Page:Seadna.djvu/131

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been validated.
127
SÉADNA
CAIBIDIOL A CÚIGDEUG.

D’imthigh Seághan Ceatach abhaile, agus nuair a fuair sé an chaoi do tharaing sé anuas an sgeul.

“Ní’l aon tseó, a Mháire,” ar seisean, “ach a bhfuil de mhaitheas ag Séadna d’á dhéanamh ar fuid na dúithe. Ní fheadar an tsaoghal conus sheasuighean airgead dó. Isé mo thuairim ná fuil, nó gur beag má tá, aon duine bocht sa pharóiste anois ná fuil raint d’á chuid aige.”

“Ní’l, a athair,” ar sise, “ná dá ndéarfá ins na seacht bparóistíbh is goire dhi. Bíon iongnadh mo chroídhe orm féin, leis, nuair airighim na daoine ag caint, conus ná fuil sé briste fadó. Ní ’n-a sgillingíbh ná ’n-a phúntaibh atá an t-airgead ag imtheacht uaidh, ach i n-a fhichidibh agus ’n-a chéadaibh púnt.”

“Is minic a bhím ’ghá chuimhneamh,” ar seisean, “gur mór go léir an iongnadh, é a bheith ’ghá sgaoileadh uaidh ar an gcuma san. Dar ndóigh, d’fhéadfadh duine tairbhe dhéanamh, agus déirc a dhéanamh, agus carthanacht a dhéanamh, agus gan an éagcóir sin a dhéanamh air féin. Isé rud adeir a lán ’ná gurab ar éadtromacht atá sé.”

“Ar éadtromacht!” ar sise. “Is deacair dul uatha. Dá mbéadh sé ’na spriúnlóir neamh-maitheach do gheabhaidís locht air. Déarfaidís go raibh sé ag déanamh an airgid le saint agus le cruadháil. Anois, nuair nach féidir saint ná spriúnlaitheacht a chur ’na leith, ní foláir a rádh gur ar éadtromacht atá sé. Is maith an bhail air gur ró bheag é a shuim ’na gcaint. Pé cúis atá aige le bheith ag déanamh na maitheasa, is dócha go bhfuil fios a aigne féin aige.”