Page:Na Cheithre Soisgéil.djvu/100

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.
90
Caib. I. 39
MARCUS

39Agus bhí sé ag seanmóin ins na sinagógaibh acu ar fuid Ghaililí go léir, agus ag cur deamhan amach.

40Agus tháinig chuige lobhar, ’ghá ghuidhe, agus d’úmhluigh sé dhó agus dubhairt sé: Má’s toil leat é is féidir duit mé ghlanadh. 41Agus tháinig truagh ag Íosa dhó, agus do shín sé a lám agus chuir sé air í, agus dubhairt sé: Is toil liom é; glantar thu. 42Agus nuair a dubhairt sé an focal d’imthigh an lobhra de’n duine láithreach, agus bhí sé glan. 43Agus thug sé foláramh dó agus chuir sé uaidh amach é láithreach, 44Agus dubhairt sé leis: Seachain agus ná h‑innis d’aoinne é, ach imthigh agus taisbeáin tu féin d’uachtarán na sagart, agus tabhair, ar do ghlanadh, [1]na neithe a dh’órduigh Maois, mar fhiadhnaise dhóibh-sin. 45Ach chómh lúath agus chuaidh seisean amach dhírigh sé ar an sgéal a dh’innsint agus do chraobhsgaoileadh, i dtreó nar fhéad Íosa dul isteach go puibilidhe sa chathair, agus gur fhan sé lasmuigh ins na h‑áiteanaibh uaigneacha, agus gur chruinnigh na daoine chuige as gach áird.



CAIBIDIOL II.

An duine a bhí gan lúth a ghéag dá leigheas ag Críost. Maitiú dá ghlaodhach aige. A dheisgiobuil aige ’á chosaint.


1Agus i gcionn rainnt laethanta tháinig sé airis isteach i gCapharnaum. 2Agus do h‑airigheadh go raibh sé i dtigh ann, agus do chruinnigh a lán daoine ann, i dtreó ná raibh slígh dhóibh sa tigh ná ag an ndorus féin, agus bhí an briathar aige d’á labhairt leó. 3Agus tháinig daoine chuige agus duine a bhí gan lúth a ghéag acu, d’á iompar idir cheathrar. 4Agus nuair ná féadfaidís é thabhairt ’n‑a láthair, mar gheall ar an mbrúth, do nochtadar bara an tighe sa n‑áit ’n‑a raibh sé, agus dheineadar osgailt agus do leigeadar síos tríd an osgailt, ’n‑a luighe ar leabaidh, an duine a bí gan lúth. 5Agus nuair a chonaic Íosa an creideamh a bhí acu,

  1. Lebhit. xiv. 2.