Page:Seadna.djvu/148

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been validated.
144
SÉADNA

Dhiarmuda amach. Iad ag aighneas agus ag áiteamh ar a chéile. An tincéir mór eatartha istigh agus é ’ghá gceistiughadh.

Phreab Séadna as a mhachtnamh.

“A Dhiarmuid,” ar seisean, “dún an dorus so am’ dhiaigh agus daingnidh go maith é;” agus siúd amach é agus isteach i lár na muintire a bhí ag caint.

“Ar rugadh ortha?” ar seisean.

“Do rugadh,” arsa duine.

“Níor rugadh,” arsa duine eile.

“’Is dó, deirim-se gur rugadh,” arsa ’n chéad duine.

“Ná feacaidh mo dhá shúil lámh Chormaic ar sgórnaigh an fhir mhóir úd a bhí ag siúbhal an aonaigh indiu i dteannta Shadhbh Dhiarmuda? An é radharc mo shúl do mheasfá bhaint díom?”

“Dáltha an sgéil,” arsa ’n trímhadh duine, “ní fheadar cad do bheir Sadhbh Dhiarmuda ag siúbhal an aonaigh ’na theannta.”

“Ní fheadar-sa ach chómh beag leat,” arsa ’n ceathramhadh duine, “ná ní fheadar cad do bheir ag tigh Dhiarmuda i n-aon chor iad, isteach ’s amach ann, gur dhóich leat gur leó an áit. Siné dhall mé, agus daoine nach mé. Nuair chonac iad chómh dána i dtigh Dhiarmuda ní raibh blúire droch iontaoibhe agam asta. Do rugadar bramach breágh uaim. Bhéinn lán tsásta dá bhfaighinn deich bpúint fhichid air. Nuair airigheas an t-éirleach go léir d’á dhéanamh, agus an t-airgead mór thar na beartaibh d’á thabhairt ar aon rud i bhfuirm capaill, bhí iongnadh mo chroídhe orm. D’airigheas na daoine ’ghá rádh ná raibh ionta ach ceannuighthe. Go raibh airgead an rígh acu. Go bhfuaradar go bog é agus ná raibh d’ fhonn ortha ach é leigint uatha go bog. Dúbhart liom féin, nídh