nár aithin sé mé, ach d’aithin chómh maith díreach agus d’aithnigheas-sa é. Má thagan Cormac suas leis curfar deire le n-a chúrsaíbh agus le n-a chuid uaisleachta go ceann tamaill.”
Le n-a linn sin d’airigheadar an liúgh fhiaigh i dtreó tíghe Dhiarmuda suas. Do bhris ar an bhfoidhne ag Diarmuid.
“Ó!” ar seisean. “Marbhóchar Sadhbh bhocht eatortha!” Agus do rith sé chómh maith agus a bhí rith ag an nduine mbocht.
Do rug Séadna ar chuislinn air. “Ní’l baoghal uirthi,” ar seisean, “ach ní mar sin duit-se. Béidh an t-aonach bailighthe ansúd láithreach. Ní’l aoinne atá caillte leó súd ná béidh ag cur ortha. Is fearr as an slígh thusa, le h-eagla go ndéarfadh duine éigin go raibh rún a ngnótha agat, agus go n-iompóchadh na daoine ort.”
“Dia le m’anam!” arsa Diarmuid. “Cad a chas am’ threó iad i n-aon chor?”
“Do chas airgead Shadhbh,” arsa Séadna. “Ní raibh aon bheart eile acu le n-a dtiocfaidís air.”
“Tá an liúighreach ag stad. Táid siad ag dul chun suaimhnis. Téidhmís suas,” arsa Diarmuid.
“An bhfuil deire na mbróg díolta, a Mhichíl?” arsa Séadna.
“Tá, ach beagán,” arsa Micil.
“Gaibh an capall, má ’seadh, agus comáin leat abhaile,” arsa Séadna.