Page:Na Cheithre Soisgéil.djvu/288

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.
278
Caib. XVIII. 22
EÓIN

22Nuair adubhairt sé an méid sin do bhuail seirbhíseach a bhí láithreach buille bhais ar Íosa agus dubhairt sé; An mar sin a thugann tú freagra ar an árdshagart? 23D’fhreagair Íosa é: Má’s olc mo chaint, tabhair fiadhnaise ar an olc; má’s maith í, cad chuige dhuit mé bhualadh? 24[1]Ansan do chuir Annas uaidh é gabhtha ag triall ar Cháiphas an t-árdshagart.

25Ach bhí Símón Peadar ’n-a sheasamh ’ghá théidh féin. [2]Agus dubhradar leis: Nách duine d’á dheisgiobuil siúd thusa leis? Do shéan seisean agus dubhairt sé: Ní h-eadh. 26Ansan dubhairt duine de sheirbhísigh an árdshagairt, gaol do’n fhear gur bhain Peadar an chluas de: Ná feaca-sa thu sa gháirdín i n’fhochair? 27Do shéan Peadar airís: agus do ghlaoidh an coileach láithreach.


28Ansan do rugadar Íosa leó ó Cháiphas go dtí an [3]Praetórium. Bhí sé ’n-a mhaidin an uair sin, agus níor chuadar féin isteach sa halla, i [4]dtreó ná truailleófaí iad, agus go n-íosfaidís an cháisg. 29Uime sin do chuaidh Pílát amach ag triall ortha, agus dubhairt sé: Cad ’tá agaibh ’á chur i leith an duine seo? 30D’fhreagradar agus dubhradar leis: Mura mbeadh é seo bheith ’n-a chuirptheach ní thabharfaimís ag triall ort-sa é. 31Dubhairt Pílát leó: Tógaidh féin é agus tugaidh breith air do réir bhúr ndlighe féin. Agus dubhairt na Iúdaigh leis: Ní’l ceaduighthe dhúinne aoinne chur chun báis. 32[5]Ionus go gcómhlíonfaí focal Íosa, an focal adubhairt sé ’ghá chur i n-iúil cad é an bás a gheobhadh sé.

33Ansan [6]do chuaidh Pílát isteach sa chúirt airís, agus ghlaoidh sé chuige Íosa agus dubhairt sé leis: An tusa rí na n-Iúdach? 34D’fhreagair Íosa: An uait féin a deirir-se an nídh sin, nó an daoine eile d’innis duit é am’ thaobh-sa? 35D’fhreagair Pílát: An Iúdach mise? Do dhaoine féin agus na h-árdshagairt isiad