Page:Seadna.djvu/136

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been validated.
132
SÉADNA

tháinig ó’n mbaile mór aon amadán chómh críochnuighthe leis. Siní an cailín a thabharfaidh fios aitheanta a chreidimh dó sul a mbéidh sé abhfad pósta aici. Má’s feallaire é, ní maithfear puínn dó. Má cheapan sé i n’aigne go dtiocfaidh leis smacht a chur ar Shadhbh, tá an dearmhad ar an bhfear mbocht is mó bhí riamh air. Níor cuireadh smacht ar Shadhbh i n-am. Do cailleadh a máthair sul a raibh sí bliaghain iomlán. Thug Diarmuid a slígh féin di go dtí go raibh sé ró dhéanach, go dtí go raibh sí imthighthe ó smacht.”

“Ní dóigh liom gur cúrsaidhe smachta é, a Athair,” arsa Seághan. “Do cailleadh Aoibhlín orm-sa agus gan Máire bheag ach dhá bhliaghain. Níor chuireas aon smacht riamh ar an leanbh san. Do tugadh a slígh di, má tugadh d’aoinne é. Oiread agus labhairt árd léi níor déineadh é, ní áirmhighim focal feargach a labhairt léi, ná buille bhualadh uirthi. Agus feuch conus mar atá an sgéal againn. Chómh siúrálta agus tháir ad’ shuídhe ansan, is túisge a chuimhnighean sí ar an rud a bhíon uaim ’ná mar a chuimhnighim féin air.”

“Gan amhras, a Sheághain,” arsa ’n sagart, “bíon grástamhlacht i ndaoinibh seachas a chéile, agus bíon an braon fóghanta i ndaoinibh seachas a chéile, agus an droch bhraon. Ach mar sin féin, chómh fada agus a théidhean an choitchiantacht, is fíor é an sean-fhocal agus ní sáróchar é, ‘Ní bhíon an rath ach mar a mbíon an smacht.’”

Chomáineadar leó ar an gcuma san ag caint agus ag cur thré chéile, Seághan Ceatach go sásta i n’aigne agus go ró bhuidheach de’n duine uasal a tháinig chómh fada fá dhéin Shadhbh, agus an sagart go neamh-shásta i n’aigne le h-eagla nach aon chrích fhóghanta a bhéarfadh gnó Shadhbh agus an duine uasail iasachta.