Page:Na Cheithre Soisgéil.djvu/97

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.

SOISGÉAL NAOMHTHA ÍOSA CRÍOST

DO RÉIR

MHARCUIS


Deisgiobul do N. Peadar ab eadh Marcus Naomhtha agus mínightheóir dó (adeir N. Ierom). Do réir mar airigh é ó Pheadar féin do sgríbh sé, sa Róimh, fé mar iarr na bráithre air, Soisgéal gearr, tímpal deich mbliana tar éis deasgabhála ár Slánuightheóra. Do mhol N. Peadar an sgríbhinn sin, nuair airigh sé é, agus d’órduigh sé go léighfí é go puibilídhe san Eaglais. Deir Baronius, agus tuille gur sa Laidin a dheineadh an sgríbhinn, ach tá níos mó adeir gur sa Ghréigis a deineadh é.




CAIBIDIOL I.

Seanmóiniú Eóin Baiste. Críost d’á bhaiste aige. É ag glaodhach a dheisgiobul agus ag déanamh mírbhúiltí.


1Tusach Soisgéil Íosa Chríost, Mhic Dé.

2Mar atá sgríobhtha i n‑Isáias fáidh: [1]Féach, táim ag cur mo teachtaire rómhat chun na slighe d’ollamhú rómhat. [2]3Guth duine ag glaodhach sa bhfásach: Ollamhuighidh an tslígh do’n Tighearna; deinidh a chasáin do dhíriú dhó. 4Bhí Eóin sa bhfásach ag baisteadh agus ag fógairt baiste chun aithrighe agus chun maitheamhnachais peacaí. 5Agus bhí muintir Iudaéa agus muintir Ierúsaleim go léir ag dul amach ag triall air, agus bhí sé ’ghá mbaisteadh i n‑abhainn Iórdain, agus iad ag admháil a bpeacaí. 6Agus ruainneach camail iseadh bhí mar éadach ar Eóin, agus crios leathair ar a chom, [3]agus isé bia a bhí aige ’ná lócuistí agus mil fhiain. 7Agus seo mar a dheineadh sé fógairt: Tá duine is mó cómhacht ’ná mise ag teacht am dhiaidh, agus ní fiú mé go gcromfainn agus go sgaoilfinn iall a bhróige.

  1. Mal. iii. 1.
  2. Isáias xl. 3.
  3. Lebhit. xi. 22.
87