18Agus bhí deisgiobuil Eóin agus na Fairisínigh ag déanamh trosgaidh, agus thánadar chuige agus dubhradar: Cad ’n‑a thaobh go ndeinid deisgiobuil Eóin agus na bhFairisíneach trosgadh, agus ná deinid do dheisgiobuil-se trosgadh? 19Agus dubhairt Íosa leó: An amhlaid is féidir do chlainn na bainise bheith ag déanamh trosgaidh an fhaid atá an céile acu? An fhaid atá an céile acu ’n‑a bhfochair ní féidir dóibh trosgadh dhéanamh; 20Ach tiocfaidh an lá i n‑a dtógfar uatha an céile, agus ansan déanfaid siad trosgadh ins na laethantaibh sin. 21Ní chuireann aoinne píosa d’éadach nua ag deisiú seana-éadaigh; nó má chuireann, béarfaidh an píosa nua leis tuille de’n tseana-éadach, agus méadófar an stracadh. 22Agus ní chuireann aoinne fíon nua i sean-árthaíbh leathair; nó má chuireann, brisfidh an fíon nua na sean-arthaí agus doirtfar an fíon agus caillfar na h‑árthaí; ach is i n‑árthaíbh nua is ceart an fíon nua do chur.
23Agus do thárla, uair eile, an Tighearna agus a dheisgiobuil a bheith ag gabháil tré ghortaibh arbhair sa tsabbóid, agus dhírigh na deisgiobuil, agus iad ag siubhal, ar na diasaibh do stathadh. 24Agus dubhairt na Fairisínigh leis: Féach; Cad chuige dhóibh sin bheith ag déanamh ruda nách dleaghthach a dhéanamh sa tsabbóid? 25Agus dubhairt sé leó: An amhlaidh nár léigheabhair riamh [1]cad a dhein Dáibhid nuair ab éigean dó é dhéanamh, nuair a bhí an t‑ocras air féin agus ar an muintir a bhí i n‑aonfheacht leis? 26Conus mar a chuaidh sé isteach i dtigh Dé i n‑aimsir an árd-shagairt Abiatar, agus conus mar a d’ith sé na bulóga fiadhnaise [2]nár dhleaghthach d’aoinne a dh’ithe ach do sna sagairt, agus thug sé le n‑ithe iad do’n muintir a bhí i n‑aonfheacht leis? 27Agus dubhairt sé leó: Níor deineadh an duine ar son na sabbóide, ach do ceapadh an tsabbóid ar son an duine. 28I gcás go bhfuil Mac an Duine ’n‑a mháighistir ar an sabbóid féin.