Jump to content

Page:Na Cheithre Soisgéil.djvu/104

From Wikisource
This page has been proofread.
94
Caib. III. 16
MARCUS

dheamhnaibh do chur amach. 16Agus thug sé Peadar mar ainim ar Shímón. 17Agus Séamus mac Sebedé agus Eóin a dhritháir, agus thug sé Bóanerges ortha, sé sin maca tóirthnighe. 18Agus Aindrias, agus Pilib, agus Párthalán, agus Maitiú, agus Tomás, agus Séamus mac Alpheí, agus Taddeus, agus Símón an Canáníteach, 19Agus Iúdás Iscariót, an fear a dhíol é.

20Agus thánadar chun an tighe, agus tháinig an tsluagh airís i dtreó nár bh’fhéidir dóibh fiú bia do chaitheamh. 21Agus nuair airigh a mhuíntir féin é do chuadar amach chun beirthe air, mar dubhradar: Is as a mheabhair atá sé. 22Agus na Sgríbhneóirí a tháinig anuas ó Ierúsalem, [1]dubhradar gur bh’é Beelsebub a bhí istigh ann, agus gur le cómhacht rí na ndeamhan a bhí sé ag cur na ndeamhan amach. 23Agus do ghlaoidh sé chuige iad, agus do labhair sé leó i soluídíbh: Conus fhéadfadh Sátan Sátan do chur amach? 24Agus má bhíonn rígheacht deighilte ’n‑a coinnibh féin ní féidir do’n rígheacht san seasamh: 25Agus má bíonn teaghlach ag gabháil i gcoinnibh a chéile ’n‑a chodaibh ní féidir do’n teaghlach san seasamh; 26Agus má eirigheann Sátan ’n‑a choinnibh féin, tá se ’n‑a chodaibh ranntha, agus ní féidir dó seasamh, agus tá deire leis. 27Ní féidir do dhuine dul isteach i dtigh fir láidir agus a chuid d’fhuadach, mura ndeinidh sé an fear láidir do cheangal ar dtúis, agus ansan féadfaidh sé a thigh do robáil. [2]28Go deimhin adeirim libh, maithfar do’n chine daona gach peacadh agus gach diamhasla d’á ndéanfaid siad; 29Ach an t‑é a dhéanfaidh diamhasla i n‑aghaidh an Spioraid Naoimh, ní bheidh maitheamhnachas go deó aige le fághail, ach beidh sé ciontach i bpeacadh shíoruidhe. 30Mar go ndubhradar: Is annsprid truaillighthe atá aige.

31Agus tháinig a mháthair agus a bhráithre agus bhíodar ’n‑a seasamh amuigh, agus chuireadar teachtaireacht isteach ag glaodhach air. 32Agus bhí na daone ’n‑a suidhe ’n‑a thímpal, agus dubhradar leis: Féach, tá do mháthair agus do bhráithre amuigh agus, iad at’ lorg. 33Agus dubhairt sé leó ’ghá bhfreagra: Cé h‑iad mo mháthair-se agus mo bhráithre? 34Agus d’fhéach sé ’n‑a thimpal ar