Page:Seadna.djvu/134

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been validated.
130
SÉADNA

“Tá Sadhbh le pósadh,” arsa ’n sagart.

“Mo ghraidhn mo shúil!” arsa Seághan. “Nach maith a bhí a fhios agam go raibh an greim dúid aici air agus ná sgarfadh sí leis!”

“Ní le Séadna atá sí le pósadh,” arsa ’n sagart.

Do stad Seághan, agus do leath a shúile air.

“Ní le Séadna é, an eadh?” ar seisean.

“Ní leis,” arsa ’n sagart. “Ní féidir liom a dhéanamh amach cé h-é féin. Deir Diarmuid gur duine uasal é agus gur aníos ó i n-aice an bhaile mhóir i mball éigin é, agus nach beag de sheó a bhfuil d’ór agus d’airgead agus de shaidhbhreas aige. Deir sé gur sa bhaile mhór a pósfar iad. Ní’l uaidh ach cead d’fhághail uaim-se go bpósfadh an sagart thíos iad. Bronnaim air iad go fonnmhar, geallaim dhuit é. Ní misde liom gan aon lámh a bheith agam sa ghnó. Tá eagal orm gurab olc an gnó é. D’iaras air an sgéal a chur ar gcúlaibh go ceann raint laetheanta go mbéadh uain agam ar thuairisg na h-áite thíos do chur, agus ar a dhéanamh amach cé h-é an duine uasal mór so go bhfuil an saidhbhreas go léir aige, agus cad é an chúis ná féadfadh sé bean d’fhághail thíos ’na dhúthaigh féin agus gan teacht chómh fada ó bhaile ar lorg mná. Ní thaithnean an sgéal ró mhaith leis an nduine mbocht féin, ach deir sé go bhfuil an gnó go léir socair ag Sadhbh agus ag an nduine uasal.”

“Ar iompáil na n-each tig atharach na sgéal,” arsa Seághan. “Ní raibh de choinne agam leis an méid sin ach oiread agus bhí agam go dtuitfeadh an spéir uachdarach. Pé deire bheidh ar an ngnó so, tá deire le caint Shadhbh i dtaobh aon éilimh a bheith aici ar Shéadna. Pé ’cu bhí greim geallamhna aici air nó ná raibh, go dtí seo, ní féidir dí a leigint uirthi níos mó go bhfuil, ná go raibh riamh. Is olc an ghaoth ná séidean do dhuine éigin.”