Page:Na Cheithre Soisgéil.djvu/99

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.
Caib. I. 23
89
MARCUS

23Agus bhí sa tsinagóig acu duine go raibh spioraid neamhghlan istigh ann, agus do liúigh sé amach: 24Cad í an bhaint atá agatsa agus againne le n‑a chéile, a Íosa Nasareit? ar seisean. An chun sinn a mhilleadh a tháinís annso? Tá fhios agam cé h‑é thu, Aon Naomhtha Dé. 25Agus do smachtuigh Íosa é agus dubhairt sé: Bí ciúin agus imthigh amach as an nduine. 26Ansan do chuir an annsprid truaillighthe sgread as, agus bhain sé stracadh as an nduine, agus d’imthigh; sé amach as. 27Agus tháinig iongna ar na daoine go léir, agus bíodar ag fiafraighe dhá chéile; agus deiridís: Cad é seo? cad é an teagasg nua é seo? go gcuireann sé smacht ar na h‑annspridíbh truaillighthe féin, agus go ngéillid siad dó? 28Agus do ghluais a thuairisg láithreach tré crích Ghaililí go léir.

29Agus thánadar láithreach amach as an sinagóig agus chánadar go tigh Shímóin agus Aindriais, i n‑aonfheacht le Séamus agus le h‑Eóin. 30Agus bhí máthair céile Shímóin ’n‑a luighe le fiabhras, agus do labhradar leis láithreach ’n‑a taobh. 31Agus tháinig sé agus do rug sé ar láimh uirthi agus thóg sé suas í, agus d’imthigh an fiabhras di láithreach, agus dhein sí friothálamh ortha.

32Agus nuair a tháinig an tráthnóna agus chuaidh grian fé, thugadar ag triall air gach aoinne a bhí as a shláinte agus gach aoinne go raibh deamhan ann. 33Agus bhí muintir an bhaile go léir cruinnighthe ag an ndorus; 34Agus do leighis sé na sluaighte daoine ó gach saghas galair d’á raibh ortha, [1]agus chuir sé amach na sluaighte deamhan, agus níor leig sé dhóibh labhairt, mar d’aithnígheadar é.

35Agus d’eirigh sé ana-mhoch ar maidin, agus d’imthigh sé amach agus chuaidh sé go h‑áit uaigneach, agus bhí sé ag guidhe ann. 36Agus do lean Símón é, agus an mhuintir a bhí ’n‑a theannta. 37Agus nuair a fuaradar é dubhradar leis: Táid na daoine go léir at’ lorg. 38Agus dubhairt sé leó: Téighmís isteach ins na sráidibh agus ins na bailtibh beaga atá i n‑ár gcómhgar go ndeinead craobhsgaoileadh ionta, óir is chuige sin a thánag.