Page:Na Cheithre Soisgéil.djvu/103

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.
Caib. III. 1
93
MARCUS


CAIBIDIOL III.

An lámh a bhí feóchta dá leigheas ag Críost. An dáréag dá dtoghadh aige. Na Fairisínigh dá gcur i bpúnc aige, agus an diamasla acu á dhéanamh.


1Agus chuaidh sé isteach airís sa tsinagóig, agus bhí duine ann agus bhí lámh leis feóchta. 2Agus bhíodar ag faire air, féachaint a’ ndéanfadh sé an leigheas sa tsabbóid, i dtreó go gcuirfidís ’n‑a leith é. 3Agus dubhairt sé leis an bhfear: Seasaimh amhach anso i lár baill. 4Agus dubhairt sé leó-san: Cé ’cu is dleaghthach, maith a dhéanamh nó olc a dhéanamh sa tsabbóid? anam duine do shaoradh nó do mhilleadh? Níor labhradar-san focal. 5Agus d’fhéach sé ’n‑a thímpal ortha go feargach, agus bhí brón air mar gheall ar an gcroidhe bheith chómh dall acu, agus dubhairt sé leis an bhfear: Sín do lámh. Do shín; agus bhí an lámh leighiste. 6Agus d’imthigh na Fairisínigh amach láithreach agus chuadar féin agus muintir Héróid i gcómhairle ’n‑a choinnibh féachaint conus a thiocfad leó é mhilleadh.

7Ach d’imthigh Íosa agus a dheisgiobuil chun na faraige; agus do lean pobul mór é a’ Gaililí agus a’ Iúdaéa, 8Agus a’ Ierusalem, agus a h‑Idúméa, agus ó’n dtaobh thall de’n Iórdan, agus muintir na mball tímpal Tuíre agus Sídóin, suathantais daoine a tháinig ag triall air nuair airigheadar a ghníomhartha. 9Agus dubhairt sé le n‑a dheisgiobuil long bheag a choimeád dó, mar gheall ar an sluagh, le h‑eagla go mbrúthfaidís é. 10Óir bhí mórán daoine aige ’á leigheas, agus bhí na daoine go raibh aon ghearán ortha ag brúth isteach air a d’iarraidh teangabháil leis; 11Agus na h‑annspridí truaillighthe, nuair a chídís é, do shléachtaidís dó, agus deiridís go h‑árd: 12Is tusa Mac Dé. Agus thugadh sé órdú dian dóibh gan é dh’fhoillsiú. 13Agus chuaidh sé suas ar an gcnoc agus do ghlaoidh sé chuige na daoine ba thoil leis féin, agus thánadar chuige.

14Agus shocaruigh sé ar dháreág a bheith i n‑a fhochair, agus go gcuirfeadh sé ag craobhsgaoileadh iad. 15Agus thug sé cumas dóibh ar ghalaraibh do leigheas agus ar