Page:Na Cheithre Soisgéil.djvu/98

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.
88
Caib. I. 8
MARCUS

[1]8Do bhaisteas-sa sibh le h‑uisge; baistfidh sé siúd sibh, ámhthach, leis an Spioriad Naomh.

9Agus do thárla, ins na laethibh sin, go dtáinig Íosa ó Nasaret Ghaililí agus gur bhaist Eóin é sa n‑Iórdan. 10Agus láithreach nuair a tháinig sé aníos as an uisge, do chonaic sé na flathais ar osgailt agus an Spioraid Naomh ag teacht anuas i bhfuirm colúir agus ag túirling air. 11Agus tháinig an guth as na flathais: Is tusa mo Mhac dílis; is ort atá mo ghreann.

12Agus láithreach do sheól an Spioraid amach sa bhfásach é; 13Agus bhí sé sa bhfásach dachad lá agus dachad oidhche, agus bhí Sátan ag cur catha air, agus bhí sé ameasg na mbeithigheach allta, agus bhí na h‑aingil ag friothálamh air.


14Agus nuair a bhí Eóin curtha sa phríosún, tháinig Íosa isteach i nGaililí ag craobhsgaoileadh soisgéil rígheachta Dé. 15Agus dubhairt sé: Tá an aimsir caithte, agus tá rígheacht Dé buailte libh. Deinidh aithrighe agus creididh an soisgéal.

16Agus bhí sé ag siubhal ar bruach mara Ghaililí agus chonaic sé Símón agus Aindrias a dhritháir ag cuf líonta sa bhfaraige (mar iasgairí ab eadh iad). 17Agus dubhairt Íosa leó: Leanaidh mise agus déanfad iasgairí ar dhaoine dhíbh. 18Agus d’fhágadar ansan na líonta agus do leanadar é láithreach. 19Agus nuair a bhí sé imthighthe tamall beag ó’n áit sin chonaic sé Séamus mac Sebedé agus Eóin a dhritháir agus iad ag socarú a líonta sa luing; 20Agus do ghlaoidh sé ortha láithreach agus d’fhágadar ansan sa luing Sebedé a n‑athair agus a lucht oibre, agus do leanadar eisean.


21Agus chuadar isteach i gCapharnaum, agus gan mhoill, sa tsabbóid, théigheadh sé isteach sa tsinagóig agus dheineadh sé teagasg. [2]22Agus do chuir a theagasg iongna ortha, mar do theagaisg sé mar duine go raibh comhacht aige, murar bh’ionan a’s na Sgríbhneóirí.