Page:Na Cheithre Soisgéil.djvu/289

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.
Caib. XVIII. 36
279
EÓIN

a thug suas dómh-sa thú. Cad ’tá déanta agat? 36D’fhreagair Íosa: Ní bhaineann mo rígheacht-sa leis an saoghal so. Dá mbaineadh mo rígheacht leis an saoghal so ní baoghal ná go dtroidfeadh mo mhuintir ionus ná tabharfaí suas do sna Iúdaigh mé: ach anois ní h-as so atá mo rígheacht-sa. 37Ansan dubhairt Pílát: An rí thu, mar sin? D’fhreagair Íosa: Mar adeirir, is rí mé. Is chuige do rugadh mise, agus is chuige do thánag ar an saoghal, chun go ndéanfainn fiadhnaise do’n bhfírinne. Gach n-aon a bhaineann leis an bhfírinne, éisteann sé le m’ ghlór-sa. 38Deir Pílát leis: Cad is fírinne ann? Agus nuair adubhairt sé an focal san d’imthigh sé amach airís chun na n-Iúdach, agus dubhairt sé leó: Ní bhfaghaim-se coir ar bith ann. 39[1]Ach is nós agaibh-se go leigfinn duine saor chúghaibh uim Cháisg; an mian libh, mar sin, go leigfinn saor chúghaibh rí na n-Iúdach? 40Ansan do liúghadar go léir airís agus dubhradar: Ná leig saor é seo, ach Barabbas. Agus bitheamhnach ab eadh Barabbas.



CAIBIDIOL XIX.

Tuairisg ar Pháis Chríost ar leanmhaint.


1Agus ansan do thóg Pílát Íosa, agus [2]do sgiúrsáil sé é. 2Agus d’fhígheadar na saighdiúirí coróinn dheilgneach, agus chuireadar ar a cheann í, agus chuireadar éadach corcra uime. 3Agus thagaidís chuige agus deiridís: Go mbeannuighthear duit, a rí na n-Iúdach; agus do bhuailidís dóirne air. 4Ansan do chuaidh Pílát amach airís, agus dubhairt sé leó: Féach, táim ’ghá thabhairt chúghaibh amach, go dtuigfeadh sibh ná faghaim aon choir ann. 5Agus tháinig Íosa amach agus an choróinn dheilgneach air agus an brat corcra uime. Agus dubhairt seisean leó: Féach an duine! 6Agus nuair a chonaic na h-árd-shagairt agus a n-oificeacha é do liúghadar agus dubhradar: Céas é, céas é. Dubhairt Pílát leó: Tógaidh féin é, agus céasaidh é; óir