,” arsa ’n sagart.

“Mo ghraidhn mo shúil!” arsa Seághan. “Nach maith a bhí a fhios agam go raibh an greim dúid aici air agus ná sgarfadh sí leis!”

“Ní le Séadna atá sí le pósadh,” arsa ’n sagart.

Do stad Seághan, agus do leath a shúile air.

“Ní le Séadna é, an eadh?” ar seisean.

“Ní leis,” arsa ’n sagart. “Ní féidir liom a dhéanamh amach cé h-é féin. Deir Diarmuid gur duine uasal é agus gur aníos ó i n-aice an bhaile mhóir i mball éigin é, agus nach beag de sheó a bhfuil d’ór agus d’airgead agus de shaidhbhreas aige. Deir sé gur sa bhaile mhór a pósfar iad. Ní’l uaidh ach cead d’fhághail uaim-se go bpósfadh an sagart thíos iad. Bronnaim air iad go fonnmhar, geallaim dhuit é. Ní misde liom gan aon lámh a bheith agam sa ghnó. Tá eagal orm gurab olc an gnó é. D’iaras air an sgéal a chur ar gcúlaibh go ceann raint laetheanta go mbéadh uain agam ar thuairisg na h-áite thíos do chur, agus ar a dhéanamh amach cé h-é an duine uasal mór so go bhfuil an saidhbhreas go léir aige, agus cad é an chúis ná féadfadh sé bean d’fhághail thíos ’na dhúthaigh féin agus gan teacht chómh fada ó bhaile ar lorg mná. Ní thaithnean an sgéal ró mhaith leis an nduine mbocht féin, ach deir sé go bhfuil an gnó go léir socair ag Sadhbh agus ag an nduine uasal.”

“Ar iompáil na n-each tig atharach na sgéal,” arsa Seághan. “Ní raibh de choinne agam leis an méid sin ach oiread agus bhí agam go dtuitfeadh an spéir uachdarach. Pé deire bheidh ar an ngnó so, tá deire le caint Shadhbh i dtaobh aon éilimh a bheith aici ar Shéadna. Pé ’cu bhí greim geallamhna aici air nó ná raibh, go dtí seo, ní féidir dí a leigint uirthi níos mó go bhfuil, ná go raibh riamh. Is olc an ghaoth ná séidean do dhuine éigin.”

[ 131 ]“Ná codail ar an gcluais sin, a Sheághain,” arsa ’n sagart. “Ní’l aithne cheart agat ar Shadhbh. Isí bean is dána d’ár bhuail riamh umam í. Ní chuirfeadh sé blúire iongnadh orm, dá mba rud é go dteipfeadh an gnó so uirthi, dá ráineóchadh go bhfágfadh an duine uasal so Baile Átha Cliath ar an mbóthar aici, í a theacht os cómhair na dúithe airís chómh dána agus bhí sí riamh, ’ghá chur ’na luíghe orainn go léir go raibh fhiachaibh ar Shéadna í phósadh.”

“Agus cé chreidfeadh í, a Athair?” arsa Seághan.

“Is dócha,” arsa ’n sagart, “aoinne fheuchfadh isteach sa sgéal, ná creidfeadh sé í, ach is gnáth le daoine sgéal de’n tsaghas san do ghlacadh gan feuchaint chuige puínn. Níor ghéilleas féin riamh do ráidhtibh aoinne gur thug sé geallamhaint di, go dtí gur chuiris-se ’na luíghe orm é an lá deirineach úd a bhíomair ag trácht air. Agus táim deimhnightheach anois go raibh dearmhad ort. Táim lán-deimhnightheach, pé rud atá ag teacht idir Shéadna agus pósadh t’ inghíne-se, ná baineann sé le Sadhbh agus ná bainean Sadhbh leis, olc maith ná donaídhe.”

“Tá súil agam,” arsa Seághan, “go bpósfaidh an duine uasal so í, pé h-é féin. Níor mhór liom dó í. Dá mbéadh sí arduighthe leis go dtí an baile mór aige, ba mhór an suaimhneas ar an ndúthaigh é.”

“Tá eagal orm, a Sheághain,” arsa ’n sagart, “nach mar mhaithe leis an nduine uasal bocht adeirir-se an méid sin.”

“Dáltha an chait, a Athair,” arsa Seághan. “Mar mhaithe leis féin a dheinean an cat crónán.”

“Ach ’na thaobh san a’s uile,” arsa ’n sagart, “ní fios cia’cu den bheirt, Sadhbh nó an duine uasal, is mó bhéidh beirthe ná caillte leis an bpósadh, má théidhean sé chun cinn. Má’s duine uasal fóghanta é, is fada nár [ 132 ]tháinig ó’n mbaile mór aon amadán chómh críochnuighthe leis. Siní an cailín a thabharfaidh fios aitheanta a chreidimh dó sul a mbéidh sé abhfad pósta aici. Má’s feallaire é, ní maithfear puínn dó. Má cheapan sé i n’aigne go dtiocfaidh leis smacht a chur ar Shadhbh, tá an dearmhad ar an bhfear mbocht is mó bhí riamh air. Níor cuireadh smacht ar Shadhbh i n-am. Do cailleadh a máthair sul a raibh sí bliaghain iomlán. Thug Diarmuid a slígh féin di go dtí go raibh sé ró dhéanach, go dtí go raibh sí imthighthe ó smacht.”

“Ní dóigh liom gur cúrsaidhe smachta é, a Athair,” arsa Seághan. “Do cailleadh Aoibhlín orm-sa agus gan Máire bheag ach dhá bhliaghain. Níor chuireas aon smacht riamh ar an leanbh san. Do tugadh a slígh di, má tugadh d’aoinne é. Oiread agus labhairt árd léi níor déineadh é, ní áirmhighim focal feargach a labhairt léi, ná buille bhualadh uirthi. Agus feuch conus mar atá an sgéal againn. Chómh siúrálta agus tháir ad’ shuídhe ansan, is túisge a chuimhnighean sí ar an rud a bhíon uaim ’ná mar a chuimhnighim féin air.”

“Gan amhras, a Sheághain,” arsa ’n sagart, “bíon grástamhlacht i ndaoinibh seachas a chéile, agus bíon an braon fóghanta i ndaoinibh seachas a chéile, agus an droch bhraon. Ach mar sin féin, chómh fada agus a théidhean an choitchiantacht, is fíor é an sean-fhocal agus ní sáróchar é, ‘Ní bhíon an rath ach mar a mbíon an smacht.’”

Chomáineadar leó ar an gcuma san ag caint agus ag cur thré chéile, Seághan Ceatach go sásta i n’aigne agus go ró bhuidheach de’n duine uasal a tháinig chómh fada fá dhéin Shadhbh, agus an sagart go neamh-shásta i n’aigne le h-eagla nach aon chrích fhóghanta a bhéarfadh gnó Shadhbh agus an duine uasail iasachta.

Caibidiol 15