Page:Seadna.djvu/146

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been validated.
142
SÉADNA

bhualadh chúgam an dorus isteach gan chuireadh gan iaraidh! Iad do thabhairt a n-aghaidh ar an dtigh seo seachas aon tigh eile sa tsráid ’ná i gcómhgar na sráide! Cad déarfaid na cómharsain ach gurab amhlaidh a bhí rún a ndroch bheart agam, agus gurab amhlaidh a bhíos ag cabhrughadh leó? Má theipean ar Chormac teacht suas leó,— an mhuintir go bhfuil a gcuid caillte acu tar éis an lae, má’s filleadh anso dhóibh agus a gcuaird i n-aistear acu, déarfaidh gach aoinne gur mise fé ndear é, mura mbéadh gur thugas rabhadh dhóibh ná béidís imthighthe chómh tapaidh. Ní fágfar cleith os cionn mo chinn, ná aon chnámh slán am’ chorp. Aililliú! Cad é mar mhí-fhortiún! Cad é mar thubaist! Cad tá le déanamh agam i n-aon chor, i n-aon chor? Is cruaidh an sgéal é i ndeire mo shaoghail! Ó! A chreach láidir é! A chreach láidir é! Cad a dhéanfad? Cad a dhéanfad?”

“Do bheul dh’éisteacht agus gan bheith ’ghár mbodharughadh, isé a dhéanfair,” arsa Sadhbh. “Ní thú atá caillte leis, ach mise. Má gheibhim fám’ lámhaibh é, stracfad an dá shúil amach as a cheann. Agus dáltha an sgéil, cad é an srangán a bhí fá d’theangain-se,” ar sise le Séadna, “nár labhair agus sinn ag gabháil thart páirc an aonaigh síos? Mar ’dh eadh nár thugais fé ndeara sinn! Thugais go dian mhaith. D’á fheabhas a leigis ort gan feuchaint orainn, do chonac-sa do shúil mhillteach orainn. Cad ’na thaobh nár labhrais an uair sin? Ní raibh mo chuid airgid tabhartha agam-sa dhó an uair sin. Cad a choimeád do bheul dúnta? Bhí do theanga bog go leór agat nuair a bhí sé ró dhéanach. Bhí sé chómh saor agat labhairt an uair sin agus a bhí sé agat labhairt ’na dhiaigh san. Pé donas greama atá agat ar Chormac nach beag duit cogar a thabhairt dó chun