Page:Na Cheithre Soisgéil.djvu/101

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.
Caib. II. 6
91
MARCUS

dubhairt sé leis an nduine: A mhic, táid do pheacaí maithte dhuit. 6Agus bhí cuid de sna Sgríbhneóiríbh ann ’n‑a suidhe agus iad ag machtnamh ’n‑a gcroidhe: 7Cad é seo adeir sé seo? Tá diamhasla aige d’á dhéanamh. [1]Cé fhéadfad peacaí mhaitheamh ach Dia amháin? 8Agus bhí a fhios ag Íosa láithreach, i n‑a spioraid féin, an machtnamh a bheith ’n‑a n‑aigne acu-san, agus dubhairt sé leó: Cad chuige dhaoibh an machtnamh san a bheith i nbhúr gcroidhe agaibh? 9Cé ’cu is usa a rádh: Táid do pheacaí maithte dhuit; nó a rádh: Eirigh, agus tóg suas do leabaidh agus siubhluigh? 10Ach, ionus go mbeadh a fhios agaibh go bhfuíl ag Mac an Duine ar an dtalamh so cómhacht chun peacaí mhaitheamh (dubhairt sé leis an nduine gan lúth:) 11Deirim-se leat-sa, Eirigh, agus tóg suas do leabaidh, agus imthigh chun do thighe féin. 12Agus d’eirigh an duine láithreach agus thóg sé suas an leabaidh agus d’imthigh sé, os cómhair a súl go léir, i treó go raibh iongna ortha go léir agus gur thugadar onóir do Dhia, agus, Ní fheacamair riamh a leithéid, a deiridís.

13Agus d’imthigh sé amach airís chun na faraige, agus do lean na daoine go léir é, agus bhí sé ’ghá dteagasg. 14Agus ag gabháil thairis dó do chonaic sé Lébhí, mac Alpheí, ’n‑a shuidhe ag bórd an chusduim agus dubhairt sé leis: Lean-sa mise. Agus d’eirigh seisean agus do lean sé é.

15Agus do thárla, nuair a shuidh sé chun bídh ’n‑a thigh sin, gur shuidh mórán puibliocánach agus mórán peacach i gcuibhreann Íosa agus a dheisgiobul; mar bhí a lán acu ann, agus iad-san ’ghá leanmhaint, leis. 16Agus nuair a chíodh na Sgríbhneóirí agus na Fairisínigh é ag caitheamh bídh i gcuibhreann puibliocánach agus peacach, deiridís le n‑a dheisgiobuil: Cad chuige d’bhúr máighistir-se bheith ag ithe agus ag ól i gcuibhreann puibliocánach agus peacach? 17D’airigh Íosa san, agus dubhairt sé leó: Ní h‑ag daoine slána atá gádh le dochtúir ach ag daoine gan sláinte. Ní chun na bfíoraon do ghlaodhach a thánag-sa [2]ach chun na bpeacach do ghlaodhach.

  1. Iób xiv. 4; Isáias xliii. 25.
  2. 1 Tim. i. 15.